Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3531 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 01:43 pm: |
|
D'oscail Gallagher an nuachtán ar maidin. Cuireadh uafás air nuair a léigh sé i gcolún na marbh go bhfuair sé féin bás. Chuir sé glao ar Finney ar an toirt. "An bhfaca tú an nuachtán?" arsa Gallagher. "Deirtear go bhfuair mé bas!!!" "Chonaic," a deir Finney. "Cad as a bhfuil tú ag glaoch?" (Message edited by dennis on March 16, 2008) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 34 Registered: 10-2007
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 02:05 pm: |
|
Maith thú a Dhennis, an-mhaith ar fad! Tír gan teanga, tír gan anam.
|
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 399 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 05:40 am: |
|
Arsa Maidhc agus é ag léamh na fograí báis sa nuachtán "Cén fáth a bhfaigheann daoine bás in eagar abítreach?" FRC |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3542 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, March 18, 2008 - 09:37 pm: |
|
Seo scéilín eile faoin mbás. Níl a fhios agam an scéal grinn é, ach tá punch line ann. Thóg an fear seo -- fear uasal, fear saibhir -- teach mór nua. Thug sé cuireadh don a lán daoine mór-le-rá dinnéar a chaitheamh leis ina theach nua, sagart Zen ina measc. (Sa tSeapáin atáimid sa scéilín seo.) Nuair a bhí haíonna go léir cruinn, d'iarr mo dhuine (samurai a bhí ann, is dócha) ar an sagart cúpla focal ádhúla a scríobh le haghaidh na hócáide. Tugadh páipéar agus dubh dó. Rinne an sagart a mhachnamh, ansin thóg sé an scuab agus scríobh go sciobtha "Faigheann seanathair bás, faigheann athair bás, faigheann mac bás." Léigh an samurai na focail agus tháinig fearg air. "Nach dána an mhaise duit rud chomh mí-ádhúil sin a scríobh?!? Ba cheart dom..." "Tóg go bog é," a dúirt an sagart. "Agus smaoinigh air. Dá bhfaigheadh an mac bás roimh a athair, nó an t-athair bás roimh a athair féin, crá croí a bheadh ann! Ní mar sin a bheas sé sa teach seo." "Tuigim," arsa an samurai, á umhlú féin go talamh roimh an sagart. "Go raibh maith agat!" "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 450 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 02:49 am: |
|
Ós sa tSeapáin atá muid, nach mba cheart leis an samurai ar dtús léimt de sciotán ar a chosa agus a chlaidhmhe a chur isteach thrí bhráid an tsagairt? Ansin i ndiaidh an punch line curtha ar láthair dhó thiocfadh aithrí thoirní ar an samurai agus é dhá chaitheamh féin ar a chlaidhmhe ar an toirt boise… 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
|