mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (January- February) » Archive through February 27, 2008 » Cuairt ar Dhaltaí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 199
Registered: 03-2006


Posted on Sunday, January 27, 2008 - 09:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

De dheasca trioblóidí, gá taistil, sláinte, oibre 7rl, bhí orm scarradh ó a lán rudaí a thug sonas dom - an suíomh seo san áireamh. Mar sin seo an chéad deis atá agam bualadh isteach ar an suíomh le fada.

Is cúis áthais féachaint go bhfuil daoine ann a raibh aithne agam orthu ar an suíomh cheana. Ar ndóigh beidh daoine nua anseo comh maith. Beannaím daoibh go léir!

Agus cé gur gearrchuairt í seo tá súil agam gur féidir liom bualadh isteach arís ó am go ham as seo amach.

Ach chun an fhírinne a rá, táim am spreagadh mar gheall ar cheist ar cuireadh orm le déanaí. Sí sin, an bhfuil dán/ta ann a mholann an Náisiún - na Gaeil - dán/ta nach mbaineann le héagóir na staire, gunnaí, bás nó a leithéid? Dán/ta molta, agus sin amháin atá is gceist agam.

An t-aon cheann a thagann in aigne chugamsa ná an t-Amhrán Dóchais. Ach is deacair dhom glacadh leis gur sin an t-aon cheann amháin atá ann.

Cabhair, éinne?

Pangur D.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3462
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, January 27, 2008 - 12:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl aon chabhair agam duit, a Ph.D., ach tá áthas orm d'aghaidh chatúil a fheiceáil arís! Fáilte ar ais!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6815
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, January 27, 2008 - 12:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ós rud é gurbh é an éagóir a rinne náisiúin dúinn...

Ní ritheann dada liom.

Tá dánta ann a mholann Éire; agus tá dán Sheathrúin Céitinn maidir leis an nGaeilge ann.

Milis an teanga an Ghaedhealg,
Guth gan chabhair choigcricíche,
Glór, géar-chaoin, glé, glinn, gasta
suairc, séimhidhe, sult-bhlasta.
Gide Eabhra teanga is seanda,
gide laidean is léigheanta,
uatha uirthi níor frith linn
fuaim nó focal de chomhainn.
Seathrún Céitinn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3463
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, January 27, 2008 - 12:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is caointeach an t-amhrán seo, ach is binn é, agus moltar Éire ann:

Beir beannacht óm chroí go tír na hÉireann,
bánchnoic Éireann Ó [=óigh],
Chun a maireann de shíolrach Ír is Éibhir
ar bhánchnoic Éireann Ó;
An áit úd 'nar aoibhinn binnghuth éan
Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael,
Mo chás a bheith míle míle i gcéin
ó bánchnoic Éireann Ó.

Bíonn barra bog slím ar chaoinchnoic Éireann,
bánchnoic Éireann Ó,
Is is fearra ná an tír seo díogha gach sléibhe
ar bhánchnoic Éireann Ó;
Is ard a coillte 's is díreach réidh
Is an bláth mar aol ar mhaoilinn géag,
Tá grádh im' chroí is im' intinn féin
do bhánchnoic Éireann Ó.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1327
Registered: 06-2005


Posted on Sunday, January 27, 2008 - 06:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fáilte Uí Cheallaigh romhat ar ais anseo!
Ní bheadh tuairim mar gheall ar an bhfilíocht, ach ar bhain tú triall as cuardach ar líne? google nó trí cheardlann litríocht.com?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 200
Registered: 03-2006


Posted on Sunday, January 27, 2008 - 08:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is mór liom an lúcháir ar chuir sibh orm, and tá mé fíor-bhuíoch díbh as.

Bhí mé faoi bhrú níos luaithe agus rinne m´é dearmad a rá go bhfuil an dán a chuardú agam do chara ar mhaith leis é a ghléasadh do chór - b'fhéidir le tionlacan cheolfhóirne. Sé a d'fhiafraigh sé díom ná dán a bhéas i stíl dán Sandor Petofi na hUngáire 'A Magyar Nemzet'. Sé sin An Náisiúin Ungárach. Dán tírghrá go bunúsach atá i gceist, ach leis an mbéim ar an náisiúin, ba chirte dhom a rá. Agus ba mhian leis éalú ón olagón agus ón ngol go dearfach. Sé sin le rá gur ábhar a bhéas níos mó i gcomhréir leis an nua aois agus an dóchas atá á mhothú anois, má thuigim i gceart é. Ar ndóigh, tá spiorad nua á leathadh i measc na n-óg in Éirinn ó d'fhág mé í.

Táim thar a bheith buíoch díbh a Aonguis agus a Dennis as an méid atá déanta agaibh dom cheana. Ach má thagann ábhar eile in aigne agaibh, bheinn bhur bhfiachóir go deo!

Tá Google millte agam cheana, a Dhomhnaill! :-) Go raibh maith agat. Is breá liom thú a fheiscint toujours anseo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1329
Registered: 06-2005


Posted on Monday, January 28, 2008 - 11:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Comme je le sais Pangur! ;)

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 54
Registered: 08-2007
Posted on Monday, January 28, 2008 - 06:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sea, ba dheacair d'éinne dul thar 'Bán Chnoic Éireann Ó' mar dán / amhrán molta Éireann. Tá leagan an-dheas ar CD ag Skarabrae agus ceann eile ag Kevin Connife [?] agus The Chieftains, dar liomsa.

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 55
Registered: 08-2007
Posted on Monday, January 28, 2008 - 06:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sea, ba dheacar d'éinne dul thar ' Bán Chnuic Éireann Ó ' mar amhrán molta Éireann, dar liomsa. Donnchadha Rua a chum é, agus é in Hamburg de réir 'Poets and Poetry of Munster' ach léigh mé i bhfoinsí eile gur i dTalamh An Éisc a bhí sé. Pé scéal é, tá leagan deas ag an grúpa Skarabrae agus ceann eile ag The Chieftains.

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 201
Registered: 03-2006


Posted on Saturday, February 02, 2008 - 11:47 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Dhomhnaill, gabh mo leithscéal , Thit focal Fraincíse isteach ansin. Tá níos mó taithí agam anois sa teanga sin ná mar atá i nGaeilge nó i mBéurla :-)

'Bán Chnuic Éireann Ó'

Táim buíoch díbh. Is breá an dán é agus is mór an taitneamh a bhainim as. Sheol m´é ar aghaidh é agus fuair mé freagra ar ais ag gabháil buíochas. Ach cé go bhfuil sé ar tí bheith oiriúnach, is dán tírghrá agus b'fhéidir imirce é comh maith. Ach sé an Náisiúin Ghaelach - na Daoine, na hÉireannaigh - atá i gceist anseo. Mar sin, ní tíghrá go díreach atá ag teastáil ach ómós do na Gaeil féin. Caithfidh mé a rá nach bhfuil aithne agam ar dán den gcineál sin ar chor ar bith.

Mar a dúirt mé cheana, tá Google millte agam. Bhí m´é ag treabhadh comh maith trí gach leabhar filíochta atá agam, ach de dheasca an saibhris atá iontu, n'fheadar an bhfuil an cineál sin filíochta ar fáil i nGaeilge - ach amháin an tAmhrán Dóchais?

Ach pé scéal é, leanfaidh mé ar aghaidh...

Míle buíochas!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3467
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, February 02, 2008 - 02:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an tAmhrán Dóchais go hálainn, áfach.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 57
Registered: 08-2007
Posted on Monday, February 04, 2008 - 09:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Phangur Dubh, Ní dóigh liom go raibh sé de nós ag na Gaeil riamh féinmholadh mar náisiún ar leith a chleachtadh. Baineann sé sin le impíreachas agus cos ar bholg.

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 672
Registered: 06-2006


Posted on Monday, February 04, 2008 - 10:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

...nó le comhaontú, ar a laghad ar bith - ar ndóigh, tá a liachtaí amhrán molta a bhaineann le háiteanna faoi leith!

Ach téann sé díom aon cheann eile a thabhairt chun chuimhne a mholann Éirinn uilig gan rian an chatha air.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pangur_dubh
Member
Username: Pangur_dubh

Post Number: 202
Registered: 03-2006


Posted on Thursday, February 07, 2008 - 04:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Sheanfhir, ar ndóigh tá an ceart agat i slí amháin, ach ní chreidim gur féidir liom aontú leat go hiomlán.

Rinne mé tagairt thuas ar na hUngáirigh. Ó Chath Mohacs i leith tá stair bhrónach acusan, ar nós mar atá ag Éirinn. Ach is dán Ungárach a spreag an t-ábhar seo. Bhí mé ag lorg dán ar nós A Magyar Nemzet (An Náisiúin Ungárach).

Dar liom, ní locht mór é bheith bródiúil asainn fhéin. A mhalairt. Is rúd nádúrtha é ar fad. Agus is léir nach raibh impireacht ag Éirinn, nó ag an Ungáir. Agus dá gcloisfeá na hÉireannaigh a bhíonn san áit seo i rith an tsamhraidh, tá siad thar a bheith bródúil astu fhéin agus as a dtír - agus mise, nach labhraím focail i mBéurla nó i nGaeilge leo, bím bróidiúl comh maith.

Ach fós tá na dánta in easnamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 60
Registered: 08-2007
Posted on Sunday, February 10, 2008 - 08:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Phangur, m'leathscéal ach is rud amháin é a bheith bródúil asainn féin. Ní hionann é sin is a rá go bhfuilimid ag moladh sinn féin, im' thuairimse?

Seanfhear



©Daltaí na Gaeilge