Author |
Message |
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 260 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, March 30, 2008 - 08:52 am: |
|
Fuair mé féin agus roinnt daoine eile rphost ónár gcara Daithí Mac Lochlainn ina dtaispeánann sé litir a fuair sé ó Michael O'Leary faoi úsáid na Gaeilge ar eitiltí Ryanair. Tá an litir binbeach, sotalach agus frithGhaelach. BAGHCAT RYANAIR a deirimse. |
|
Míshásta (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, March 30, 2008 - 10:01 am: |
|
An bhfuil tú a rá liom nár chóir dom Ryanair a úsáid má theastaíonn uaim dul go B agus eitilt dhíreach á cur ar fáil ag Ryanair amháin, nó eitilt atá á tairiscint ag luach i bhfad níos saoire ná aerlíne eile. Déanaim comhbhrón led' chara faoin litir mhímhúinte a fuair sé ó Mhícheál - ach feachtas baghcait???. Beidh Mícheál bocht ag crith ina bhróga. Beidh scaranna Ryanair ag titim go tóin poill nuair a chloiseann an stocmhalartán faoin bhfeachtas seo. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 261 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, March 30, 2008 - 11:02 am: |
|
Tuigeann tú ar ndóigh a Mhíshásta nach ceist airgid í seo ach ceist phrionsabail. Seans nach baghcat an bealach chun tosaigh ach mar a deir Na Ceithearna Coille ar a suíomh idirlín, b'fhéidir go mbeadh sé deas greamaitheoir Gaeilge bheith in éineacht leat nuair a bhíonn tú ag taisteal le Ryanair as seo amach. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 191 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, March 30, 2008 - 11:38 am: |
|
Cad a deir se? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 262 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, March 30, 2008 - 01:49 pm: |
|
Tá sé príobháideach, fágfaidh mé ag Daithí é an téacs féin a chur suas. Níl aon amhras áfach go bhfuil caint O'Leary iontach láidir i gcoinne na Gaeilge. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6881 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, March 30, 2008 - 03:41 pm: |
|
Rud nach gcuireann lá iontais orm. Níl tuiscint aige ach don bhrabach. Chuige sin a cuireadh san áit ina bhfuil sé é. Is dócha gurbh baghcat an freagra cheart ar sin, ach tá amhras orm faoi - seans go dtiocfadh sé i dtír ar ó thaobh margaíochta de ar slí éigin. Ní thig náire a chuir air - agus ó tharla gur dream beag sinne, sin arm luachmhar in easnamh orainn. |
|