mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (March- April) » Archive through March 17, 2008 » Fine Gael - Páirtí gan gá le Gaeilge. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 218
Registered: 10-2004


Posted on Thursday, February 28, 2008 - 10:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

It appears that Irish Speakers aren't interested in joining the FG party. Forms for admission to the party are available on their website in Russian, Polish, Lithuanian,
etc but according to a party spokesman - speaking in double Dutch no doubt - says there is no requirement for forms in Irish according to Colm Ó Broin's article in today's Lá Nua:

>>‘Éileamh ar bith’ ó Ghaeil ar fhoirmeacha ballraíochta Fhine Gael.

Tá sé ráite ag Fine Gael nach bhfuil éileamh i measc ábhair bhaill de chuid an pháirtí ar fhoirmeacha ballraíochta i nGaeilge.

Tá foirmeacha ballraíochta agus teachtaireacht fáiltithe curtha ar fáil le déanaí ar shuíomh idirlín Fhine Gael, www.finegeal.ie, i bPolainnis, i Liotuáinis agus i Rúisis de bharr éilimh ó chainteoirí na dteangacha sin atá ina gcónaí in Éirinn.

Nuair a ceistíodh cén fáth nach raibh na foirmeacha ar fáil i nGaeilge, dúirt urlabhraí an pháirtí nach raibh éileamh ar bith ann orthu.

“Níor tháinig aon duine chugainn ag lorg foirm bhallraíochta i nGaeilge, sin an fáth nach bhfuil ceann ann. Glacann muid leis nach bhfuiltear á lorg toisc go mbeadh Béarla agus Gaeilge ag daoine atá ag iarraidh a bheith ina mball den pháirtí.”

Dúirt an t-urlabhraí nach raibh Fine Gael sásta leagan Gaeilge den fhoirm bhallraíochta a chur ar shuíomh idirlín an pháirtí mar ‘chomhartha dea-thola’ ach go gcuirfidís ceann ar fáil dá mbeadh éileamh ar a leithéid ón bpobal.
“Tá éileamh faighte againn ar fhoirmeacha sna teangacha eile; tháinig daoine chugainn ag lorg na bhfoirmeacha agus bhí muid lánsásta iad a chur ar fáil,” arsa an t-urlabhraí.

“Bíonn daoine ón Pholainn agus ó thíortha eile i dteagmháil le comhairleoirí agus le polaiteoirí eile de chuid Fhine Gael go rialta agus is é an rud atá cloiste agam ná gur chuir siad suntas sa mhéid a rinne an páirtí agus inár gcuid polasaithe agus go bhfuil siad ag iarraidh a bheith gníomhach sa pháirtí dá bharr sin.

Tá ‘creatlach’ Ghaeilge curtha ar roinnt suíomh de chuid pháirtithe polaitiúla na tíre, ina measc, Fianna Fáil, An Comhaontas Glas agus Sinn Féin, cé go bhfuil formhór an ábhair ar na suímh i mBéarla amháin.

Níl leagan Gaeilge dá suíomh forbartha ag Fine Gael, ag Páirtí an Lucht Oibre, ag an SDLP nó ag an bPáirtí Daonlathach ach dúirt urlabhraí Fhine Gael go raibh athdhearadh á bheartú dá suíomh agus go bhféadfaidís breathnú ansin ar na féidearthachtaí a bhainfeadh le suíomh dátheangach Béarla-Gaeilge a fhorbairt.

Is é Páirtí Cumanach na hÉireann an t-aon pháirtí in Éirinn le suíomh idirlín atá go hiomlán dátheangach.

Tá suíomh idirlín an pháirtí Bhreatnaigh, Plaid Cymru, ar fáil go hiomlán i mBreatnais agus i mBéarla agus tá an bogearra atá in úsáid air socraithe ionas nach féidir eolas i mBéarla amháin a chur ar an suíomh.<<

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce



©Daltaí na Gaeilge