Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 186 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 01:21 pm: |
|
The day has arrived and Nos* has arrived, bainigi sult! http://www.nosmag.com/eagrain/eagrain.html |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3538 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 01:56 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Gh, as é seo a chur ar ár súile dúinn! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 187 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 02:15 pm: |
|
Cad do bharamhail air? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 252 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 02:18 pm: |
|
Tá sé dochreidte maith! Ceart agus cóir dóibh! Ar léigh sibh an t-alt collaíochta? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 188 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 02:45 pm: |
|
Leigh mise Ta/ me/ ag su/il leis an che/ad sce/al eile uaithi sin!!!!! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 187 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 07:41 pm: |
|
Tá sé seo dochreidte fuar. Buille faoi thuairim cé atá taobh thiar de? Ní luaitear aon ainm ann, ach déarfainn féin go bhfuil cuma na nGael Óg air... Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3539 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 07:48 pm: |
|
quote:Tá sé seo dochreidte fuar. Fuar? .i. cúl?? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 421 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, March 17, 2008 - 08:35 pm: |
|
Nílim 'fuar go leor' a léamh é! le díol
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 188 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 05:49 am: |
|
Ná bí buartha. Éireoidh cúrsaí níos teo agus leathanach na collaíochta sroichte agat. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Cuairteoir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 06:59 am: |
|
Is é 'fionnuar' an focal gan aon agó - tá sé ar fheabhas! Díreach an rud a bhí ag teastáil uainn. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 688 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 10:53 am: |
|
D'alp mé an rud uilig aréir. Cé chomh fada go dtí go dtiocfaidh eagrán eile amach?! Roinnt smaointe fánacha: - Mo cheol iad as an bpíosa úd i nGaeilge na hAlban a chur isteach! Sin maitheas nach raibh súil agam leis. - Ní mór mo spéis-se sa gceol a bhí siad a léirmheas, ach ní raibh súil agam lena mhalairt. Measaim féin go bhfuil taste ar leith agam. Tá na léirmheasanna scannáin an-áisiúil ar aon nós. - Tá cuma breá snasta uirthi ó thaobh deartha agus clódóireachta de (ach measaim go mbaintear an iomarca úsáide as aon chló amháin, b'fhéidir.) - Hmm. Níor mhiste dhom cúpla ceann de na T-léinte sin a fháil... Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 05:48 pm: |
|
Tá Éire na naomh agus n-ollamh ar lár; Éire na saofachta agus na seafóide a bheidh ann feasta. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 189 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 06:11 pm: |
|
Caide a chuir isteach ort? Daoine oga ag bualadh le cheile taobh amuigh na siopai no rud eigin? Seans nach raibh tu in inmhe meancog a fhail? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 253 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 07:53 pm: |
|
Nach Grumpy Old Fogey an t-ainm fóisteanach duitse a mhac! nós* abú a deirim féin! |
|
Croí Óg (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 09:01 am: |
|
Ceapaim féin go bhfuil sé iontach go bhfuil gach gné den saol nua seo á chlúdach agus faoi chaibidil as Gaeilge. Maith iad lucht nós*. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 190 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 04:35 pm: |
|
Ta suil agam bo mbeidh an dara eagran chomh maith ceanna! sin an teist. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 689 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 06:04 pm: |
|
quote:Tá Éire na naomh agus n-ollamh ar lár; Éire na saofachta agus na seafóide a bheidh ann feasta. Dála chuile thír eile ar domhan, más ea. Éist, más seafóid atá uainn nach bhfuil sé chomh maith í a chur ar fáil dúinn inár rogha teanga? Nó mura dtaitníonn sé leat, tá lánchead agat feachtas de do chuid féin a dhéanamh ina aghaidh. Smaoinigh air. Nár bhreá tarraingteach an mana é? "An Ghaeilge: Teanga na n Grownups." Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1369 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, March 26, 2008 - 06:42 pm: |
|
Léigh mé féin é agus caithfidh mé a rá go raibh mé fíorthógtha leis!! Ag súil go mór leis an bpíosa sa chéad eagran eile mar gheall ar uachtar reoite atáim ;) Tá's agam go maith cé atá taobh thiar den rud, na usual suspects atá ann agus mo mholadh nach beag iad as ucht an sárobair atá ar siúl acu!! Dé dhéanta na fírinne MBM a chara, tá an-ionadh orm nach bhfuil a fhios agatsa cé atá taobh thiar de agus muintir Fiontar id thimpeall! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 258 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, March 27, 2008 - 08:16 am: |
|
Níl mórán de lucht Fiontar bainteach leis go bhfios domh! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1371 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, March 27, 2008 - 08:32 pm: |
|
Ah ha! Ní dúirt mise go raibh aon baint ag muintir Fiontar leis, ach b'fhéidir go mbeadh siadsan ar an eolas futhu ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 189 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, March 31, 2008 - 06:34 am: |
|
Faraor, ní "CIA na Gaeilge" é Fiontar. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6887 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, March 31, 2008 - 08:24 am: |
|
Faraor? Buíochas le Dia! |
|