Amhráin a thaitníonn liom
Seo ceann amháin
http://www.google.com/firefox?client=firefox-a&rls=org.mozilla:en-US:official Bhí sé deacair na focail a dhéanamh amach in áiteachaí – b’fhéidir nach bhfuil said go léir agam (Tabhair tú?) ach seo daoibh:
Nuair a bhuail tú ar taobh liom, chaill mé mo ghreim.
Níor thuig mé ' dul leis seo; easpa taithí i bhfeidhm.
B’fhéidir go bhfuil mé ag eirí beagáinín sean
ach ag breathnú ar do chruth, ag breathnú chomh teann,
á tharraingt, á tharraingt chuig do…bhladhm.
* Ag iarraidh a bheith taobh leat, i do sholas úrnua
is suí cois tine ar oíche fhuar dubh X2 taobh do…bhladhm.
Leátar do cholainn liom ar nós na comaoineach
ach níor lig tú do Chríost do chloigeann a líonadh.
Tá cuimhne an ghrá seo ag crochadh i mo chroí,
ach labharfainn níos mó faoi, dá dtuigfinn an bhrí.
Ach labharfainn níos mó faoi, dá dtuigfinn an bhrí.
*Faigh réidh leis an scáth seo, dod bhrú ’nois ag cromadh
faoi na craobhacha, is báisteach trom X2* ar do…bhladhm.*
*Ag iarraidh a bheith taobh leat i do sholas úrnua
is suí cois tine ar oíche fhuar dubh X2 taobh do…bhladhm.*
Tabhair tú do bhladhm, istigh (i) spás mo chroí.
Scaoil tú do bhladhm, ag lasadh chuile ní.
Is tá do bhladhm, ag bailiú lena scáth, ag bailiú lena scáth.