mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (January- February) » Archive through February 27, 2008 » Cloch Phréacháin « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 430
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, February 14, 2008 - 04:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Haigh!


“Ba é seo cloch phréacháin an tsaoil sóisialta i mBaile an Chaisil.”

Agus mé ag léamh Ná Lig Sinn i gCathú, tháinig mé air seo thuas. I dtaca leis gcomhthéacs, sa gcuid seo tá Breandán Ó hÉithir ag cur as faoin gcuineál daoine a d’fhreastalaíodh ar Óstlann Stáisiún Traenach Bhaile an Chaisil agus faoi céardós foirgneamh a bhí ann is an taobh istigh agus rud. Taitníonn go mór liom “cloch phréacháin” mar meafar ar “áit is mó a mbíonn daoine ag castáil ar a chéile” (is dóigh), ach deabhal cruthú a fuair mé air seo sna foclóirí seo a’msa. An gnáthmeafar é seo nó ruidín nua-chumtha ag an Árannach, seans?

Peter

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 431
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, February 14, 2008 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Attainment of the highest point in the building often called for some special note or celebration. The highest point was generally considered to be either the top of the gable or the top of the main chinmey.

In northwest Connaught, the top of the gable was regarded as the highest point of the house and may have been because there were no stone chinmeystacks in many houses in the area in former times. The stone that crowns the gable was known as "cloch an phréacháin", the crow's stone.



http://www.from-ireland.net/custetc/house3.htm


B’fhiú liomsa é a googleáil ar dtús. Léiríonn an t-alt luaite thuas céard tá i gcroí an scéil seo, go deimhin.

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dreoilin (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, February 14, 2008 - 08:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ana-shuimiúil ar fad. Bíonn saibhreas ann sa Ghaeilge idir stair na tíre is bhinneas. Is bhfad níos fearr ná an Béarlachas atá ag sleamhnú isteach le déanaí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 432
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, February 14, 2008 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An-deas ar fad, teagaim leat. Agus ní chreidfinn ariamh go bhfuil an meafar seo ag tarraingt saoirseacht chloiche isteach sa scéal! Bhí mé ag samhlú carraigreacha crochta os cionn na farraige agus iad plódaithe le carógaí agus éineacha eile, a leitheide de rud.


(Message edited by peter on February 14, 2008)

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'




©Daltaí na Gaeilge