AJ (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
Posted on Tuesday, March 25, 2008 - 04:58 pm:
Ag lorg eolais faoin ngearrscéal ag deireadh an 19ú haois in Eirinn agus go luath sa 20ú haois: athbheochan na Gaeilge, an duine aonair agus a thimpeallacht. Cá bhfaighidh mé an eolas seo? Níl sé sa leabharlann leictreonaich le Coláiste Hibernia.
Tá scrúdú agam agus mar sin tá an eolas seo ar fháil agam.
N'fheadar an bhfaighidh tú mórán le dealramh ar líne. An bhfuil teacht agat ar aon leabharlann?
Ní ritheann aon foinse liom. Go bhfios dom is beag duine a bhí ag scríobh gearrscéalta san am sin. An Piarsach, seans. Agus Ó Conaire. Máire? Cad is brí le "deireadh an 19ú haois in Éirinn agus go luath sa 20ú haois"?
Déarfainn gur mhór an áis duit an cnuasach "Gearrscéalta an Chéid" (Denvir agus Ní Dhonnchadha, eag.) Tá réamhrá ann a phléann stair an ghearrscéil Ghaelaí.