Author |
Message |
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 02:16 am: |
|
Lughaidh, a chara, tá cara Britionais agam, ach níl aon teanga sin 'am. Ba bhreá liom má tá tú in ann a scríobh cúpla phíosa intí! MAr shampla: 'Dia duid?' 'Dé mar a thá tú?' 'tá siúl agam go bhfuil an aimsir go maith leis an 'cyacking' leat' 'bhuel, slán ó Chorea, agus beannachtaí na Nollac', 'le meas' ! Grma! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2186 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 04:05 am: |
|
’Cara Briotánach’ atá agad (Briotáinis = ainm na teangtha). Bheadh duifear eadar na habairtí sin de réir na canúna. Cárb as do do chara? Cib bith, seo na habairtí sa chanúint s’agamsa (iarthar an Mhorbihan): Dia duid = Devezh mat deoc'h Dé mar atá tú? = Penaos e ya an traoù genoc'h? Tá súil agam go bhfuil an aimsir go maith leis an 'cyacking' leat = Spi ’meus ema brav an amzer get... ???(dé is ciall le "cyacking"?) bhuel, slán ó Chorea, agus beannachtaí na Nollac' = Ma, kenavo doc'h ar C'hore, ha Nedeleg mat deoc'h le meas = get ma gwellañ gourc'hemennoù a galon Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 08:41 am: |
|
Grma a Lughaidh! Níl a fhios faoi an dhéilbhíocht -fiafróidh mé é agus nuair a thaganns an freagair, inseoidh mé thú. Tá sé ina chonaí i San Naibhair, agus d'fhoghlaim sé an teanga nuair a bhí sé fásta. Bhí obair 'diplomatas' leis na teaghlaidh, so nuair a bhí sé óg, chan eolas air faoi na teanga, ach nuair a thuig go mbíonn sórt teanga eile i Nord Ouest du France, thosaigh sé ag foghlaim. Fiafróidh mé na sonraíthe eile fresin |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 167 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 09:00 am: |
|
Lughaidh, Cad fá IPA (nó rud éigin níos simplí) don bhriotáinis úd? |
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 10:14 am: |
|
"Spi ’meus ema brav an amzer get... ???(dé is ciall le "cyacking"?) " Kyaking -you know the cyak? The personal boat thing. I can't get the spelling on the net... Breton: http://en.wikipedia.org/wiki/Breton_language#Sounds |
|
Webster (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 10:19 am: |
|
Kayak |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2189 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 12:38 pm: |
|
quote:Níl a fhios faoi an dhéilbhíocht ? Cha dtuigeam quote:Tá sé ina chonaí i San Naibhair, agus d'fhoghlaim sé an teanga nuair a bhí sé fásta. Bhí obair 'diplomatas' leis na teaghlaidh, so nuair a bhí sé óg, chan eolas air faoi na teanga, ach nuair a thuig go mbíonn sórt teanga eile i Nord Ouest du France, thosaigh sé ag foghlaim. Tá sin deas :-) quote:Cad fá IPA (nó rud éigin níos simplí) don bhriotáinis úd? Bheadh sé deacair rud ineacht níos simplí a scríobh siocair nach ionann fuaimeannaí na Briotáinise agus cuid a’ Bhéarla ar chor ar bith, tá eagla orm... Devezh mat deoc'h [dəɥaʁ ma ˈtɔχ} Penaos e ya an traoù genoc'h? [pəˈnɔ jan ˈtʁɔw ɟəˈnɔχ] Spi ’meus ema brav an amzer eit gober kayak [spi məz ma ˈbʁa n-amˈzəʁ ɛj gɔbəʁ kaˈjak] Ma, kenavo doc'h ar C'hore, ha Nedeleg mat deoc'h [ma, cənˈvo dɔh əʁ hoːˈre, a nedələg maː ˈtɔχ] get ma gwellañ gourc'hemennoù a galon [ɟə mə ɟɥɛˈlʰɑ͂ guʁçəməˈnɔw a ˈgaːlɔ͂n] quote:Kyaking -you know the cyak? The personal boat thing. I can't get the spelling on the net... Kayak atá ann. Cadhc i nGaeilg ( http://www.focal.ie/Search.aspx?term=kayak) quote:Breton: http://en.wikipedia.org/wiki/Breton_language#Sounds Tá meancógaí ann (mar a bíos in achan alt a bhaineas leis a’ Bhriotáinis ar Vicipéid..., mar nach speisialtóirí a’ chuid is mó do na daoiní a scríobh iad). Níl tʰ, pʰ, cʰ ná kʰ ann le fírinne, ach i gcásannaí áiríd (le béim a chur): t, p, c agus k atá ina n-áit sin. Agus ní [x] atá ann ach [χ], mar i nGaeilg. Agus bíonn difríochtaí de réir na gcanúintí. Agus san alt níl trácht ar na guthaí. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3383 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 07:29 pm: |
|
quote:Kayak atá ann. Cadhc i nGaeilg Dáiríre? Beurk. Tá sé sin go huafásach mar Ghaelú, de réir mo chluaise agus mo bharúla. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 13, 2007 - 10:01 pm: |
|
"Níl a fhios [agam] faoi[n] [n]dhéilbhíocht [air]" "ach nuair a thuig" [sé] I gCoreas, níl na forainmneacha pearsanta láidir -níl na daoine in ann a thuig an fhadhb sna abartíeanna: "Big Brother Pig was walking down the road. He saw a man selling sticks, and he didn't like it." I mo cheannsa, bíonn 'it' ag úsáid i reference leis na bataí le díol, ach i gceann an scríobhneora (Koreanach gan dabht) agus na Koreanachaí eile a bhíos ag léamh é, níl aon fabhb mar bhíonn siad abalta a bheith a 'pronoun dropping'. Cheapaim go bhfuil sé in ann, mar nuair a bhíonn an 'subject' é furasta a thuig, níl aon gá ag úsáid é (i gKorean), ach i mBéarla bíonn an toradh atá air go bhfuil 'mismatching the internal referent'. I mo shampla an Bhéarla, bíonn an difríocht mór idir 'them' (~bataí) agus 'it' (bataí le díol) mar a bhíos i dteangacha Europacha difríochtaí láidir i bpronouns le pearsanta, uibhreacha agus b'fhéidir tuiseal; da bharr sin, bíonn sí deacair leis na daoine anseo. So, i 'mBéarla-Koreanach' is cuma lag orthu leis na pronouns ag úsáid |
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 02:25 am: |
|
"I mo cheannsa, bíonn 'it' ag úsáid i reference leis na bataí le díol, ach i gceann an scríobhneora (Koreanach gan dabht) agus na Koreanachaí eile a bhíos ag léamh é, níl aon fabhb mar bhíonn siad abalta a bheith a 'pronoun dropping'." oppsss ..."ach i gceann an scríobhneora, bionn se ina abhar mhor maidir leis an difriocht idir 'it' agus 'them' san abairti seo |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2191 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, December 14, 2007 - 04:56 pm: |
|
quote:Kayak atá ann. Cadhc i nGaeilg Dáiríre? Beurk. Tá sé sin go huafásach mar Ghaelú, de réir mo chluaise agus mo bharúla. Aontam leat, ach sin an rud a fuair mé in Focal.ie, agus a léigh mé áit ineacht roimhe sin gomh maith. Fadhb atá ann fosta, go bhfuaimníthear -adh- mar -é- i gCúige Uladh, mar sin bheadh "caec" againne... Char smaoiteadh orainne nuair a tógadh ’n Gaelú sin... Brn > ceart go leor. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, December 15, 2007 - 10:57 pm: |
|
Tá a fhreagair agam. Labhraíonn sé i gcanúint is ainm 'Bro-Dreger' |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2192 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, December 16, 2007 - 12:42 pm: |
|
á, canúint difriúil go leor mar sin. Gidh nach speisialtóir ar a’ chanúint sin mé, deirfinn go n-abróchadh siad: Boñjour deoc'h [bɔ͂ʒuɹ ˈdɛχ} Penaos emañ kont? [penoz mɑ͂ ˈkɔ͂n] Emichañs eo brav an amzer evit ober kayak [miˈʃɑ͂s e ˈbɹaw ən ˈɑ͂mzəɹ wid ˈoːɹ kaˈjak] Ma, kenavo deus ar C'hore, ha Nedeleg mat deoc'h [ma, kenaˈvo døz əɹ ˈχoːɹe a neˈdeːləg ˈmaː ˈdɛχ] gant ma gwellañ gourc'hemennoù [gɑ͂n ma ˈgwɛlɑ͂ guɹhɛˈmɛno] Tá súil’s agam nach dtearn mé dearmad ar thréith ar leith do chuid na canúna sin... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, December 16, 2007 - 07:46 pm: |
|
Níl aon fhabhdb; taim athás mór orm le do chuidiú!, ach caithfidh mé é a rá go bhfuil difríocht an mhór eatarthu. Agus cád tá bunús na fuama 'r' mar a bhios sí cosúil le Béarla? |
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, December 16, 2007 - 07:49 pm: |
|
"Níl aon fhabhdb; taim athás..." aon fhadhb... tá athás... |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2194 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, December 17, 2007 - 02:08 pm: |
|
áthas Bhuel, níl ’s agam cad chuighe a mbíonn r Béarla acu sin. Ar tús bhíodh r mar rr leathan na Gaeilge in achan áit sa Bhriotáin. Agus in Bro-Dreger, in áiteacha, hathradh é go [ɹ]. Cailleadh ’n "alveolar tap" mar i mBéarla. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|