quote:Except that modern prep+article is not continuation of ancient accusative, buts is a mix of dative and accusative
I'm moving this from the already bulky thread where it originated. And I'm explaining it in Irish, as requested.
Fadó, fadó, nuair a bhí Cú Chulainn beo... bhíodh tuiseal áinsíoch agus tuiseal tabharthach ag an nGaeilge. Thagadh an áinsíoch ar lorg cuid de na réamhfhocail (la, fri, im, c, etc.), agus an tabharthach ar lorg cuid eile (di, do, íar, ó, etc.). Agus bhíodh réamhfhocail AC/DC (= accusative case / dative case!) ann freisin, ar nós "i, ar, fo, for".
Mar seo a oibríonn na réamhfhocail AC/DC sa tSean-Ghaeilge:
1) Má tá gluaiseacht i gceist, baintear úsáid as an tuiseal áinsíoch:
isin tech = into the house
forsin tech = onto the house
isin (g)cath = into the battle
2) Mura bhfuil gluaiseacht i gceist, baintear úsáid as an tuiseal tabharthach:
isin tig = in the house
forsin tig = on the house
isin chath = in the battle
Faoin am a bhí Seathrún Céitinn ag scríobh, áfach, ní dhearna seisean an t-idirdhéalú sin go rialta. An mhalairt ar fad: bhain sé úsáid as
san chath agus
san gcath gan idirdhealú ar bith.
Séard a tharla i gcaint na ndaoine ná go ndeachaidh cuid de na canúintí le "sa + urú" agus cuid eile le "sa + séimhiú". Agus ghlac cuid acu le "teach" agus cuid eile le "tigh" mar phríomhfhoirm an fhocail sin.
sa chath
Tá tigh aige. vs.
sa gcath
Tá teach aige. Nach suimiúil é sin?