mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (January- February) » Archive through January 26, 2008 » "fataí gáirí" - céard iad féin? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 658
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 01:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chonaic mé tagairt an lá cheana do "fataí [ag?] gáirí", agus chuir mé spéis iontu mar gheall ar an ainm... 'bhfuil a fhios ag aon duine céard iad go baileach, nó cén chaoi a ndéantar iad?

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6750
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 06:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Meas tú an "fataí geimhridh" a chuala tú?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 414
Registered: 01-2006


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 06:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sea, nach 'in é an chaoi le é a fhuaimniú i gCúige Mún? :) "geighríg"??

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 212
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 08:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

B'fhéidir gur 'garden potatoes' atá i gceist - prátaí a chuireann tú i do gharraí nó gairdín féin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 661
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 09:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Pheadair: b'fhéidir é, ach ní i gCúige Mumhan do bhíos-sa! :)

Is é an chaoi go bhfaca mé scríofa in áit eicínt é, seachas é a chloisteáil ó bhéal duine. Tharla sé tuairim is mí ó shin, go gairid sula ndeachaigh mé abhaile (agus as líne dá bharr) i gcomhair na Nollag.
Bhí cúig nó sé cinn de leabhra á léamh agam san am céanna áfach, agus ní cuimhin liom anois cé acu a raibh sé ann, ná fiú amháin arb é sin an fíorlitriú a bhí air. Seans gur "prátaí" a chonaic mé seachas "fataí", nó "gáireacha" seachas "gáirí" fiú amháin. (Aistríonn m'intinn chuile shórt chuig an gcanúint is aithnide dom féin go hiondúil.) Táim cinnte áfach nárbh é "geimhridh" ná "garraí" é.

Déanfaidh mé na leabhra úd a athléamh (nó a athscimeáil) más gá, ach bhí mé ag súil go mbeadh a fhios ag duine eicínt anseo céard iad...

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6753
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 10:37 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá dealramh le tuairim RG Cuan mar sin; fataí garraí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 662
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 10:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níorbh é. Foirm amháin nó eile de "gáir" nó "gáire" a bhí ann.

Caithfidh mé é a chuartú arís, is dócha.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6754
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 10:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Hmm.

Féach cad a d'aimsigh google:

http://homepage.eircom.net/~nuachtchlair/BackIssues/1997/november.htm#NaFataiBan a

quote:

Mo mhíle slán do na fataí bána,
ba subhach an áit a bheith in aice leo,
Ba fáilí soineannta iad ag tíocht chun láithreach
Agus iad ag gáirí linn ar cheann on bhoird.

Ba chabhair don bhanaltra iad, don fhear is don gharlach,
Don lag is don láidir, don óg is don chríon,
Ach fáth mo dhocharna is ábhar m'angair,
Gur lobh na preátaí gan sioc ná síon.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 778
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 11:02 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Prátaí atá iontu atú beirithe sa mhéid go bhfuil an chraiceann briste acu a fhágann cuma gáirí orthu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 663
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 11:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh míle maith agat, a Fhirn!

Bhí eagla orm gur fataí rósta a bheadh iontu. Más beirithe atá siad, is dóigh go n-éireoidh liom iad a réiteach gan oigheann (rud nach bhfuil san árasáinín s'agamsa.) Bainfidh mé triail as ar aon nós!

Go raibh maith agaibh uilig as an gcúnamh. Más ag gáirí a bhíonn siad b'fhéidir go gcuirfidh mé pictiúr chugaibh.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 782
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 11:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sea, agus sin an chaoi ar thaithnigh sé leis na seandaoine: ba mholadh mór é a rá go raibh na prátaí gáiritheach. Sílim go bhfuil sé ag brath ar an pór prátaí agus a úire .i. barr prátaí i dtús na bliana, ach níl mé eolgaiseach go leor i dtaobh seo.

Dar ndóigh sa lá atá inniu ann, is annamh a thagann prátaí ón gceantar áitiúl ach is minic allmharaithe iad ó thíortha i gcéin. Chuirfeadh sé sin mearbhall ar na seandaoine

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 214
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 12:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is é, is cuimhin liom anois sin a chluinstin am éigin áit éigin, go mbíonn prátaí ag gáirí srl.

Maith thú Fearn!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6755
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 04:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Iontach, go deimhin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 418
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, January 10, 2008 - 03:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Teagann straois mhagaidh orm, cén mhíorúilt atá ins na fataí atá bruite sa méid? :) Is gnáthbhéilí Rúiseach é, “fataí faoi éide” a thugtar anseo air má aistrítear focal ar fhocal é, «картошка в мундире».

(Message edited by peter on January 10, 2008)

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 376
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, January 10, 2008 - 04:31 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith thú Fearn :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3442
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 10, 2008 - 11:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

“fataí faoi éide”

Is ionann "spuds in their jackets" i mBéarla agus "prátaí ina gcraicne". Níor chuala mé "prátaí ina seaicéid" riamh, ach is dócha go ndeirtear é sin freisin.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 787
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 10, 2008 - 01:19 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

мундире? Seaicéad?

Shíl mé gur éide míleata nó rud éigin a bhí tú chuige!

Shamhlaigh mé béile éigin agus mar a bheadh an pláta lán le prátaí ar nós bhabúscaí Rúiseacha nó rud éigin ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 422
Registered: 01-2006


Posted on Friday, January 11, 2008 - 10:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Shíl mé gur éide míleata nó rud éigin a bhí tú chuige!



Bhuel, sin é é, éide mhíleata.

quote:

Shamhlaigh mé béile éigin agus mar a bheadh an pláta lán le prátaí ar nós bhabúscaí Rúiseacha nó rud éigin ;-)



Ciod sa deamhal é seo, babúscaí? Ab é “бабушки” atá tú a rá? :)

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 792
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 11, 2008 - 10:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Bhuel, sin é é, éide mhíleata"

Dhiabhail, a leithéid de phrátaí, muis!


"Ab é “бабушки” atá tú a rá? :)"


Sé. Dar ndóigh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 08:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

i eats dem schins n'all.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 804
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 09:47 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Na colpaí? Ambaiste!

Dar ndóigh, bíonn seithe ar phráta freisin :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3452
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 10:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus is féidir "cnámh" a bheith ann, .i. nuair nach mbíonn an práta bruite go hiomlán. Tá daoine ann, nó bhíodh, ar fearr leo mar sin é.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 809
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 17, 2008 - 08:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus níor luaigh éinne na súilíní go fóill!

Dála an scéil seo Bliain an Phráta/Fhata/Phréata san AE!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 667
Registered: 06-2006


Posted on Sunday, January 20, 2008 - 06:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Well, bhrúigh mé na creatháin fataí seo ar feadh uair a' chloig tar éis gur dhóigh liomsa iad a bheith réidh, ach diabhal gáirí a rinne siad.

Seans go raibh an pór mícheart agam. "Amandine" atá orthu seo, tá siad beagán níos lú ná liathróidí tennis agus is orthu atá na craicne tanaí geala. Ba bheag nach dtabharfainn "fataí úra" orthu ach é a bheith ró-dhéanach sa ngeimhreadh le haghaidh sin.

Oh, well. Tá siad blasta ar aon nós, agus nuair a bheas siad ídithe b'fhéidir go mbainfidh mé triail as cineál eile.

(Message edited by Abigail on January 20, 2008)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6797
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 21, 2008 - 06:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fataí de phór plúrach atá de dhíth.
Is cuimhin liom iad agus mé níos óige; ach tá siad éirithe gann; is fearr le daoine na cinn crua, go háirithe ar Mhór Roinn an hEorpa.

Má bheiríonn tú fataí plúrach giota beag ró fhada, titeann siad as a chéile.

http://web.ukonline.co.uk/suttonelms/pot18.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6798
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 21, 2008 - 06:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.xn--obst-gemse-heb.at/product/pages/kartoffel-mehlig

quote:

Zu den mehligen Kartoffeln gehören die Sorten Ackersegen, Agria, Alma, Anna, Aula, Cosima, Erntestolz, Fambo, Gusto, Hermes, Saturna, Van Gogh und Welsa. Die wirtschaftlich wichtigste Sorte ist Agria


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 668
Registered: 06-2006


Posted on Monday, January 21, 2008 - 08:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Merci viel mals! (Sin píosa 'Züritüütsch' dhuit.)

Tá an t-úafas pórtha fataí ar fáil anseo seachas mar a bhí in Indiana. Níl taithí agam féin ach ar "reds an' russets" agus corr-chineál eile a chuirimis féin i mbun an ghairdín. Ach is iad na fataí plúracha na cinn ab fhearr le haghaidh bácála, nach ea? B'in iad na russets agus mé sa mbaile...

Béarfaidh mé do liosta liom agus mé ar tóir fataí arís!

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6800
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 21, 2008 - 10:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dóigh liom é.

Má tá an Eilvéis cosúil leis an nGearmáin (agus bheinn cinnte go bhfuil), beidh "mehlig kochend" nó a leithéid scríofa ar an lipéid.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 813
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 21, 2008 - 12:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An ceart ag aonghus: bhí meas ar na póir phlúracha, ach monuar ní aithním ainmneacha na bpór a chuireadh suas, idir chuid aonghusa is chuid Abaigil.

Is dona liom do thoradh, a abaigil: an chaoi a chuimhin liom air air a bheith réidh ná an forc a shá iontu, agus bíonn fhios agat .i. iad a bheith bog ach gan i riocht titim as a chéile.

An fhirinne a dhéanamh, ithim rís gach lá nach mór!



©Daltaí na Gaeilge