Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, April 13, 2008 - 09:09 am: |
|
How to pronounce the word "Fáisc" correctly-thanks |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 716 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, April 13, 2008 - 10:16 am: |
|
Fawshk, more or less. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 268 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, April 13, 2008 - 04:00 pm: |
|
Or fashk! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 721 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, April 13, 2008 - 05:13 pm: |
|
Sin ba bhrí leis an "more or less" agam. (Agus in ainm Dé ná hiarr orm cé acu an "more" nó an "less" a bhí ann!) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 2 Registered: 03-2008
| Posted on Sunday, April 13, 2008 - 05:38 pm: |
|
"Faw-ishk" is my phoenetic rendering of the word,with the "ishk" bit pronounced like uisc in the word uisce. |
|
Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Post Number: 424 Registered: 09-2006
| Posted on Sunday, April 13, 2008 - 06:11 pm: |
|
"Faw-ishk" is my phoenetic rendering of the word,with the "ishk" bit pronounced like uisc in the word uisce. And how do you pronounce uisce, phonetically? :) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2352 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, April 13, 2008 - 06:47 pm: |
|
The i is only there to show that -sc is slender... You don't pronounce it. In Donegal we'd say: "FWAASHK" (roughly). Roughly, "uisce" is pronounced "ish-kyih". Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Ingeborg
Member Username: Ingeborg
Post Number: 44 Registered: 03-2008
| Posted on Monday, April 14, 2008 - 02:59 am: |
|
quote:Roughly, "uisce" is pronounced "ish-kyih". Is the first vowel in "uisce" only an orthographic relic or does it broaden the article? So an t-uisce is [ətʷiʃcə] or [ətiʃcə]? |
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 3 Registered: 03-2008
| Posted on Monday, April 14, 2008 - 08:13 am: |
|
A Dhonaill, deabhal fhios a'am;ach bain triall as seo: "Bhi Peadar ar mish-ke, 'S a bhean ag ol ish-ke" Sean rann a chuala me nuair a bhi me in mo ghasur - agus ni shin inniu na inne! Gabh mo leisceal,nil me in ann sine fada a chur ar litriochai leis an deabhal machine seo! |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 492 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, April 14, 2008 - 09:02 am: |
|
To me (but not been a native, of course) I hear 'isice' and 'a tuisce', but I'm not reliable le díol
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2353 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, April 14, 2008 - 11:55 am: |
|
Ingeborg > now the u- is only there to show that the preceding consonant (of the article, or a prefix) is broad. An t-uisce > [ə ˈt̪ˠɪʃcɪ]. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 469 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 09:07 am: |
|
A Sheáin, a chara! Cé raibh an cliabhán úd as a bhfuil Gaeilge agat =)) .i. cé as thú, mara miste leat mé a bheith ag fiafraí? Tá daoine ann ar an mbord seo a bhfuil an-tóir acab ar Ghaeilge na Gaillimhe, mise san áireamh. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 5 Registered: 03-2008
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 01:23 pm: |
|
Go raibh maith agat a Pheadair. Mhanam nach miste liom ce'n cheist a chuirfidh duine ar bith orm! Is as ceanntar na Fairche i g-Contae na Gaillimhe me.Tai'm a cheapadh go raibh amhras a'd go bhur as Gaillimh me!Arnoidh ta cionna mhor a'am fhein ar Ghaeilge Chonnachta;ach sin raite,ta cionna a'm ar an Ghaeilge is cuma ce ann cheanntar an as i no ce'n channuint ina bhuil si! Fogra tabhacht: na biodh duine a bith ag foghlaim litriu as mo phiosai sa! |
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 8 Registered: 03-2008
| Posted on Saturday, April 19, 2008 - 10:44 am: |
|
Domhnall, apologies for not making some attempt to spell uisce phoenetically as you requested. I think the following will give a fairly accurate idea of the pronounciatin: Take the w from the word wish and and the b from cab,and put togrther like this: ISH-CA. Not very scientific maybe, but it's the best I can do. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 478 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, April 21, 2008 - 07:56 am: |
|
A Sheáin! Muise, deabhal aimhreas ar bith a bhí orm! Bhí cupla rud i do chéad teachtaireacht thuas a chuir ina loighe orm gurb as Gaeltacht Chonamara thú, sular oscail mé do profile =)) Ní minic a chastar le cainteoirí dúchasacha ar an suíomh seo, tá sé go hiontach go bhfuil tú sásta páirt a ghlacadh sna comhráití agus argóintí anseo. (Message edited by peter on April 21, 2008) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 10 Registered: 03-2008
| Posted on Monday, April 21, 2008 - 05:04 pm: |
|
A Pheadair, Go raibh maith agat. Arnoigh, ni "aimhreas" an focal ba mhian liom a usaid - seard ba cheart dom a ra na,"Bhi tuairm agat gurb as Gaillimh me"! Arnoigh ni mac leinn me. Is siuneara me - me eirightha as anois ceard 's mointe de job annseo 's innsiud. Bainim ann taineamh as an siodh seo; is deas an caitheamh aimsire e agus ag an am ceanna taim ag deanamh cleachta ar an Ghaeilge a scriobh. Is mor an t-ardu croi e a fheiceal go bhuil daoine oga mar sibse ag cur an oiread sin suim san Ghaeilge. Ni chaillfar go deo i fad 's ta de leithide ann! |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 483 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 11:45 am: |
|
A Sheáin, Fuair mé an Fhairche ar an mapa – ní raibh tuairim faoin spéir a’m an chéad uair cé bhfuil an áit seo – agus an-iontas a rinne mé dhó! Bhí dul amú orm agus mé ag baint Gaeilge Chontae na Gaillimhe go mórmhór leis an gcósta thiar. Níor shamhlaigh mé gurb as Gaillimh ó thuaidh ó dhúchas thú! Le mo linnsa níor casadh cainteoirí Gaeilge as an áit seo liom! Muis, deabhal baol ar bith nach ionann an Ghaeilge seo agaibhse agus caint chósta Chonamara! quote:Arnoigh ni mac leinn me Níl mé i mo mhac léinn faoi láithir, ach níl a fhios céard a thárlós sna blianta atá amach romhainn, seans go bhfillfidh mé ar ais ar an ollscoil (buíochas le Dia níl mé ach fiche a dó…). quote: Is mor an t-ardu croi e a fheiceal go bhuil daoine oga mar sibse ag cur an oiread sin suim san Ghaeilge. Ni chaillfar go deo i fad 's ta de leithide ann! Tá an ceart a’d gur mór an t-áthas é agus daoine as chuile cheaird den domhain a bheith ag castáil ar a chéile agus ag spreagadh Gaeilge anseo. Ar ndóigh, thug tú faoi deara cé liachtaí fear agus bean eachtrannach atá ina mbaill rialta ar an suíomh seo. Sin peaca nar thug mé cuairt ar do cheantar-sa agus mé thiar i nGaillimh tá bliain ó shin. Déanta na fírinne, ní chreidfinn mo dhá shúil a dheiseacht is tá an taobh ó thuaidh ag breathnú – Leitir Fraic, bóithrí cúnga cama ón gClochán go dtí an Teach Dóite, lochanna i measc na gcnoic. Tá tú lucky agus an oiread sin áilleacht thar timpeall ort! (Message edited by peter on April 22, 2008) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 12 Registered: 03-2008
| Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 06:22 pm: |
|
I g-cenntar na Fairche nil an Ghaeilge ag gach duine. Ach ta si beo go maith ins na reigiunach sleifte thart timpeall air - An Chloich Bhreac,mar shompla, agus i g- Cornamona. San m-baile fearran a togadh mise, dha mhile as baile beag na Fairche, ta na sean daoine a labhair Gaeilge mar a g-cead theanga imithe ar fad ar Shli na Firrine,go n-deanfaidh Dia grasta orthu. Agus ansinn ta Gaeilgeoiri ann a bhuil cinneal leisce orthu i a labhairt; is deacair a ra ce'n fa,beidir go bhuil siad a deanamh ceangal fos eidir an Ghaeilge agus an bhoichteannacht - rud a bhi fior go leor san aimsir a ta caite. An te a thabharfach cuairt ar an Fhairche den chead uair,ni chuirfinn mileann orthu da g-ceapfadh siad nach bhuil Gaeilge ar bith ann. Ach ta si ag furmhor na n-daoine, cuid acu nios liofa na cuid eile. B'fiu duit cuairt a thabhairt ar an ait an chead uair eil a bheis tu i n-Gallaigh. 'Se mo chomhairle duit,agus de gach duine og eile,leannuint leat leis an scoiliocht. Ni uallach i an fholaim! Ta neart ama agat fos, buiochas le Dia - ta tu go direach dha scor bliana nios oige na mise! Ach, ni airreoch tu an tam ag sciorradh thart - na fag go dti an la amarach an rud is feidir a dheanamh inniu! |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 486 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 11:49 am: |
|
A Sheáin, fuair mé cupla pictiúr ar an Idirlíon den áit a bhfuil tú ag inseacht faoi. Mh’anam go bhfuil an limistéar seo ag breathnú go hiontach! Sin peaca nach bhfuil mórán eolais le fáil faoi Chonamara ó thuaidh, ach mar sin féin chuir tú ina loighe orm gur fiú turas a thabhairt chomh fada libhse go háirid nuair a bhíonns fonn iascaireacht ort, ar fíor sin? quote:na fag go dti an la amarach an rud is feidir a dheanamh inniu! Tá an an ceart agat. Dála an scéil, sin díreach a deirtear i mo theanga féin é, focal ar fhocal. Ar ndóigh, tá an saol arthaithe agus ag éirí níos boige ar fud an doimhain fhorbartha, agus fiú’s sa Rúis. Sin ráite, níltear go do bhrú d’easpa oibre ná de bharr ganntan agus boichteacht le hais mar a bhíodh. Buíochas le Dia, táthar ag éirí níos flexible agus is féidir leat do rogha rud a dhéanamh, idir obair agus scolaíocht. Dála an scéil, an bhfuil focla nó nathanna suntasacha Gaeilge i do chanúint féin nach bhfuil ag muintir an chósta thiair ná Tuar Mhic Éadaigh, cuir i gcás? Mar shampla, deirtear “tithe” i gCois Fharraige ach séard tá le clos i gCarna “titheabhaí” amach is amach, a leithide de rud. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 14 Registered: 03-2008
| Posted on Thursday, April 24, 2008 - 01:37 pm: |
|
A Pheadair, chur tu ag machnamh me. B'a as Rosmuc i g-Conamara mo mhaithir,agus as an Fhairche m'athair. Ce nach raibh an da cheanntar nios mo na fiche mile o cheile, bhi a leagan fhein ag an bheirt acu ar go leor foclai. Mar shompla, dearfach m'athair Cornamunu(sine fada ar an chead "U'- nil an deabhal seo machine in ann sine fada a chur ar litriocha), agus d'earfach mo mhathair Cornamuna; talamh is focal eile a chuirfeadh m'athair "u" le na dheireadh, chuirfeadh mo mhathair "a" leis. Ach ni raibh intu ach difriochta beaga; thuigfeadh an da dhream ceard a bhioch i g-ceist ag a cheile. Ni feidir liom cuimniu ar aon fhoclai eile le tabhairt dhuit mar shamplai faoi lathair. Le freagra a thabhairt duit faoin iascaireacht, ta an da loch Measc agus Coirib go maith; Loch Measca nios fearr na an Choirib,dearfinn, ach go bhuil si ann chontuireacht den te nach bhuil eolas maith acu oirthi mar ta go leor carraigreacha innti. Mholfainn do einne a ta ag doil ag iascaireacht ar aon cheann acu giolla a thogail. |
|