7777777 (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, February 02, 2008 - 07:40 am: |
|
a Lughaidh, tà mé ag fanacht sa Bhriotàin ar feadh mìosa in aice le Plougannoù (gar do Montroulez), agus ba mhaith liom giota beag ùsàid a bhaint amach as mo chuid Briotàinise (me 'zo o teskiñ abaoue ur bloazh bennak), nò ar a laghad an teanga a chluinstin. aon mholadh agat? grma Tadhg |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2247 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, February 02, 2008 - 08:07 am: |
|
Is dóigh liom gur chóir duid ghabháil fán tuaith más mian leat an teangaidh a labhairt. Cib bith cha rabh mé sa cheantar sin ariamh, dá dheasca sin cha dtig liom mórán a mholadh duid. Is dóigh liom go gcluinfidh tú Briotáinis eadar na seandaoiní a’ comhrádh sna toithe tábhairne sna bailte beaga. "me 'zo o teskiñ abaoue ur bloazh bennak" > ba chóra: me zo o teskiñ abaoe ur bloaz bennak (bloaZ, ach bloaveZH; cha gcluintear an z i "bloaz" ach i dtír Leon, sin an fáth nach scríobhtar zh). Nó: "abaoe un nebeud bloavezhioù" ’S féidir go bhfuil dráma ar siúl i gceantar Plouguerneau le lucht Strollad ar Vro Bagan fosta. Má smaoiteam ar rud ar bith eile, inseochaidh mé duid é. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|