mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (January- February) » Archive through January 26, 2008 » Corr nua i gCath Pobalscoil an Daingin « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6774
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 14, 2008 - 10:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=2751&viewby=date

quote:

If other parents want an English language school to be established, nobody is opposing them or the Department in doing so, but this should not be done at the expense of Gaeltacht children being educated through Irish



Sin lomchlár na Fírinne.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, January 14, 2008 - 09:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaím leat agus le ráiteas na dtuismitheoirí thuas go huile is go hiomlán, a dhuin' uasail. Níl éinne ag cuir isteach ar Béarlóirí Corca Dhuibhne a scoil féin a chuir ar bun más maith leo, agus is dócha go mbeadh an dúlgas céanna ar an rialtas an scoil nua a thacú, ach an ceart é a bheith taobh istigh don Ghaeltacht de réir an dlí ? Sin ceist nach bhfuil mise in ann a fhreagairt.

Rud a chuireann casadh eile ar an droch-scéal seo ná go bhfuil daoine ón gceantar a dh'imigh thar sáile na blianta ó shin agus iad anois tar éis filleadh ar a n-áit dhúchais i dteannta fear nó bean céile agus páistí ina déagóirí, gan focal Gaeilge acu. Ní raibh aon coinne acusan más fíor, agus iad ag filleadh, go mbeadh fadhb ar bith acu leis an gcóras oideachais mar gur Béarla don chuid is mó a labharaíodar sna sean-scoileanna agus go bhfoghlaimíodar a gcuid Gaeilge go nádúrtha sa bhaile.

B'fhéidir gurb í réiteach na faidhbe is fearr é 'Sraith Bhéarla' a bheith sa Mheán Scoil Ghaelach An Daingin ar feadh cúig nó sé bhliana, go dtí go mbeadh déagóirí an lá inniu réidh leis an scoil agus annsin deireadh a chuir leis? Bíodh sé fógraithe do gach teaghlach nua ag teacht chun chónaithe sa cheantar ó scoil-bhliain 2008-09 ar aghaidh nach mbeadh oideachais trí béarla le fáil sa scoil úd tar éis Mí Meitheamh 2014.

Pé scéal é, táimse deimhneach de gur cheart Meánscoil an Daingin a bheith ina scoil lán Gaeilge fhad is a bheidh An Daingean ina phríomh-bhaile Gaeltacht na Mumhan.

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6777
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 06:09 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní fheidhmíonn sraitheanna.

Iompófar teanga na scoile go Béarla; tá Béarla ag na Gaeilgeoirí, mar sin Bearla ar chloisfear sa chlós, san halla, ar an bhfaiche spóirt,

Buille marfach a bheadh ansan.

An deacracht atá ann ná go bhfreastalíonn an Daingean ar an leithinis ar fad - gaus gur Galltacht ar fad beagnach atá soir ón nDaingin.

Béarlascoil atá de dhíth (Gallscoil?)

http://www.gaelport.com/index.php?page=news&id=898&viewby=date

Sínigí!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 06:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuigim é sin, a chara, ach an mbeidh 'Béarlascoil' nó scoil lán-Bhéarla ceadaithe sa Ghaeltacht de réir an dlí? Sin an cheist. Muna bhfuil ní fhéadfadh an rialtas é a mhaoiniú agus ní dóigh liom go bhfuil a thuilleadh daoine sa mhionlach chun an beart a dhéanamh dóibh féin.

Réiteach eile b'fhéidir ná na daltaí ón iasacht a 'bhusáil' amach thar teorann na Gaeltachta go dtí Trá Lí gach lá?

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1314
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 07:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní dócha gur cóir Gallscoil a úsáid toisc nach mbaineann an téarma 'Gall' leis na daoine gur as Sasana amháin a tháinig siad. Úsáidtear 'Gall' go traidisiúnta sa ghaeilge ag tagairt do anglophiles áfach.

Seanfhear, tá scoileanna béarla ann sna gaeltachtaí. Cheapas féin nach raibh ach gaelscoileanna ann ach nuair a bhíos i mbun taighde d'aiste fuaireas sin amach. Mar sin, bheadh maoiniú ar fáil cinnte.

Daoine allúracha a bhusáil amach!? Ní dóigh liom é. Ní bheadh lucht an bhéarla róshásta leis sin!

'bhfuil tuairim an t-aire curtha amach cheana? O'Cuív ní Hanafin..gan amhras is namhaid don ghaeilge í an ghaeilgeoir hanafin faoi láthair!

(Message edited by Domhnall on January 15, 2008)

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6782
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 16, 2008 - 06:10 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

D'fhéadfaí an Ghallscoil (sic) a lonnú in Abhann an Scáil, baile dúchais Johnny "tá leatrom á imirt ar m'iníon Rúiseach" Ferriter.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, January 16, 2008 - 07:15 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sea, tuigim go bhfuil scoileanna sa Ghaeltacht a úsáideann an Béarla mar teanga teagaisc, cé gur scoileanna lán-Ghaeilge go h-oifigiúil gach ceann acu. Is amhlaidh go gcaochann daoine áirithe a súile roimh an chuir i gcéill sin atá agus a bhí ag feidhmiú le fada an lá, agus gá leis, b'fhéidir, toisc easpa airgid, easpa múinteoirí maithe le Gaeilge, fadhb na daltaí ón iasacht atá ag brú isteach, neamh-aird an rialtais ar na fadhbanna sin go dtí le déanaí, etc, etc. I ndáiríre nach é sin cúis an achrainn ar fad?

De réir mar a thuigimse ón méid atá ráite sna media, ní raibh na sean-scoileanna a bhí sa Daingean roimhe seo ró-dhiograiseach ar labhairt na Gaeilge a choimeád. Anois 'the pigeons have come home to roost', mar a deirtear.

Ach 'sé an cheist atá ag dó na geirbe agamsa ná an féidir le daoine scoil lán-Bhéarla a bhunú sa Ghaeltacht go h-oifigiúil ?

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1319
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, January 16, 2008 - 04:35 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad as do johnny, dála an scéil? Éireannach an ea?

'bhfuil tú cinnte gur gaelscoileanna atá iontu ar fad go hoifigiúil? B'fhéidir go bhfuilim ar strae ach cheapas gur scoileanna béarla oifigúla atá iontu?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6783
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 16, 2008 - 05:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Le sloinne mar Ferriter, déarfainn nach amháin gur Éireannach é, ach Duibhneach.

Maidir le ceist na scoile, ní ionann Gaelscoil agus scoil Gaeltachta.

Mar shampla, roghnódh roinnt blianta ó shin, go hoifigiúil tar éis suirbhé ar thuistí, go mbeadh an Bhéarla mar theanga teagaisc i gCeardscoil Árainn Mhór, Dún na nGall.

Bhí plé ar bun le déanaí chun an scoil a iompú go Gaeilge arís ar na mallaibh, ach níor chuala mé deireadh an scéal.

Rinne COGG taighde maidir leis an gceist seo, agus torthaí sách duairce a bhí air.

http://www.cogg.ie/gaeilge/foilseachain.asp?id=37&cid=234

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, January 17, 2008 - 12:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sea, tuigim go rí-mhaith go mbíonn scoileanna sa Ghaeltacht ag feidhmiú mar scoil leath-Ghaeilge leath-Bhéarla agus mar sin de, ach fós táim ag cuir an cheist: an bhfuil sé sin dleathach? An bhfuil sé oifigiúil nó neamh-oifigiúil ?

Tá a fhios agam nár thug an rialtas morán airde ar an staid seo leis na blianta [ 'an Irish solution to an Irish problem', mar adúirt an té adúirt ] ach an bhfuil aon rud i mBunreacht na hÉireann cuir i gcás, nó in aon Acht fé Dáil Éireann, a gcuirfeadh bac éigin ar an gcuir i gcéill [ cad eile? ] dá dtabharfaí an dhúshlán san Ardchúirt ?

Ba cheart do gach scoil sa Ghaeltacht a bheith ina scoil lán-Ghaeilge dar liomsa, ach tuigim go mbíonn fadhbanna praiticiúla áirithe ag cuid acu mar a lúaigh mé cheana. Mar sin, sna háiteanna nach bhfuil ann ach scata beag Béarlóirí óga bheinnse sásta le sraith Bhéarla sealadach chun fhreastail ar na daltaí gan Gaeilge nó gan mórán Gaeilge, ar feadh 5 nó 6 bliana ar a mhéid. In áiteanna eile ina bhfuil slua mór Béarlóirí, ní chuirfinn i gcoinne scoil lán-Bhéarla sa bhreis ar scoil lán-Ghaeilge, má tá sé sin dleathach.

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6786
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, January 17, 2008 - 05:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fearr liomsa an moladh atá san staidéir teangeolaíochta - scoileanna faoi léith, mar atá i gCymru, chun Gailege a mhúineadh do na daltaí sula scoiltear i ngiorracht scread asal don scoil iad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6793
Registered: 08-2004


Posted on Friday, January 18, 2008 - 10:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3459
Registered: 02-2005


Posted on Friday, January 18, 2008 - 11:30 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Treise leo! Agus don agus duais ar na "Concerned Parents" gan ainm!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."




©Daltaí na Gaeilge