Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6820 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 29, 2008 - 06:31 am: |
|
Cloisim Conallaigh ag RnaG go minic ag rá "Tá súil 'is agam" nó rud éigin mar sin áit a bheadh "Tá súil agam" agamsa. Cad tá á rá acu? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 29, 2008 - 09:42 am: |
|
Chuala tú i gceart é - 'tá súil (as Dia) agam' agus tig an 'as' ag teacht isteach cé go gcailltear an Dia, sin an míniú atá air, sílim... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6821 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 29, 2008 - 10:36 am: |
|
GRMA, a dhuine anaithnid. Tá ciall leis sin. Níor cailleadh Dia fós, go bhfios dom, ach cailleadh Nietzsche. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2237 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, January 29, 2008 - 12:19 pm: |
|
Ceist mhaith a Aonghuis. Scríobham féin "tá súil’s agam", ach chan minic a chonaic mé sin ar phéipeár (mór an truaighe nach scríobhann achan chainteoir dúchais go díreach mar a labhras sé, bheadh sé níos fusa againne Gaeilg na Gaeltachta a dh’fhoghlaim). Deirtear sin i nGaoth Dobhair agus i Rann na Feirste ar a laghad. Ins an leabhair ’Seanchas Annie Bhán’, mínidh an t-údar go mb’fhéidir "tá súileas agam" a scríobh, agus síleann sé go dtáinig an focal "súileas" sin as tionchar an fhocail "dóchas": tá dóchas agam > tá súileas agam, leis an deireadh -(e)as chéarna. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6822 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 06:10 am: |
|
GRMA. Tá níos mó céile leis sin, mar níor thuig mé "súil as Dia". Ó Dhia a bheadh súil agamsa do rud, sílim. Seans go bhfuil rud éigin sa Tobar. Féachfaidh mé anocht. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 11:28 am: |
|
Gabh i muinín an Dálaigh, ceannfhocal súil, agus is é 'tá súil as Dia agam' atá ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6832 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 04:47 pm: |
|
GRMA as sin. Níl agam ach an leagan ciorraithe, agus níl sé ann. Ó tharla nach mbeidh an leagan nua ann go 2011 nó níos moille caithfidh mé é fháil. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 222 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 06:49 pm: |
|
Cé gur 'súileas' a scríobh mé féin uair nó dhó roimhe, san amhrán clúiteach úd, RG Cuan, deirim Airde Cuain, tá líne ann: "Agus mé ag dúil as Dia go sroichfinn slán..." Is cinnte go bhfuil 'súil as Dia' ceangailte leis sin. |
|