Author |
Message |
Nóinín
Member Username: Nóinín
Post Number: 1 Registered: 01-2008
| Posted on Tuesday, January 29, 2008 - 12:03 pm: |
|
Dia daoibh, a chairde! Táim nua ar an gclár, agus is mian liom "hóigh" a rá. Is as an Ghearmáin mé, táim ag déanamh iarracht chun Gaeilge a fhoghlaim sa bhaile, ach níl aon duine ann a chaint leis as Gaeilge. Ba bhreá liom tanall comhrá a dhéanamh libh, d'fhonn is go mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a chuir feabhas air. Tá dóchas orm nach miste libh na meancóga a dhéanfaidh mé agus bheinn buíoch daoibh as a chuir ina cheart. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 158 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, January 29, 2008 - 01:31 pm: |
|
Dia is Muire duit a Nóinín. Tá tú ag déanamh thar cinn leis an nGaeilg, bail ó Dhia ort. Is cuma liom féin an mheancóg ann nó as. Go deimhin, is mór an gar thú. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6824 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 06:18 am: |
|
Fáilte romhat, Gaensebluemchen! Cá bhufil tú i do chonaí sa Ghearmáin? Chaith mé féin leathscór bliain i mBeirlín. |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 56 Registered: 08-2007
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 07:35 pm: |
|
Fearaimid fáilte is fiche romhat, a Nóinín. Inis dúinn cad é a spreag tú chun na Gaeilge ar dtús? Seanfhear |
|
Nóinín
Member Username: Nóinín
Post Number: 2 Registered: 01-2008
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 06:05 pm: |
|
Go raibh míle maith agaibh, a chairde. Beidh cuma liom na meancóga a ndéanfaidh mé, is cinnte go gcuirfidh, le chabhair Dé, an cleachtadh feabhas ar mo chuid Gaeilge. (Dála an scéil, sílim go rinne mé meancóg cheana: nach gcaithfidh mé 'a chuir feabhas uirthi' a rá, mar go bhfuil 'cuid' ainmfhocal baininscneach?) A Aonghus, táim i mo chonai i sráidbhaile mór sa stát Gearmánach Tuaisceart na Réine agus Westfalen, in aice leis an cathair Dortmund, tá sé i bhfad ó Bheirlín (timpeall dhá chéad is seasca míle). Cá huair a mbeidh tú i mBeirlín? Is fada an t-am féin leathscór bliain, cad a rinne tú agus bhí tú sa Ghearmáin? Cá bhfuil tú i do chonai anois? Feictear dom go bhfuil mórán duine ar an gclár seo ina gconaí i Meiriceá, an bhfuil an ceart agam? Cad ina thaobh an fhoghlaim sibh an Gaeilge? Tá scéal fada liomsa, a Sheanfhir, bhí riamh dúil agam sna focail agus teangacha iasachta, agus nuair a léigh mé scéalta ar daoine gaelacha, bhí fios fuaimniú ainmneacha uaim. Ní raibh a fhios agam, ní raibh coir chun a fháil amach. Nuair a bhí mé éisteacht a thabhairt do amhráin gaelacha (bhí dlúthdhioscaí agam le Eithne Ní Bhraonái), níor thuig mé na focail sa leabhrán. Is uime sin a cheannaigh mé an chead leabhar foghlama na Gaeilge – agus níor chabhair é, níor thuig mé go fóill, níor thuig mé an fuaimniú, níor thuig mé na hathruithe tosaigh, diabhal ar thuig mé! Bhí díomá orm! Nár feidir liom an Gaeilge a fhoghlaim féin? I ndeireadh na dála, d’imigh mé go hEirinn chun diancúrsa Gaeilge a dheanamh – agus bhí an modh seo rathúil faoi dheireadh, buíochas le Dia! Tá brón orm anois nach leanaim orm ag foghlaim go leanúnach, tá an oiread sin oibre agam, ach tá dóchás agam go dtreiseoidh aithne oraibh mó dhúil san eolais. Ar a laghad, déanfaidh mé iarracht faoi. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 221 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 06:44 pm: |
|
Tá Gaeilge againn cionn is gur Gaeil muid! Fáilte romhat a Nóinín. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6834 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 01, 2008 - 06:16 am: |
|
Chaith mé 10 bliana i'm innealtóir le AEG/Adtranz i mBeirlín. Táim thar nais in Éirinn ó 2000. |
|
|