mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (November-December) » Archive through December 21, 2007 » Question of Dennis « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2179
Registered: 01-2005


Posted on Monday, December 10, 2007 - 02:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Haigh a chara

Ceist agam ort: an rabh na consain leathna ’velarised’ / ’bilabialised’ i Sean-Ghaeilg?

Mar shampla:

marb > [mʷɑɾβ] or [mɑɾβ] ?
scél > [ʃceːlˠ] or [ʃceːl] ?

Go rabh maith agad roimhe ré

(sa teideal ba "for Dennis" a bhí i gceist agam ar ndóighe)

(Message edited by lughaidh on December 10, 2007)

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3374
Registered: 02-2005


Posted on Monday, December 10, 2007 - 11:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní féidir liom na litreacha IPA a léamh, ach is dóigh liom go dtuigim na ceisteanna mar sin féin. Bhí an 'b' séimhithe déliopach i gcónaí. Maidir leis an 'l', creidtear go raibh an córas an-chosúil leis an gceann atá le fáil (nó a bhí ann go dtí le déanaí ar aon nós) i nGaeilge Uladh, mar atá l, l', L, L':

scél /s'k'e:l/
sail /sal'/
coll /koL/
coill /koL'/
quote:

(sa teideal ba "for Dennis" a bhí i gceist agam ar ndóighe)

Bhí a fhios agam riamh go raibh mé questionable!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2185
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, December 13, 2007 - 03:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Ní féidir liom na litreacha IPA a léamh,



Cad chuighe? Scríobham in Unicode iad agus má tá ’n cló Gentium agad, ba chóir go dtiocfadh leat iad a léamh...


quote:

ach is dóigh liom go dtuigim na ceisteanna mar sin féin. Bhí an 'b' séimhithe déliopach i gcónaí.



Chan é sin a bhí i gceist agam ach seo:
sa tSean-Ghaeilg, an rabh glide ’w’ le cluinstean i ndiaidh na consain liopacha:
marb = "mwarv" ?
bás = "bwás" ? srl

An mbeadh duifear mór eadar -bae agus -be i ndeireadh focail, mar shampla ?

quote:

Maidir leis an 'l', creidtear go raibh an córas an-chosúil leis an gceann atá le fáil (nó a bhí ann go dtí le déanaí ar aon nós) i nGaeilge Uladh, mar atá l, l', L, L':



ach an rabh sé cosúil ó thaobh na bhfuaimeann dó? Sin le ráidht:

L = l déadach velarised
l = l ailbheolach velarised
L’ = l palatal
l’ = l ailbheolach giota beag palatalised

ins an leabhar "Sengoídelc" scríobh Stifter nach rabh ann ach duifear palatalised/non-palatalised. Agus de réir a dtuigeamsa, non-palatalised = plain consonant (chan velarised).

Mar sin: scél > s'k'e:l (velarised l or plain l ?)

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6649
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, December 13, 2007 - 06:10 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Cad chuighe? Scríobham in Unicode iad agus má tá ’n cló Gentium agad, ba chóir go dtiocfadh leat iad a léamh.



Is Macóir é Dennis!
Ní bhíonn an scéal chomh simplí sin, fiú le Unicode (fós).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2187
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, December 13, 2007 - 08:19 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cha rabh fadhb ar bith agam ariamh le cló ná le haibítir ar bith ar an idirlíon go dtí seo... mar sin shíl mé gurbh amhlaidh leis na daoiní eile.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2188
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, December 13, 2007 - 08:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo mo cheist ar chuma pioctúir, a Dhennis. Tá súil ’s agam go bhfeicfidh tú an uair seo í :

http://i228.photobucket.com/albums/ee105/Lughaidh/CeistarDhennis.png

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3384
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, December 13, 2007 - 07:51 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat as an bpictiúr. Tuigim anois, ach ní dóigh liom gur féidir liom aon fhreagra sásúil a thabhairt duit. Is deacair a rá an é marb = "mwarv" nó marb = "marv" a bhí ann ag an am sin. Ní chreidim go bhfuil a fhios ag éinne. Níl a fhios agam an bhfuil teoiric ag éinne faoi seo. Cuirfidh mé an cheist faoi bhráid duine nó beirt eile, áfach.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3385
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, December 13, 2007 - 07:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dála an scéil, a Lughaidh, ar mhiste leat an "pictiúr" sin a choinneáil ar do shuíomh go ceann tamaill eile, le go mbeidh deis ag scoláirí eile súil a thabhairt air?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2190
Registered: 01-2005


Posted on Friday, December 14, 2007 - 04:51 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl fadhb ar bith, a chara, cib bith cha gcuiream ar ceal é nó nach mbeidh spás fágtha ansin, agus ó tharla nach minic a chuiream pioctúracha ann, fanóchaidh ’n pioctúr sin ansin go cionn tamailt fhada.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/



©Daltaí na Gaeilge