mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (January- February) » Archive through January 26, 2008 » Litríocht Ghaeilge san India « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Daithí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 10:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://tinyurl.com/35hbs3

Is trua nár aistríodh an Bagabhád-Gíota go Gaeilge go foill!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 777
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 11:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach mbainfá féin stráice as?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3439
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 11:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil Sanscrait agat? Tá agamsa, agus smaoinigh mé ar thabhairt faoi, ach bheadh a lán oibre i gceist ags níl a fhios agam an mbeadh suim ag lucht na Gaeilge ann dáiríre. Seo agaibh rann amháin (II:27) in éineacht le haistriúchán focal ar fhocal:

jâtasya hi dhruvo mRtyur

na gine * -sa * cinnte * bás

dhruvaM janma mRtasya ca

cinnte * breith * an mhairbh* agus

tasmâd aparihârye 'rthe

mar sin * dosheachanta * i bhfeidhm

na tvaM shocitum arhasi.

ní * tú * caoineadh * ba chóir duit

Ar mhaith libh cruth ceart cuanna a chur air?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6749
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 12:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach bhfuil a léithéid againn cheana sna dánfhocail?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 785
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 10, 2008 - 08:15 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith thú, a Dhe'n Fhios,
Is léir gur fhíordhuine ilbhéarlach thú.
Ar an drochuair níl sanscrit agam; ach ba dheas é dá ligfeása scód le do mhian Gaeilge a chuir ar litríochtaí teangacha eile.

Ach nach raibh tú le Gaeilge a chur ar an dTao tamall ó shoin. Chuir mise spéis i d'iarrachtsa. nuair a bhí mise ar an meánscoil ba bheag spéis a chuir mé sna hábhair b'iachall dom foghlaim agus chuir mé tús Gaeilge a chuir air de dhroim fadálachta. Ach monuar, ní raibh mé áblata teacht ar an gcóipleabhar seo ó am na scoile agus níl mé i riocht cromadh air arís i láthair na huaire.

tuige ar éirigh tú as d'iarrachtsa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3443
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 10, 2008 - 11:53 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

tuige ar éirigh tú as d'iarrachtsa?

Mmmm.... leisce? ceal ama? ceal uchtaigh?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 789
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 11, 2008 - 07:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

M'iarrachtsa sciobtha:


Cinntíonn an ghiniúint an bás
Níl a mhalairt de chríoch ann.
Níl ach a luí faoi
agus gan a chaoineadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3446
Registered: 02-2005


Posted on Friday, January 11, 2008 - 10:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is maith an t-aistriúchán é, bíodh is go bhfuil sé sách scaoilte.

Is cinnte bás an bheo,
agus athbhreith an mhairbh.
Ó tá an méid seo dosheachanta,
níor chóir duit é a chaoineadh.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 793
Registered: 06-2006
Posted on Saturday, January 12, 2008 - 06:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ó! Bhain mé míbhrí as an darna líne! Nó ar bhain???????

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3447
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, January 12, 2008 - 10:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dócha gur bhain. Timthriall atá i gceist, ó bheatha go bás go beatha ad infinitum.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 796
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 14, 2008 - 09:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cheadaigh mé le leagan béarla Juan Masceró agus is léir gur bhain.

Focal breithiúnais .i. breith a bhain mé as seachas saolú .i. breith


Tabhairfaidh mé faoi arís, slán bhéas mé.

Ach cogar nach dána an mhaise dhuit an cámas a tharraing chughat agus mé ag tabhairt urchar an daill faoin abhaill?

Nár chuala tú riamh óige a mholtar a thaganns? ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3449
Registered: 02-2005


Posted on Monday, January 14, 2008 - 04:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nár mhol mé thuas thú, a chroí?
quote:

Is maith an t-aistriúchán é

Ach cén óige go díreach atá tú a rá? Is fada ó bhí ceachtar againn óg.

Ar cheart dom véarsa eile a thabhairt duit, le haistriúchán focal ar fhocal?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, January 14, 2008 - 08:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach bhfuil sé in am do dhuine éigin Gaeilge a chuir ar 'An gKama Sútra' agus sinn ag druidim isteach sa 21ú Aois? :-)

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 802
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 09:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

-Nár mhol mé thuas thú, a chroí?

+Rós le spíonáin, moladh le chealg, a chroíán

-quote:Is maith an t-aistriúchán é


-Ach cén óige go díreach atá tú a rá? Is fada ó bhí ceachtar againn óg.

+Óige an chroí is an spiorad. Nach bhfuil sé ráite ag Máistir Eiceart go mbíonn an anam óg choíche

-Ar cheart dom véarsa eile a thabhairt duit, le haistriúchán focal ar fhocal?

+Nó an cheart duit feitheamh go gcuireann daoine a leaganacha isteach, mise san áireamh? ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 803
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 09:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Nach bhfuil sé in am do dhuine éigin Gaeilge a chuir ar 'An gKama Sútra' agus sinn ag druidim isteach sa 21ú Aois? :-)

Seanfhear"


Téigh i muinín na pioctúirí! :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 808
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 17, 2008 - 08:24 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

M'athiarracht!


Cinntíonn an ghiniúint an bás
Mar a chinntíonn an bás an bhreith.
Níl ach a luí faoi
agus gan a chaoineadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3458
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, January 17, 2008 - 05:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is maith liom an leagan sin! An-deas ar fad. Tabharfaidh mé lón aistriúcháin eile duit roimh i bhfad, véarsa eile ón leabhar céanna.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 811
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 18, 2008 - 06:07 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

B'fhéidir go ligfinn le do dhúshlán!

Ach tuige nach ligeann tú blúiríní de shaibhreas na Sanscrite linn in aonacht leis mar anlann lóin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3460
Registered: 02-2005


Posted on Friday, January 18, 2008 - 12:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tháinig an véarsa thuas (27) ó chaibidil a dó sa Ghîtâ. Tig leat éisteacht leis an gcéad chuid den chaibidil seo (1 - 30) anseo:

http://www.youtube.com/watch?v=Qpvx1lBK3ck

Toghfaidh mé véarsa eile ina measc seo, le go mbeidh tú in ann é a chloisteáil chomh maith. Dála an scéil, tá pictiúr de shliogán nautilus os cíonn véarsa 27.

Nó tig leat do rogha véarsa a iarraidh, más maith leat!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 814
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 21, 2008 - 12:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar an drochuair, na ríomhairí phoiblí ina bhfuil mé ina dtaobh, ní ligeann siad dom an suíomh sin a thaobhú.

Ach abairse rud éigin i dtaobh na Sanscrite, a chuirfeadh lucht labhartha na Gaeilge spéis ann.



©Daltaí na Gaeilge