quote:Tá 'blas' Éireannach ag achan duine in Éirinn agus Béarla a labhairt acu, déanta na fírinne tá ar gcuid Béarla féin againn.
Mar a d’úrt Aonghus, tá blasannaí éagsúla in Éirinn. Is fusa fear as BÁC a thuigbheáil ná fear as Béal Feirste, agus níl an dá bhlas sin cosúil le chéile ar chor ar bith.
quote:Mar sin, nuair a thiontaigh Gaeil ó Ghaeilg go Béarla, Béarla na hÉireann atá ann, Béarla nach bhfuil bunaithe go hiomlán ar Bhéarla Shasain.
An Béarlóir Éireannach atá a’ foghlaim na Gaeilge, ní blas na Gaeilge a bheas aige ach blas Béarla na hÉireann.
Agus na cainteoirí Gaeilge Gaeltachta, nuair a labhras siad Béarla bíonn blas ar leith acu fosta, go minic. Níl a’ ceol céarna le cluinstean ina gcuid abairtí.
quote:An ionann an scéal sa Bhriotáin, a maireann Blas na mBriotáinise nó an labharann daoine le blas na Fraincise go hiomlán.
Sa Bhriotáin, ní bhíonn mórán blais aige na daoiní óga don chuid is mó. Na Frainciseoirí as a’ Bhriotáin, nuair a fhoghlaimeas siad Briotáinis bíonn blas Francach aige’n mhórchuid acu.
Na seandaoiní a bhfuil Briotáinis acu, bíonn blas trom Briotánach acu (agus amannaí is deacair iad a thuigbheáilt, go háiríd munab fhuil Briotáinis agad).
Fán tuaith, amannaí labhrann Frainciseoirí Fraincis le blas Briotánach (níos "éadroime" ná cionn na seandaoiní, áfach), ach cailltear an blas sin beag is beag ó ghlúin go glúin ós rud é nach labhrann na daoiní óga Briotáinis níos mó.
quote:An mhaireann fuaimneana na Briotáinise agus daoine ag labhairt na Frainicise sa dóigh is a mhaireann fuaimeanna na Gaeilge in Éirinn in aiteacha ina raibh an Ghaeilg a labhairt ar na mallaibh?
Níl mórán fuaimeann sa Bhriotáinis nach bhfuil le fáil i bhFraincis. An fhuaim [χ] agus cupla gutha srónaithe, sin an méid, dar liom. Níl an fhuaim [χ] sa Fhraincis, mar sin cha gcluinfeá sin i mbéal na mBriotáiniseoir ’s iad a’ labhairt Fraincise.
quote:Ar ndóigh, labharithear tréan Gaeilge sna Cathracha anois, Gaeilg atá bunaithe ar choras fuaime an Bhéarla cuid mhór den ama (cionnas a fhorbrochaidh an Ghaeilg amach anseo mar sin?, an amhlaidh an scéal thall?
Na daoiní atá ’foghlaim na Briotáinise, a’ chuid is mó don am, bíonn blas trom Francach acu:
- do dheasca nach bhfuil an blas ceart aige’n chuid is mó do na múinteoirí
- do dheasca nach mbíonn na Francaigh go maith sna teangthacha (go háiríd nuair a bíos orthu fuaim neamh-Fhrancach a dh’fhuaimniú). Cha bhíonn mórán ceoil sna habairtí Fraincise, mar sin cha bhíonn na Frainciseoirí cleachta ceol a chur ina gcuid abairtí agus iad a’ labhairt i dteangaidh eile
- do dheasca nach mian le cuid acu blas feirmeora a bheith acu (ach ghníonn siad dearmad gurb aige na feirmeoirí atá an Bhriotáinis is fearr!)
- do dheasca go bhfuil siad falsa.