mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (January- February) » Archive through January 26, 2008 » Comedian Des Bishop in Boston, Jan 20th « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aileen MacDonagh (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, January 11, 2008 - 03:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Beidh seó úrnua agus spreagúil, Tongues, á chur i láthair ag an bhfear grinn mór le rá Éireannach Des Bishop i mBostún, 8pm, Dé Domhnaigh, 20 Eanáir. Seó amháin i gceantar Bhostúin, sa Burren, 347 Elm St., Davis Square, Somerville, MA 02144, a bheidh ag Bishop, arb as Nua-Eabhrac ó dhúchas é ach a bhog go hÉirinn agus é sna déaga déanacha. Tar chuig an seó chun do chuid Gaeilge a chleachtadh nó díreach chun neart gáirí a dhéanamh – ach ná caill an deis seo ar shiamsaíocht den chéad scoth a fháil. Tá ticéid ar fáil ach glaoch ar an Burren ag (617) 776 6896.

Dírítear in Tongues ar dhúshlán nua a bhí ag Des: éirí chomh Gaelach is a d’fhéadfadh sé trí bhogadh go dtí an Ghaeltacht chun a theanga dhúchais a fhoghlaim. Is duine é Des nach ndéanann riamh dhá leath dá dhícheall, agus ní cúis iontais é mar sin gur bhog sé chun na Gaeltachta le luí isteach ar rud éigin atá go leor Éireannach tar éis a sheachaint, a dteanga dhúchais féin. Féachann Des ar na nithe greannmhara a thiteann amach agus an Ghaeilge á foghlaim aige agus músclóidh seo neart cuimhní i measc go leor Éireannach. Agus é ag déanamh cur síos ar a iarrachtaí an teanga a thabhairt leis, cuireann Des a phaisean nua don Ghaeilge i láthair go bríomhar, fuinniúil agus ar bhealach an-ghreannmhar.

Sa dara cuid den seó, díríonn Des ar an ngné reiligiúnach dá fhéiniúlacht, óna óige nuair a bhí sé ar an gcléireach altóra ab airde i Séipéal Naomh Caoimhín agus claonadh aige dul thar fóir leis an aisteoireacht, go dtí an taithí a bhí aige le daoine a bhfuil an cumas acu labhairt i dteangacha. Tá oíche de ghreann ghéar agus ghéarchúiseach i ndán dóibh siúd a bheidh i láthair agus iniúchadh á dhéanamh ag Des ar a fhéiniúlacht Éireannach – a theanga agus a reiligiún – agus dúshlán na ndaoine a labhraíonn i dteangacha á thabhairt aige agus é féin ag streachailt le teanga! Ní mór dóibh a bheith réidh do ghreann ghríosaitheach agus úr, agus fear grinn i mbarr a réime ag déanamh cur síos ar an rath a bhí air sa Ghaeltacht agus ag díriú ar an amaideacht ar fad a bhaineann leis an mbunúsachas Críostaí.



Famed Irish comedian, Des Bishop brings a totally original and inspired live stand-up show, ‘TONGUES’ to Boston on Sunday, 20th January 2008 at 8pm.  The native New Yorker, who moved to Ireland in his late teens, will be performing one show only at The Burren, 347 Elm St., Davis Square, Somerville, MA 02144.  Come practice your Irish or come just to have a laugh - but don't miss out on this unique and highly entertaining experience.  Tickets available by calling The Burren on (617) 776 6896 
 
‘TONGUES’ deals with an entirely new challenge for Des, taking the ultimate step towards Irishness by moving to the Gaeltacht (Irish speaking region in Ireland) to learn his mother tongue. Never one for half measures, Des moved to the Gaeltacht to embrace what so many Irish people have avoided, their own native tongue. Des explores the lighter side of life learning to speak Irish, something which has strong memories for many Irish people. Describing his attempts to grasp the language, Des brings his new found passion for Gaeilge to life with unparalleled energy and comic genius.
 
The second half of the show sees Des explore the religious side of his identity, from his early days as St. Kevin Church’s youngest altar boy with a tendency to be overly theatrical, to his experiences with people who have the power to speak in tongues. What follows promises to be a blistering night of stand-up comedy, where Des explores his Irish identity - his language and religion - challenging those that speak in tongues while struggling to learn his own! Prepare for some fresh and highly provocative comedy, as a comic at the very height of his powers demonstrates the success of his encampment in the heart of the Gaeltacht, and confronts the idiocies of Christian fundamentalism.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 791
Registered: 11-2004


Posted on Monday, January 14, 2008 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhuaileamar le Des an tseachtain seo. Tá agallamh leis ar ár bpodchraoladh:

http://philo-celtic.blogspot.com/2008/01/uimhir-chad-agus-des-bishop-leis.html

Tá stuif go leor aige ar Youtube - agus tá sé greannmhar. Molaim go bhfeicfidh sibh é má bhíonn an deis agaibh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Daithí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, January 16, 2008 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post




©Daltaí na Gaeilge