Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6740 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 06:17 am: |
|
Ceist loighice an uair seo. Tá tú i gcillín. Tá dhá doras ann; ceann an bháis agus ceann na beatha. Tá beirt gharda ann; duine acu ar mian leis do bhás, ach nach dtig leis an fhirinne a insint choíche. An duine eile báiúl leat, agus ní insíonn sé bréag choíche. Ní heol duit cé acu fear na fírinne. Tá sé de chead agat ceist amháin a chuir ar dhuine acu, agus doras a roghnú ina dhiadh sin. Cén cheist a shlánóidh tú? |
|
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 53 Registered: 11-2007
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 10:33 am: |
|
Fágfaidh mise an ceann seo faoi dhuine eile; tá aithne agam air :o) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6744 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 10:43 am: |
|
Aithne agat ar na fir? Nó eolas ar an fhreagra? |
|
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 55 Registered: 11-2007
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 11:45 am: |
|
Daoine aisteacha go leor iad mo chuid cairde, is dócha! ...Ach is féidir aithne a bheith agat ar dhaoine agus rudaí chomh maith, nach féidir? To recognise something, mar a déarfá? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3435 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 03:23 pm: |
|
Más tú an cimí, cuir an cheist seo ar cheachtar den dá gharda: "Cén doras a mholfadh an fear eile dom?" Agus ansin togh an doras eile. Nach é sin é? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 785 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 03:43 pm: |
|
Cheap mé ar an bhfreagra céanna anois díreach! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6746 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 05:20 pm: |
|
Agaibh. quote:Ach is féidir aithne a bheith agat ar dhaoine agus rudaí chomh maith, nach féidir? To recognise something, mar a déarfá? Feicim gur dócha go bhfuil an cheart agat; aithne [ainmfhocal baininscneach den cheathrú díochlaonadh] eolas ar dhuine nó ar rud toisc go n-aithníonn tú é; cosúlacht, riocht (tá aithne bisigh air). Ach is ar dhaoine amháin a bheadh aithne agamsa. Dennis nó Séamas, cé agaibh is túisce a bhéarfaidh ceist dúinn? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3436 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 07, 2008 - 06:57 pm: |
|
Cloisimis ó Shéamas! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 786 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 01:18 pm: |
|
Dá mbeadh tomhas agam. Fanaigí tamall... |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 788 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 03:29 pm: |
|
Tá trí bholg solais i seomra. Tá na lasca taobh amuigh den seomra, agus ní féidir na soilsí a fheiscint ón áit sin. Má tá seans amháin agat dul isteach sa seomra, agus más féidir leat pé rud ab fháil leat a dhéanamh nuair a théann tú isteach, an féidir a bheith cinnte cén lasc a lasann cén solas? Más féidir, conas? |
|
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 57 Registered: 11-2007
| Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 04:58 pm: |
|
chualas an ceann sin, freisin ;o) |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 335 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 01:34 am: |
|
Níor chuala mise é. Ach má chuireann tú dhá lasc ar siúl, beidh a fhios agat cén acu a lasann an solas eile atá dorcha fós. |
|
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 58 Registered: 11-2007
| Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 06:54 am: |
|
sin céim a haon... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6752 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 08:25 am: |
|
An féidir na lampaí a fheiscint ó lasmuigh? i. an féidir dul amach arís agus lasc a mhúchadh? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 789 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 10:24 am: |
|
Ní cheadaítear sin, a Aonghus. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 790 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 10, 2008 - 02:06 pm: |
|
Bhuel, mharaigh mé an téad seo, muise. An bhfuil an freagra uaibh? |
|