Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6651 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 10:53 am: |
|
http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=2678&viewby=date quote:Foilseofar téacs Chonradh Lisbon sa Bhruiséal inniu, agus den chéad uair riamh, beidh leagan Ghaeilge den téacs tábhachtach Eorpach seo á fhoilsiú ar an lá céanna agus a bheidh sé á fhoilsiú i dteangacha oifigiúla oibre eile. Ionadaí na hÉireann ag Coimisiún na hEorpa, Seán Ó Riain, a rinne an doiciméad seo a aistriú go Gaeilge nuair a tugadh le fios dó go raibh sé i gceist an chaipéis a fhoilsiú sna teangacha oifigiúla eile - seachas an Ghaeilge - ceal ama. Sin Ionadaí! Bullaí Fir, Seán. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 726 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 11:23 am: |
|
Cad in ainm croí dhílis Íosa arbh fiú stádas d'iarraidh san Ae nuair a raibh ar dhuine nach aistritheoir gairmiúl é an dua is an stró a tharraingt air féin go mbeadh an leagan Gaeilge ar fáil ar aontráth agus na fiche teanga eile.? Ach i ndiaidh sin is uile, maith an fear thú, a Sheáin. Fathach fir. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 130 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 12:07 pm: |
|
Áiméan a deirim. An fear ceart san áit cheart ag an am ceart. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6654 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 06:24 am: |
|
Tá form ag an fear céanna. Eisean a rinne gaelú ar shuiomh an Ambasáid i mBeirlín agus é ann. www.seanoriain.eu Chuireas nóta treaslaithe chuige ag an seoladh atá luaite thuas. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 132 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 08:39 am: |
|
Is spéisiúil go raibh ar bheirt seasamh sa mbearna bhaoil don Ghaeilge san Eoraip go dtí seo: Cearbhall Ó Dálaigh sna 70aidí agus an fear maith seo anois. An bheirt a rinne beart nuair a theastaigh sé, bhí a n-ainmneacha i nGaeilg acu. Léiríonn sé go leor faoin stát féin gur thit sé ar an duine aonar sa dá chás an obair a dhéanamh. GRMA a Aonghuis as sinn a chur ar an eolas. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6658 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 08:43 am: |
|
Daoine aonair a sheas riamh sa bhearna baoil! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 729 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 08:52 am: |
|
Cé ar an suíomh seo, a léigh nó a léifidh an conradh feasta? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6659 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 10:36 am: |
|
Chuir mé fios ar cóip crua den "Bhunreacht" ós rud é go raibh sé ar fail agus gur chreid mé gop mbeadh orm vóta a chaitheamh air. Rinne mé tréan iarracht é a léamh. Deanfaidh mé an rud chéanna leis an gConradh seo, iníon na Bunreachta de réir Parthalán s'againne. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6660 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 10:38 am: |
|
http://www.consilium.europa.eu/cms3_fo/showPage.asp?id=1317&lang=en&mode=g Níl ach 287 leathanach ann.... (Message edited by aonghus on December 14, 2007) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 731 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 12:57 pm: |
|
"iníon na Bunreachta" ? páiste gréine an Bhunreachta a thabharfainnse air. Dála an scéil, tá an bheirt againn ann ó thaobh a léamh de, ach nílim cinnte go fóill an gcuirfidh mé an dua chéanna ormsa i leith an chonartha. Níl mé in Éirinn anois, mar sin, tá mo chead guthaíochta bainte díom |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6668 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 17, 2007 - 08:34 am: |
|
Bhí soiléiriú i Lá inniu. An phreasráiteas ar an suíomh idirlín seachas an Chonradh ina iomláine a d'aistrigh an Rianach. Ar ndóigh, ba teanga Chonartha de chuid an Aontais í an Ghaeilge ó 1973 anall, i. bhí na Conraí ar fad ar fáil as Gaeilge. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 736 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, December 17, 2007 - 08:43 am: |
|
Ó! Tá mé ar fhóidín mearaí anois! Mar sin, bhí an +/_ 300 leathanach Gaeilge ann comhuaineach agus na 20 teanga eile: ach bhí an AE ró-ghnóthach preasráiteas Gaeilge a chur suas: an é sin é? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6671 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 17, 2007 - 10:39 am: |
|
Sin é, go díreach. TOITD, arís. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 738 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, December 17, 2007 - 10:50 am: |
|
"TOITD" ? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6676 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 18, 2007 - 06:15 am: |
|
'Tis only Irish, twill do. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 134 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, December 18, 2007 - 07:29 am: |
|
... Ar ndóigh, ba theanga Chonartha de chuid an Aontais í an Ghaeilge ó 1973 anall, i. bhí na Conraí ar fad ar fáil as Gaeilge. .... A bhuí sin do Chearbhall Ó Dálaigh. Ní mó ná sásta a bhí Rialtas na hÉireann abhus gur éiligh Ó Dálaigh go mbeadh an Conradh ar fáil i nGaeilg. Bhí an Ghaeilg ag brath ar duine aonair leis na céadta bliain anall: Ní hí an Ghaeilg a chuaigh ó chion ach an dream dar dual a dídion. (Diarmuid Mac Muireadhaigh a chan) |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 741 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 18, 2007 - 08:17 am: |
|
Chuirfinn geall go bhfuil na conarthaí ar fad léite agus seanléite agat, a Sheosaimh ! ;-) Dia leat, a aonghuis |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 135 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, December 18, 2007 - 08:47 am: |
|
Níor chuir aon chonradh a raibh sé de dhualgas orm a léamh aon ghliondar orm a Fhirn. Aon chonradh nach mbeidh sé de dhualgas orm é a léamh, ní dócha go gcuirfidh sé aon ghliondar orm a léamh ach oiread! Chuirfeadh leagan Gaeilge d'aon chonradh cathú orm nach gcuirfeadh a leathbhreac Béarla. Léas an-chuid truflaise i rith na mblianta mar gheall ar a bheith i nGaeilg. Ní rachainn i ngar ná i ngaobhar dá leath murach a bheith ar fáil i nGaeilg! Níl mé a rá nach léifead an Conradh seo, i nGaeilg ná i mBéarla, ach má tá mé le haon bhlas de a léamh in am ar bith, is é an leagan Gaeilge amháin a léifead. Tá an saol róghearr leis an mbarraíocht Béarla a léamh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 742 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 18, 2007 - 11:18 am: |
|
Ó! Chaill mé an geall, muise! |
|