Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 158 Registered: 04-2007
| Posted on Saturday, December 08, 2007 - 06:03 am: |
|
Beh Yehuda na Gaeilge? http://www.geocities.com/royruadh/gaeilge_amhain Iontach maith dar liomsa! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3371 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, December 08, 2007 - 01:40 pm: |
|
An-suimiúil. Caithfidh mé dul i dteangmháil leis. GRMA as an suíomh sin a chur ar ár súile dúinn, a GhGN. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 125 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, December 10, 2007 - 06:03 am: |
|
Sheolas ríomhphost chuige ar ball i ngeall a litir dá chuid a foilsíodh i bhFoinse. Tá cuma mhaith ar a chuid Gaeilge agus is cosúil go bhfuil sé sách stuama mar dhuine. Dhá dhea-chomhartha iad sin. Beidh mé féin ag athrú mo chuid oibre roimh i bhfad, tá súil le Dia agam, agus d'fhéadfainn féin slán a fhágáil leis an mBéarla. Ní ghlacfadh sé oiread sin orm a dhéanamh, ach san obair a bhfuil mé faoi láthair, brúnnn an Béarla isteach ar chaon taobh ina tonn tuile. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 126 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, December 10, 2007 - 06:06 am: |
|
Spéisiúil an botún Freudach sin, slán a fhágáil leis in áit an slán a fhágáil 'ag'. B'fhéidir nárbh as an mBéarla a shnígh sé isteach sa sliocht thuas ach gurb é an Béarla a bheas ag imeacht. Is dóigh liom. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 159 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, December 10, 2007 - 07:25 am: |
|
Labhair sé go hiontach stuama ar na Giollaí Deacra, Raidió Fáilte Dé hAoine seo caite. Beidh áthchraoladh ann maidin amárach ag 9:00 - am na hÉireann. B'fhiú eisteacht leis. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 367 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, December 10, 2007 - 07:30 am: |
|
Fuair mé a litir a bhí i Foinse Dé Sathairn ana-shuimiúil. Gura míle as an nasc |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 368 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, December 10, 2007 - 07:32 am: |
|
Ag breathnú ar a dhialann is léir nach bhfuil sé ach ag labhairt Gaeilge amháin i gcónaí..... céard faoi obair agus araile. Seo go hiontach. Caithfidh mé triail a bhaint as! ;) |
|