http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3158&viewby=date quote:
Is Polannach mé agus tá mé i mo chónaí i gcathair bheag thionsclaíoch i lár na tíre. Ní raibh mé ag obair in Éirinn riamh agus níl mé anois. Cuireann sé an-iontas ar Éireannaigh i gcónaí go bhfuil Gaeilge agam.
Ní thuigeann siad cén fáth go bhfuil mé á foghlaim, más gan tairbhe dom a leithéid a dhéanamh. Agus tá mise ag foghlaim Gaeilge mar tá sí ann, cé gur daoradh chun báis í. Tá sí seanda agus rúnda, an-spéisiúil agus an-chasta.
Is fánach an ait ina bhfaighfeá Gaeilgeoir...