Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 106 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 19, 2007 - 06:19 pm: |
|
An do chuala duine ar bith agaibh trácht air Interlingua riamh … http://en.wikipedia.org/wiki/Interlingua ’dé’n baramhail atá agaibh. An urrainn linn a leithead a bhith againn le Gaeilg, i.e. Eadar-Ghaeilg, caighdeán a thuigidh gach Gael? Bheadh é níos fusa a dhéanamh le Gaeilg dar liomsa, Da mbeidheamh sinn sásta cupla chéad focal sa bhreis a ionnsachadh sin an mhéad a bheidheamh riachtanach. An bhfeil iarracht déanta ag duine ar bith cheanna? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2118 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 19, 2007 - 07:24 pm: |
|
Níl ’s agam. Má labhrann tú Gaeilg Reachlainne nó Gaeilg Ghlinntí Aontroma, tá mé ’déanamh go mbeidh tú go díreach leathbhealach eadar Gaeilg na hÉireann agus cionn na hAlbana. Scríobhadh cupla leabhar fá dtaobh daofa i dtús an 20ú haois. Rud eile: dá scríobhfá i nGaeilg leis an tseanlitriú, is dóigh liom gur fusa a thuigfeadh na hAlbanaigh thú: níor simplíodh a litriúsan. Ach tá fadhb an fhoclóra ann fosta: tá cuid mhaith focal i nGaeilg na hAlbana nach bhfuil le fáil (nó a cailleadh) i dteangaidh na hÉireann. Caithfear iad a roghnú go maith... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3320 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 19, 2007 - 07:44 pm: |
|
quote: níor simplíodh a litriúsan Níl sin fíor go hiomlán. Tá focail ann, cinnte, ar nós "saoghal", nár athraíodh ós rud é go bhfeileann an litriú sin do fhuaimniú an fhocail. Ach tá focail eile ann, ar nós "ro" (= roimh) a thréig an seanlitriú -- ar mhaithe leis an bhfuaimniú! quote:tá cuid mhaith focal i nGaeilg na hAlbana nach bhfuil le fáil (nó a cailleadh) i dteangaidh na hÉireann. Agus vice versa, ar ndóigh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2119 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 19, 2007 - 09:27 pm: |
|
Bhí mé ’g iarraidh a ráidht go bhfuil a litriú i bhfad níos comhgaraí do litriú thraidisiúnta na Gaeilge, ná ’n caighdeán oifigiúil. Cha dtearnadh mórán athruithe i litriú Ghaeilg na hAlbana ón am ar toiseadh á scríobh, deirfinn. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 107 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 04:54 am: |
|
Shaoil mise gurb é an urú nó an easpa de an fhadhb is mó a bheadh ann. Ar ndóigh, tá mé ag caint fá chaighdeán scríofa amháin. Silim gurb fhéidir frasaí bunúsacha a aontú áfach sa dóigh is gur féidir bunchomhrá a bheith agat gan stró. Ar ndóigh is féidir sin a dhéanamh anois den chuid is mó. Bheadh fadhbanntaí ar leith le Gaeilg Mhainnín. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3323 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 10:23 am: |
|
Tá constaic mhór eile ann, a Ghaelgannáire. Tá an córas briathartha sách difriúil sa dá theanga. Mar shampla: 1. Tá "ithim" agus "tá mé ag ithe", nach n-ionann a gciall, againn. Níl ach "tha mi ag ithe" acu. 2. Tá "itear, déantar (déanfar, déantaí...)", etc. againn. Níl acu ach "thathar a' dèanamh". Ní minic a deirtear é sin agus tá ciall eile leis, ar aon nós. 3. Tá an modh foshuiteach caillte acu den chuid is mó. Ní féidir "go ndéana, nár lige, go maire", etc. a rá. 4. Ní dhéantar aon difríocht ar "deirinn" agus "déarfainn", etc. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 108 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 10:48 am: |
|
Dáirire Dennis ní dóigh liom go bhfuil na difríochtaí siúd a luaigh tú do-sháraithe. Mar shampla maidir leis an chéad cheann, Nach ndéanfadh 'bím ag ithe' gnáithe? Is minic a chloisim a leitheid in Ultaibh. Maidir leis an 4. cheann, hmmm, an ndéantar mórán difear eadarthu in Éirinn? Ar ndóigh, 'give and take' atá i gceist agam. Chomh maith le caighdeán scríofa, a bheadh in úsáid fá choinne rudaí speisialta amháin bheadh spéis agam bun-frasaí a aontú, bheadh fadhb nó dhó againn ansin ach bheinn ar son ... 'Gaeilg' > lingua Gaedilicum 'Cionnas tá tú' mar 'how are you' go rabh math agat mar 'thank you' An mbeadh mórán ag aontú leis an dá abairtín siúd ó thaobh Ghaeilge na hÉireann de. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 109 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 10:51 am: |
|
nó maidir leis an chéad cheann Ithidh mé/mi? Bhí (Tá?) an foirm sin i dTír Chonaill, mar fhreagra amháin áfach. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3324 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 11:27 am: |
|
quote:Ithidh mé/mi? "Íosfaidh mé" an chiall atá le "ithidh mi" i nGaeilge na hAlba. Bheadh sé níos éasca, agus i bhfad níos úsáidí, dul i dtaithí ar an nGàidhlig ná "lingua Gadelica" nua a chumadh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 110 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 11:34 am: |
|
Ní lingua úr atá i gceist agam a Dhennis, go bunúsach ba mhaith liom úirlis comhrá a chruthú a dhéanfas comhrá níos eascaí. Tá a fhios agam as a bheith ag caint le hAlbannaigh gur féidir comhrá iomlán a bheith agat má dhéanann tú iarracht chun cupla bun-rud a fhoghlaim, tá a mhalairt fíor chomh maith. Ar ndóigh, tá dhá chiall le 'ithidh mi' dar liom. Má thagaim ar rud éigin ar líne cuirfidh mé suas é. Ar ndóigh, bhí an cheart ag Lughaidh, da mba rud é go raibh Gaeilge Reachraidh agat bheadh an rud seo níos eascaí. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 141 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 11:48 am: |
|
'Ithidh mi' na Gáidhlig - 'ithim' agus 'íosfaidh mé' na Gaeilge. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 111 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 11:55 am: |
|
RG Cuan 'Bhfeil 'ithidh' agat fhéin? Cha minic/tric a deir mi é ach tá 'Bídh' agam go cinnte. i.e. An mbíonn sé ann? Bídh sé! Cionnas a labhraidh tú fhéin le lucht na Gaeilge in Albain RG? meascán? Gaeilg na hAlbain go h-iomlán? An rabh mórán comhluadar ag duine sam/ar bith agaibh le Gael as Mannain? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3325 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 12:00 pm: |
|
"Ithidh" = "itheann" i Nua-Ghaeilge Chlasaiceach (.i. an aimsir láithreach). Ach baintear úsáid as mar fháistineach i nGàidhlig: ithidh mi = íosfaid mé chan ith mi = ní íosfaidh mé Féach go bhfuil rud acu nach bhfuil againn, mar atá an t-athrú rialta ó "ithidh" go "ith". Sampla eile: togaidh mi = tógfaidh mé an tog mi? = an dtógfaidh mé? cha tog mi = ní thógfaidh mé "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 112 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 12:09 pm: |
|
Fair play, Cha shaoilim go bhfeil iomlán an chirt agat ach is mar a bhíonns. Tá mé ag dul ceist a chur ar Albannach le feiceáil an bhfuil an dá chiall aige. Seans nach bhfuil in Leodhais ar ndóigh. RG, An deir mórán in Ultaibh 'íosfaidh' inniu dar leat, ithfidh mé a deirim fhéin, agus a bhíodh i gcónaí i nduiche s'againne dar liomsa cibé ar bith. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2121 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 01:59 pm: |
|
Cha chualaidh mise ach "íosfaidh" in Ultaibh, agus i nGaoth Dobhair (agus i dToraigh fosta, dar liom), deirtear íosam, íosann tú srl san aimsir ghnáthláithreach féin. Cár chualaidh tusa "ithfidh" ? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 142 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 20, 2007 - 08:10 pm: |
|
Nuair a bhím féin ag bruidhin le Gaeil na hAlba bainim úsáid as Gáidhlig s'acusan den chuid is mó ach bíonn frásaí Gaeilge ann chomh maith agus éiríonn go breagha liom. Chan eil mé cinnte faoi 'ithfidh' sa lá atá inniu ann, feumfaidh mé a rá, ach bhí sé in oirthear Uladh gan amhras. Dennis, ar ndóigh, bíonn ciall na haimsire láithrí agus na haimsire fáistiní leis na samplaí Gáidhlig a luaigh tú thuas. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 113 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 04:43 am: |
|
RG, GRMA. Feumaidh mi eisteacht níos curámaí an chéad tráth eile a bhéas mé i dTír Chonaill ná Maigh Eo maidir le 'ithfidh', seans go bhfuil sé i m'aigne féin!! Feumaidh sinn a' dul a' blagadaireacht ar shuidheamh Albannach go bhfeicfidh sinn an féidir/urrainn linn a bheith inthuigthe do lucht na Gaeilge san trí thír. Cha dtig liom Gaeilg Mhainnín a labhairt mórán agus cha dtuigim ach corr-fhocal di. RG, an mbeifeá sásta le 'Cionnas tá tú' mar an chéad abairt sa Ghaeilg Choiteann? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2123 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 05:07 am: |
|
Má abrann tú "dé mar a tha thu", tuigfidh Ultach agus Albanach thú. Níl "cionnas" ar bith in Ultaibh (ná i gConamara b’fhéidir). Smaoiteochadh Ultach ar "cionn is go" (because) dá gcluinfeadh sé é, dar liom. Thuigfeá Gaeilg Mhanann (sin an litriú ceart) dá mbeadh sí scríofa le litriú níos fearr.... Tá cuma dheas ar litriú na Manainnise, ach is é ’n fhadhb atá ann nach féidir a fhios a bheith agad cad é mar ba chóir na focla a dh’fhuaimniú nuair a tchí tú iad. Tá sé neamhrialta amach. Fiabhram domh féin cad chuighe nár hathradh é... (Message edited by lughaidh on November 21, 2007) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 114 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 06:54 am: |
|
"Má abrann tú "dé mar a tha thu", tuigfidh Ultach agus Albanach thú. Níl "cionnas" ar bith in Ultaibh (ná i gConamara b’fhéidir). Smaoiteochadh Ultach ar "cionn is go" (because) dá gcluinfeadh sé é, dar liom." Sin sampla mhath den na fadhbannan a bheadh ann. Bheinn féin ar son 'cionnas tá tú' áfach. ... De bhrí go bhfuil leagan de ar fáil i ngach cineál Gaeilge. Chomh math leis sin tá mi den bharamhail gurb é sin an leagan is claisicí. Chomh math leis sin, char bhuail mi le hUltach ar bith nach dtuigfeadh 'Conas tá tú' mar gheall ar an teilifís, ar an raidió, tionchar na nGaeilgeoirí agus mar sin de. Tá 90%+ de Ghaeil Mhannain ar son an litriú sin, de bhrí gurb é sin an rud 'is mannainí' fá Ghaeilg s'acu. Tá corrdhuine ann a bhfeil Gaeilg na hÉireann acu a bheadh ag iarraidh athrú ach is mionlach amach iad. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 143 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 07:00 am: |
|
Bhainfinn féin úsáid as 'Dé mar tha thú?' sula mbainfinn úsáid as 'Cionnas tha thú?'. Is iomaí foirm den fhrása seo atá ann sa dá thír agus ar an iomlan sílim go bhfuil an dá leagan seo intuigthe go maith ag Gael sam bith. Tá mé ag teacht le Lughaidh maidir le litriú Ghaeilg Mhanann ach ní dóigh liom go mbeadh na Manannaigh sásta é a athrú. Ba cheart díriú isteach ar Ghaeilg na hÉireann agus na hAlba ar dtús agus faodfaidh lucht na Manainnise theacht isteach dá mba thoil leo. A Ghaeil Gan Náire, cha bhíonn mórán de dheacracht agat ar chor ar bith comhrá a dhéanamh ri Gaeil na hAlba ar líne. Tá neart suíomh ann gan bheith ag bruidhinn mu dheidhin na bhidios ar youtube srl.! |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 115 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 07:16 am: |
|
Tá a fhios agam RG. Tá cupla rud i nGaeilg Mhannain úsáideach áfach. Mar shampla - 'foast', leath-bhealach idir fhathast agus fós. Bhainfinn féin úsáid as 'Dé mar tha thú?' Ar chór go mbeadh 'tá' seimhithe. Tá an leagan seimhithe ar fáil in Éirinn gan dabht, ach tá 'tá' níos coiteanta, tá 'tá' níos claisicí, tá 'tá' anns Mannain agus tá 'tá' ar fáil sa mBíobla in Albain. Tá a fhios agam go bhfeil tú in amhrás mun/fá na Manannaigh a RG!! |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 144 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 08:12 am: |
|
Ba cheart go mbeadh 'tá' agus 'thá' inghlactha. 'S an aon rud gun fheum a dhéanamh ná a rádh ri gach uile duine gu bheil an innse eile ann. Ní gá na cánanan a athrú mórán, díreach an t-eolas a scaipeadh faoi na foirmeacha éagsúla. Nan déanadh a h-uile mhuinear sin, cha bhiodh ceist sam bith ann! |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 116 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 08:20 am: |
|
RG, Cha vs. Ní? Sin an cheist mhór! Aríst, cé go saoilim go mbeadh corás scríofa/sgríobhaidh indéanta tá mise ag caint ar bhun-chaint, na bun-comhráití atá i gceist. Tá é math go leor dúinn ach tá daoine óga in Leodhais agus i gCuige Mumhan nach urrainn leo bruidhinn le chéile, nach déanann aon iarracht. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6501 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 08:41 am: |
|
Cha fheicim cá bhfuil an deacracht! Cha bhfuil móran gaeilgeoirí líofa abhus nach dtuigeann cha. Ach ní dóigh liom nach dtuigeafdh siad ní ach oiread! Ach feictear dom nach fiú a bheith ag dearadh teanga dá léithéid beag beann ar fhíor chaidreamh san fíor saol, nó fiú san saol fíorúil. Nach é seo go bunúsach a bhíodh ann ar Gaelic-L sna sean laethanta? Daoine ag scríobh as na gaeilgí faoi seach. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 117 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 09:03 am: |
|
Aonghus Cha fheicim cá bhfuil an deacracht! Cha bhfuil móran gaeilgeoirí líofa abhus nach dtuigeann cha. Ach ní dóigh liom nach dtuigeafdh siad ní ach oiread! Ní thuigeann Albannaigh 'Ní' den chuid is mó. Chomh maith leis sin, Chan fheicim agus chan fhuil/fheil a deirtear, léiríonn na meáncógaí úd an pointe. Caidreamh sa fíorshaol atá i gceist agam dar liom féin ar scór ar bith. Is oth liom a' bheith ag eisteacht le gael óg as Éire ag tiontú ar an Bhéarla chun labhairt le hAlbannach, agus a mhalairt, fiú nuair nach bhfuil i gceist ach bun rudaí. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 145 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 10:02 am: |
|
Oideachas, sin an réiteach. Is dóiche nach mbeadh spéis ag an mhórchuid den phobal san Eadar-Ghaeilg ach is fiú rud inseacht a thriail, díreach ar mhaithe le heolas a scaipeadh. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 118 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 10:23 am: |
|
"Oideachas, sin an réiteach." Sin é. Agus mar chuid den oideachas seo, dá dtiocfadh linn cupla scór abairt a aontú beadh sé iontach dar liom. Bunchloch atá i gceist. An gcuala sibh mo dhuine ar an BBC ag rá 'sgoinneal' go tric ar na mallaibh. An bhfeil spás sa Ghaeilg don fhacal sin? BBC Irish ag brú Gáidhlig orainn? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 147 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 12:37 pm: |
|
Sin atá á dhéanamh acu! Chuala mé 'sgoinneil' minic go leor in Ultaibh ar na mallaibh. Is léir go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar Ghaeil anseo. Focal 'ar dóigh' atá ann, bainim féin úsáid as anois chomh maith. (Message edited by RG_Cuan on November 21, 2007) |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 119 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 02:51 pm: |
|
RG, An mbeifeá den bharamhail má thaitníonn facal linn as Gaeilg na hAlbain gur chóir dúinn a úsáid gan leisc sam bith? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6506 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 03:04 pm: |
|
Bheinnse. Agus bhí an Cadhnach, fosta. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6508 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 04:53 pm: |
|
quote:Mar tá a fhios ag cách tá a lán cainte beo in Albain nach bhfuil beo in Éirinn anois ach a bhí sa nGaeilge abhus tráth. Bainim corrfhocal aisti. Sílim go n-aithneoinn céard is féidir a bhaint aisti agus nach mbeadh in a choirce scéin sa nGaeilge. Scríobhaim ``teine bhial na hoíche'', leagan nár chuala mé ariamh in Éirinn ach a thuigfeadh Gaeilgeoir ar an toirt. Ar a mhalairt ní scríobhfainn rud a bhí in Éirinn deireanach go leor: ruigim a leas (leigidh mi a leas), ná an trásta ach an oiread. Tá siad ro-sheargtha, ro-chosúil le Gaeilgeoirí Éireannach arb é ``an féileadh'' a bheadh orthu. http://lepo.it.da.ut.ee/~axel/celtica/paipeir.html |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 149 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 06:40 pm: |
|
An mbeifeá den bharamhail má thaitníonn facal linn as Gaeilg na hAlbain gur chóir dúinn a úsáid gan leisc sam bith? Gan amhras! Is é an t-aon teanga atá inti! Mórán taing as an nasc sin a Aonghuis. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3326 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 07:46 pm: |
|
Is minic a bhím ar tí nath a d'fhoglaim mé i nGàidhlig a úsáid i nGaeilge. Uaireanta sciorrann siad uaim go hainneonach. Mar shampla, deirtear "an dà chuid X agus Y" i nGaeilge na hAlba leis an gciall "both X and Y". Ní deir muid é sin, go bhfios dom, ach is breá an cor cainte é agus ba bhreá liom feidhm a bhaint as. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3327 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 07:50 pm: |
|
quote:An mbeifeá den bharamhail Ní gá an seanlitriú a úsáid sa chas seo. Níl sé níos giorra don Ghàidhlig. A mhalairt ar fad. "Barail" an focal atá acu thall. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 151 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 21, 2007 - 08:28 pm: |
|
Is maith liom 'beachd' a úsáid sa chiall seo chomh maith. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 120 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 22, 2007 - 04:37 am: |
|
Dennis, Barail atá / a bhí in Ultaibh chomh maith, an rud atá ann áfach ná gur féidir leis an litirú baramhail idir barúil agus barail a chur in iúl don té a thuigeann caidé tá i gceist. Is cinnte gur úsáideadh baramhail mar litriú in Oirialla cé gur barail an fuaimniú a bhí leis. B'fhearr sin ná barúil a úsáid más barail atá i gceist. Ar ndóigh, seo thread ar Eadar-Ghaeilg, tá cáil againn ag sugradh anseo! Ar ndóigh, bhí 'cha leigeann tú a leas' ag na cainteoirí dúchais deireannacha in Oirialla fosta agus TÁ sé cloiste agam go minic ó chainteoir nua Gaeilge in Ultaibh, char thuig mé riamh an fhadhb a bhí ag Gaeil áirithe leis an náth cainte seo. An bhfeil sé agat féin RG? Caidé as nach féadar linn a rá inniu? Goidé fá 'idir' in áit 'ar chór ar bith'. Aríst sin Gaeilg Uladh ach silim go bhfuil sé mí-dhleathach a leithead a rá i saol na linne seo. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 152 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 22, 2007 - 04:49 am: |
|
Tá 'cha lig a leas', agus a fhoirmeacha, ar na frásaí is deise dar liom atá sa Ghaeilg. Agus is nath deas é fosta 'idir' a úsáid sa chiall luaite ag Gaeil Gan Náire. Is cinnte gur cheart á n-úsáid. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 121 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 22, 2007 - 05:06 am: |
|
Ar ndóighe, tá fear ag obair ar an cheist seo i rith an ama. "Gaedhilg Cho-Choitcheann? An urrainn/féidir dóigh scríobhaidh/scríobhtha Gaedhilge bh(e)ith ann a thuig(f)eas Éireannaich agus Albannaich? Tha barail/baramhail agam mun/fán chúis, ach chan eil me deiseil/réidh fhasast/go fóill airson am foillseachadh/lena bhfoillsiughadh." http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ Títear domh gurb é an reiteach atá aige ná dul siar chuig an tsean-litriu. Tá seisean ag smaoineadh ar 'd[h]óigh scríobhaidh/scríobhtha'. Saoilim fhéin gurb eascaí cáil beag abairtí a aontú. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 155 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 22, 2007 - 09:44 am: |
|
Tagaim leat a Ghaeil GN. Is dóiche nach fiú litriú ceachtar den dá theanga a athrú ach dá scaipfí frásaí agus eolas faoi na leaganacha éagsúla, b'amhlaidh ab fhearr a bheadh muin. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 123 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 22, 2007 - 11:25 am: |
|
Silim go gcaithfidh muid a rá 'Go rabh math agat' mar 'thank you' mar sin. Do mheas. Tá rabh seachas raibh níos coiteanta in Éirinn fiú. Tá 'math' níos coiteanta sa dá thír. Tá an frasa féin le fáil in Albain agus in Eilean Mhannain. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 156 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 22, 2007 - 01:07 pm: |
|
Chan eil cinnteach mu dheidhin an té sin. An Gael a thuigfeadh 'Go raibh math agat', thuigfeadh sé 'Go raibh maith agat'. Is féidir linn 'Go raibh ma(i)th agat', 'tapadh leat', 'mórán taing' agus 'sonas ort' a úsáid. Tá siad uilig intuigthe an déidh á gcluinstin uair amháin. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2127 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, November 22, 2007 - 07:08 pm: |
|
Raibh > robh in Scotland, row in Man ([ro] in Ulster) Maith > math in Scotland, mie in Man ([mʷɑjç] in Ulster) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 124 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 04:39 am: |
|
RG "An Gael a thuigfeadh 'Go raibh math agat', thuigfeadh sé 'Go raibh maith agat'" Sea, ach ciallfeadh sé sin go mbeadh lamh in uachtar ag Gaeilge na hÉireann gan cúis dar liom. "Is féidir linn 'Go raibh ma(i)th agat', 'tapadh leat', 'mórán taing' agus 'sonas ort' a úsáid. Tá siad uilig intuigthe an déidh á gcluinstin uair amháin" Ar ndóigh, ceart agat, ach tá mise ag plé le 'first contact' agus dóigh lena eascú. Mar sin, math, is é sin an rud is coiteanta agus mar is eol dúinn bheadh an fuaimniú /mah/ ag cainteoir Ultach lena chois, i.e Tá sin go maith ACH math go leor. Ca féidir linn fiú Go rabh math agat a aontú? Cad fá ... Gura math agat? simplíocht. Silim gur féidir linn 'le do thoil' a aontú gan dabht. Cad fá good evening. Deirfinn go gcaithfidh sinn 'Feasgar math' a rá. Tá coinfheascar againn, tá fastyr acuin Eilean Mhannain, Dúradh 'coinfheastar' i nDoire fosta más cruinn mo chuimhne. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 125 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 05:04 am: |
|
Ní dóigh liom gur féidir mórán mí-thuiscint a bheith ann eadar 'madainn mhath' agus 'maidin mhath' ach tá maidinn ar fáil in Albain fosta. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2128 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 05:30 am: |
|
quote:Mar sin, math, is é sin an rud is coiteanta agus mar is eol dúinn bheadh an fuaimniú /mah/ ag cainteoir Ultach lena chois, i.e Tá sin go maith ACH math go leor. Cha chualaidh mé sin ag Ultach ariamh go dtí seo... Cár chualaidh tú sin? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 126 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 06:01 am: |
|
...achan áit a bhfuil cainteoirí dúchais maithe ar fáil. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 624 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 08:18 am: |
|
Céard faoi "buidheachas" a ghabháil in ionad maith, tapadh, taing, srl.? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 127 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 09:16 am: |
|
Ní thuigim cad atá i gceist. Ach sin rud eile, 'dé mar' ní thuigim a rá, is bun abairt riachtanach. Is é seo an dóigh is simplí, dar liomsa. Níl / Chan fhuil mi 'tuig(bh)éail. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 625 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 10:47 am: |
|
É seo: ní thuigfeadh gnáth-Éireannach "mórán taing" ná "tapadh leat" murach iad a mhíniú dó an chéad uair. Maidir leis na hAlbanaigh, tá a fhios agam gurbh ann don leagan "gun robh math agad" tráth ach ní dóigh liom go bhfuil sé coitianta ar chor ar bith sa lá atá inniu ann, agus ní mé an dtuigfeadh gnáth-Albanach é gan mhíniú a fháil air. Cor cainte atá iontu seo uilig: níl an bhrí ríléir ó bhrí na bhfocal féin. Ach féach go bhfuil an focal "buíochas" (nó rud eicínt cosúil leis) i ngach teanga acu, agus b'éasca d'aon duine "mo bhuíochas leat" a thuiscint ach na focla a bheith aige. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 128 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 11:16 am: |
|
Abigail, Tuigim cad atá tú a rá, ach tá 'Go rabh math agat' nó rud éigin cosúil leis beo sa trí chanúint. Tá 'go rabh maith agat' beo in Íle mar shampla. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 161 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 02:45 pm: |
|
An rud a bhí ar intinn agam ná comhfhrásaí a chur ar fáil in ionad frásaí a 'aontú'. Chan iad na habairtí simplí seo thuas an deacracht is mó a bhíonn ag Gaeil na hÉireann is na hAlban agus iad i mbun comhrá lena chéile. Is leis na ráitis níos forbartha a bhíonn an fhadhb. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2129 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, November 23, 2007 - 07:20 pm: |
|
quote:...achan áit a bhfuil cainteoirí dúchais maithe ar fáil. Tá tú ’ráidht nach bhfuil cainteoirí maithe dúchais ar fáil i nGaoth Dobhair, ins na Rosa, i dToraigh ná i gCloich Cheannaola... /maix'/ a bíos acu i dtólamh nuair a chluininnse iad. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 129 Registered: 04-2007
| Posted on Saturday, November 24, 2007 - 09:07 pm: |
|
A Lughaidh, Níl mé ag rá a leithead ar chór ar bith fá chainteoirí Thír Chonaill. RG, Mar shampla?? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2133 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, November 25, 2007 - 07:25 am: |
|
Cad chuighe nár chualaidh mé "math" ins na háiteacha sine ar chor ar bith, mar sin? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 168 Registered: 04-2007
| Posted on Sunday, November 25, 2007 - 07:27 am: |
|
Is urrainn le gach duine 'Madain mhaith' agus 'Madainn mhath' a thuigsinn. Mar an gcéanna le 'Feasgar math', 'Oíche mhaith', 'Oidhche mhath', 'An bhfuil tú go maith', 'A bheil thu gu math?', 'Ciamar/Conas/Dé mar/Cad é mar atá/a tha thú?', 'Cad é/Dé/Ceard é sin?' srl. Bíonn na ceisteann ann an uair a bhíonn sinn ag bruidhinn mar is ceart, an nuair a bhíonn comhrá ar siúl. An rud a dhéanfainn féin - in ionad na canúintí a athrú agus a aontú - ná na foirmeacha éagsúla a chur ar fáil taobh le chéile leis an eolas a scaipeadh. Ar bhealach, tá sé seo déanta cheana ach níl sé ar fáil go forleathan agus níl sé déanta go stílmhar samhlaíoch. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 130 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 04:45 am: |
|
Lughaidh "Cad chuighe nár chualaidh mé "math" ins na háiteacha sine ar chor ar bith, mar sin?" Cá bhfios domsa? RG, Mar sin an bhfeil tú a' rá gur chóir díriú isteach ar na rudan NÁR chóir dúinn a rá seachas na rudan ab chóir dúinn a rá? Tá an Gluais Albanach-Éireannach seo maith dar liom. http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 131 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 08:28 am: |
|
An bhfeil liosta de na 'cairde bréagacha' ar line? http://en.wikipedia.org/wiki/Differences_between_Scottish_Gaelic_and_Irish Luaitear i gcónaí 'tuirseach', i. go gciallíonn sé 'depressed' in Albain agus 'tired' in Éirinn. Is fíor sin ach ciallíonn tuirseach 'depressed' in Ultaibh féin, tá sin agam. Tá mé ag déanamh go bhfeil sé in amhrán éigin chomh maith. Is suimiúil fosta go bhfuil 'cortha(í)' mar thuirseach in Ultaibh, más cruinn mo chuimhne nach gciallaíonn an fhocal ceanna 'depressed' i gConnacht? (Message edited by gaelgannaire on November 26, 2007) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2136 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 12:27 pm: |
|
In Ultaibh baineann muidinne feidhm as "tuirseach" (fuaimnithe "tursach") le "tired" a ráidht, go bhfios domh... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 169 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 04:05 pm: |
|
Ciallaíonn 'corthaí' 'feargach' chomh maith ar dóigh ach tá sé sin spéisiúil. Seo cúpla ceann eile: Aireamh - Uimhir Luath - Gasta, den chuid is mó Duine - Fear, den chuid is mó Dealbh - Pictiúr nó dearadh Tá feidhm leis an ghluais úd thuasluaite gan amhras ach dá mbeadh sé ní ba tharraigntí nó rud inseacht... ___________ Cha raibh mé ag smaointiú ar na cairde bréagacha seo i ndáiríre ach is fiú iad bheith ar eolas againn. Bha mi ag smaoineachadh air rudan sa dá chánan a tha eadar-dhealaichte agus nach fiú, dar liom, a nascadh nó a thoirt ri chéile: Cha deach - Ní dheachaigh Dhachaigh - Abhaile An Giblean - Aibreán An Dúbhlachd - Mí na Nollag srl. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 132 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 04:59 pm: |
|
Is iontach an fhocal luath sa cás seo. Dar ndóigh, tá luafar againn fhéin. Deirtear go dtig dhachaigh as ‘dho-thaigh’ ach chan fheil mi cinnteach. Cha dóigh leom go bhfeil na míosan ro-thábhachtach ag an phointe seo. Mar sin tá roinnt smaoiní ag tigheacht le chéile fá dheireadh. Tá na false friends tábhachtach, ní feadar ‘tá mé go breá’ a rá le hAlbannach!!! (Message edited by gaelgannaire on November 26, 2007) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 632 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 05:56 pm: |
|
Cén fáth - cén t-adhmad a bhainfí as? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2140 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 07:42 pm: |
|
Tha mi gu brèagha = tá mé álainn, nach eadh? quote:Deirtear go dtig dhachaigh as ‘dho-thaigh’ ach chan fheil mi cinnteach. Is dóigh liom go bhfuil sin ceart. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3341 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 26, 2007 - 09:36 pm: |
|
Tha mi brèagha. Ni bhaintear úsáid as "gu" roimh aidiachtaí sa teanga sin (ach amháin roimh "math" uaireanta: "tha mi gu math"). Tá an ceart agat maidir leis an gciall, ar feadh gur feasach mé. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2143 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 07:37 am: |
|
quote:Ni bhaintear úsáid as "gu" roimh aidiachtaí sa teanga sin (ach amháin roimh "math" uaireanta: "tha mi gu math"). Tá ’n ceart agad, grma. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 171 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 08:40 am: |
|
'Tha gu math' a bhíonn ann den chuid is mó. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 133 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 12:05 pm: |
|
" sa teanga sin " Bheadh barail Dennis ag teacht le barail mhórchuid na nGael inniu go dearfa. Chan aontaim féin leis áfach. Seo mo bharail as mo bhaigín fhéin. "Bíodh fios agaibh a chairdean Gaeil go bhfeil barail láidir ag an Gael gan Náire seo fá 'chanúintí' na Gaeilge. Creidim go bhfeil trí chanúint ann sa Ghaeilg, Gaeilg na hÉireann, Gaeilge na hAlbain agus Gaeilg Eilean Mhanainn, teanga amháin atá inti. Is beag difear atá le fáil eadar na canúintí seo nach dtiocfadh le cleachtadh is teagmháil a sharú." Teanga amháin atá inti, dar liom. Is líonmhar na teangacha a bheadh níos mó difríochtaí iontu ná mar atá eadra na canúintí Gaeilge, sin mo thaithí ar scór ar bith. Tá mé ag smaoineadh go mbeadh RG ar aon intinn liom, ach is dóiche go mbaineann sé le bheidh inár nUltaigh? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 172 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 05:24 pm: |
|
Tagaim leat a Ghaeil Gan Náire. Seans go bhfuil an ceart agat go bhfuil nasc níos láidre againn lenár gcairde Albannacha cionn is go bhfuil muid gar go leor dóibh. Chan eil aon amhras gur cánan amháin a tha inti. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2145 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 06:42 pm: |
|
quote:Creidim go bhfeil trí chanúint ann sa Ghaeilg, Gaeilg na hÉireann, Gaeilge na hAlbain agus Gaeilg Eilean Mhanainn, teanga amháin atá inti. An té a chreideas sin cha dtearr sé mórán taighde ar na trí theangaidh sin, dar liom. Más í ’n teangaidh chéarna na trí Ghaeilg, is í ’n teangaidh chéarna na teangthacha Rómánsacha gomh maith: Iodáilis, Spáinnis, Ocsatáinis, Portaingéilis srl. Muna bhfuil ach teangaidh amháin sna trí Ghaeilg, smaoitigh air seo: déan iarracht leabhar ghramadaí nó leabhar fhoghlamtha a dhéanamh, ina ndéanfá cur i láthair ar na trí theangaidh sin. Tá i bhfad barraíocht difríocht eatartha. Agus smaoitigh ar an fhoclóir fosta. Má thug tú iarracht Gaeilg na hAlbana a dh’fhoghlaim, caithfidh go dtug tú fá dear na mílte focal atá difriúil eadar an dá theangaidh sin. Nuair a bheireas mise iarracht téacs a scríobh i dteangaidh na hAlbana, gidh go bhfuil mé líofa i nGaeilg Uladh, bíonn m’fhoclóir do dhíobháil orm nó cha bheinnse ábalta mórán a scríobh. Gan trácht ar a’ Mhanainnis: ’s iomaí focal coitianta sa teangaidh nach bhfuil le fáil i nGaeilg na hÉireann ná i gcionn na hAlbana. Nuair a éisteamsa le Rèidio nan Gàidheal, ar an drochuair cha dtuigeam ach cupla focal (mar sin, cad é a thuigfeadh Ultach nach dtearr staidéar ar bith ar an teangaidh sin?). Tuigeam duid, ba bhreá na trí thír sin a chuir le chéile ar dhóigh ineacht (gidh nach bhfuil ’s agam cén mhaith a bheadh ann), ach char chóir áibhéil a dhéanamh. Tá na trí theangaidh níos difriúla ná a shíleas tú, dar liom. (Message edited by lughaidh on November 27, 2007) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 174 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 08:53 pm: |
|
Ní bhacfainn féin leis an Mhanainnis ach an oiread ach ní mór a aithint nach bhfuil mórán sa difear idir Gaeilg na hÉireann agus Gaeilg na hAlba ar chor ar bith. Dá mbeadh eolas ar fáil go forleathan i dtír amháin faoi Ghaeilg na tíre eile, agus a mhalairt, cha mbeadh mórán deachrachtaí tuigbheála ann in aon chor. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3345 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 09:04 pm: |
|
Is minic a chuala mé turasóirí Iodálacha ag caint leis na Meicsicigh in Oaxaca, taobh amháin ag caint Iodáilise agus an taobh eile ag caint Spáinnise, agus thuig siad a chéile gan mórán dua. Rinne mé amhlaidh uair nó dhó san Iodáil, toisc go bhfuil mo chuid Spáinnise i bhfad níos fearr ná mo chuid Iodáilise. Ach ní déarfadh duine ar bith gur teanga amháin atá iontu. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 134 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 04:56 am: |
|
RG, Tá tú i gcónaí mí-shásta leis na Manannaigh! Caithfidh muid an turas sin a reachtáil sa bhliain úr. Silim go gcuireann an litriú isteach ort go mór mór, cuireann an blas Neo-Manx isteach ormsa ach i ndeireadh na dála, is féidir a 'tuigeáil' le rud beag cleachtadh. Dar ndóigh, cha deirim le daoine go bhfuil 4 theanga agam, deirim leo go bhfeil Gaeilg agam. Bím ag leamh litríochta ón Albain minic go leor, i bhfírinne, i ndiaidh dom an chéad cupla leathanach a léamh is furast an léamh é, cha dtiocfadh liom fhéin go pearsanta a rá go bhfuil mé ag léamh teanga difriúil. Ar bhealach, silim dá mba rud é go raibh Éireannaigh níos oscailte don fo-chanúintí atá in Éirinn féin go mbeadh siad níos oscailte do chanúintí an dá thír eile, ach is minic a chleachtaíonns duine 'canúint'. Níor aontaigh mé le sin riamh. Dennis & Lughaidh, Ar ndóigh, ní aontaím libh. Lughaidh, Tuigim do chás ach is féidir linn i dtoigh s'againne Raidió nan Gaedhal a thuigbheáil, mar sin tá taithithe eile ann fosta. "déan iarracht leabhar ghramadaí nó leabhar fhoghlamtha a dhéanamh, ina ndéanfá cur i láthair ar na trí theangaidh sin." Tá rud rud beag cosúil leis sin i gceist againn. Dennis, Is iontach an rud é gur féidir le cuid mhór Iodálaigh níos mór Spáinnis, nó rud beag de, a thuigbheáil ná cuid de na 'canúintí' féin atá acu. Sin ráite, má ghlacann muid sampla an Romáinis. Is féidir le Románach aistriú na hIodáile agus bheadh an teanga acu théis coicís, theis mí nó mar sin, is féidir le Románach dul i bhfolach go hiomlán san Iodáil. Ar ndóigh, thosaigh mé an 'thread' seo le nasc chuig 'Interlingua'. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2147 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 08:00 am: |
|
quote:Dar ndóigh, cha deirim le daoine go bhfuil 4 theanga agam, deirim leo go bhfeil Gaeilg agam. Bím ag leamh litríochta ón Albain minic go leor, i bhfírinne, i ndiaidh dom an chéad cupla leathanach a léamh is furast an léamh é, cha dtiocfadh liom fhéin go pearsanta a rá go bhfuil mé ag léamh teanga difriúil. Thug mise iarracht úrscéal a léamh i nGaeilg na hAlbana ach gidh go bhfuil giota beag eolais agam ar an teangaidh sin, bhí barraíocht focal ann nach rabh agam agus nár thuig mé, mar sin chaillfinn cuid mhaith do chéill an úrscéil. Má tá tú ábalta úrscéal i nGaeilg na hAlbana a léamh gan stró ar bith, ciallann sé go dtearr tú staidéar maith ar an teangaidh sin. An té nach bhfuil ach teangaidh na hÉireann aige, cha dtig leis a leithéid do dh’úrscéal a thuigbheáil go maith. Tuigfidh sé cuid dó, ach bheadh barraíocht rudaí ann nach dtuigfeadh sé ar scar ar bith. Thig linn triail a bhaint, agus iarraidh ar dhuin’ againn nach bhfuil Gaeilg na hAlbana aige téacs sa teangaidh sin a léamh... agus fiabhraí dó cad é a thuigeas sé ann agus cad é nach dtuigeann sé. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 175 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 08:30 am: |
|
Thigidh linn an triail sin a dhéanamh go cinnte a Lughaidh. Seans go bhfuil cuid den fhírinne agat - rinne mé féin staidéar go leor ar an Gháidhlig - ach, ón eolas a chuir mé uirthi, chan eil na dífríochtaí chomh suntasach sin go gcuirfeadh siad isteach mórán ar dhuine ar bith a bhfuil tuigbheáil mhaith acu ar ghramadach na Gaeilge. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 135 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 10:10 am: |
|
Maith go leor mar sin, seo sampla agus sampla measartha deacair atá ann. Feicimis. Níor athraigh mé focal, cé gur féidir linn neart de na na focail a chur i gcaighdeán na hÉireann gan an fuaim a athrú. Chomh maith leis sin, dar liomsa rinneadh caighdeánú go Gaeilg Leobhais air fosta. - Bha sean bhean ann an Torr Léin. Bhiodh i deanadh leigheas, agus air an rathad dhachaidh, a' cheud rud air an tuiteadh a súil, gheibheadh e bás. Bha i thall a' deanadh leigheas aig Loch an Eilein, agus air an rathad dhachaigh, bha i feuchainn an tuiteadh a súil air rud-eiginn mu 'm faiceadh i duine 'sam bith. Ach o'n ruig i Coire Cháim, có air a thuit a súil ach air Uilleam Choire Cháim, a mhac [sic.], agus an t-seisreach a bha e treobhadh. Ghlaodh i, 'Och, Uilleam, is goirt mo chridhe gu 'n ann ort a thuit mo shúil.' Agus fhuair iad an t-athair, a' mac agus an seisreach nan laighe anns an scríob. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 176 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 10:33 am: |
|
Is cinnte go dtuigfeadh Gael Éireannach 90% de sin? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 136 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 10:41 am: |
|
"Is cinnte go dtuigfeadh Gael Éireannach 90% de sin?" Is cinnteach sin gan amhrás, dá mba rud é gur athraigh mé an litriú thuigfeadh siad níos mó seans gurb shoiléir aríst é. Is focal deacair 'dhachaigh' RG, caithfidh muid diriú isteach air. Tá mé dul iarraidh ar cáil fír a bhfeil cláracha raidió acu a rá is a thoirt le fios caidé tá i gceist. Díreach mar a rinneadh le sgoinneal!!! |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 137 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 11:00 am: |
|
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 177 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 11:25 am: |
|
Is toil liom an foclóir sin. Is é sin an cineál ruda atá i gceist agam féin seachas na canúintí a aontú. Is í an eagsúlacht spíosra an tsaoil! Maidir le 'dhachaigh', má tá dúil ag Gael Éireannach san fhocal, bhainfeadh sé úsáid as. Tá fuaim dheas leis dar liom. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2150 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 02:52 pm: |
|
quote:Seans go bhfuil cuid den fhírinne agat - rinne mé féin staidéar go leor ar an Gháidhlig - ach, ón eolas a chuir mé uirthi, chan eil na dífríochtaí chomh suntasach sin go gcuirfeadh siad isteach mórán ar dhuine ar bith a bhfuil tuigbheáil mhaith acu ar ghramadach na Gaeilge. Chan í ’n ghramadach a chuirfeadh isteach ar Ghaeilgeoir, ach an foclóir. Maidir leis an téacs Ghaeilge Albanaí a scríobh sibh thuas, le fírinne dá roghnóchaí téacs eile, b’fhéidir go dtiocfadh sibh ar chionn i bhfad níos deacra do dh’Éireannach agus nach mbeadh sé gomh sothuigthe sin... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2151 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 02:53 pm: |
|
Tá mé ’smaoitiú ar uaráin thraidisiúnta as Albain. ’S iomaí rud nach dtuigeam féin i gcuid mhaith acu. Fanaigí go bhfuighidh mé cionn dothuigthe ’s tchífidh sibh. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 138 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 03:38 pm: |
|
A Lughaidh, Bheirim mo dheimhin dhuit gur piocadh an píosa beag sin go randamach. “’S iomaí rud nach dtuigeam féin i gcuid mhaith acu. Fanaigí go bhfuighidh mé cionn dothuigthe ’s tchífidh sibh.” Déanta na fírinne, muna bhfuil duine ag iarraidh a thuigbhéal ní thuigfidh sé. Cuirfidh mé píosa eile suas ar ball. Ar ndóigh, níor ‘scríobh’ mé an sampla thuas, cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 178 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 04:43 pm: |
|
Chan í ’n ghramadach a chuirfeadh isteach ar Ghaeilgeoir, ach an foclóir. Tuigim sin. Sin an chúis - le tuigbheáil ar ghramadach agus foclóir frasaí, cosúil leis an cheann a bhfuiltear ag caint air anseo - nach mbeadh mórán fadhbanna ag daoine le canúint ar bith. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2153 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 07:37 pm: |
|
quote:muna bhfuil duine ag iarraidh a thuigbhéal ní thuigfidh sé agus má tá sé ag iarraidh a thuigbheáil, munab fhuil na focla ar eolas aige cha dtuigeann sé cib bith. Uarán randamach: Thoir mo shòraidh le dùrachd Thoir mo shòraidh le dùrachd A dh'Àird na Srùban ud thall Chun na cruinneige chùbhraidh 'S ann leam bu shunnd bhith nad chainnt. 'S ged nach eil mi gad ruighinn Chan eil mo chridhe dhut fann 'S mur b' e diofair a' chreideamh Bhiodh gun teagamh oirnn bann. 'S tha mise a' chreideamh a' Phàp Cha tèid mi a dh'àicheadh nach ann, Oir 's i ‘stèidhicheadh làidir 'S a dh'fhàgas slàn na dhèidheadh ann, Seach na h-eaglaisean ùra Chuir Màrtainn Luther an ceann Cha dèan mi leat lùbadh Ach, a rùin, thig a-nall. Chan iongnadh ise bhith tèisteil 'S i an t-aon eaglais a bh' ann Air a stèidheadh le Peadair Air a' chreig a bha teann 'S i gun chamadh, gun fhiaradh O linn Chrìosd oir b' e ceann 'S tha h-uile crann a dh'fhalbh bhuaipe Mar chaoraich fhuadainn air chall. 'S truagh nach robh sinn a Rònaidh 'S gun duine còmhla ruinn ann, 'S mi nach nochdadh riut tòirbheart Bhitheamaid còirdt' air neo 'r thaing 'S gheobhainn cadal sa fhraoch leat Ged 'bhiodh an t-aodach òirnn gann 'S bhiodh do chuailean trom dathte Lùibte, paisgt' fo mo làimh. 'S dh'èirich ise na seasamh 'S an leabhar teagaisg na làimh A Rìgh 's ann ormsa bu bheag sin Ach pìob ga spreigeadh 's ceòl danns Deoch-slàinte mo leannain A bhith 'cuir thairis na mo làimh 'S nach bu lèir dhomh ach tuaileas Leis an t-suain bha nam cheann. 'S mo mhìle mallachd dhan t-suain sin Guma buan e nad cheann 'S mairg nighean 'bheir luaidh dhut 'S tu 'dol tuathal nam beann Tha thu briathrach nad bhruidhinn 'S tha do chridh' ann a' foill 'S tha mo mhallachd aig nighean 'Bheir a-rithist dhut geall. Má tá mé líofa (i nGaeilg Uladh féin, sin a’ chanúint is comhgaraí do chionn na hAlbana), nuair a chluineam an t-uarán sin cha dtuigeam go maith é, agus nuair a léigheam é, ’s iomaí focal nach n-aithneam agus dá dheasca sin, cha dtig liom a ráidht go dtuigeam an t-uarán sin go maith. Tuigeam cuid dó, sin a’ méid. Agus is dóigh liom nach dtuigfeadh foghlaimeoir mórán dó, gan amhras. Na focla gaolmhara féin, mar nighean/iníon, chan aithneochadh foghlaimeoir an focal Gaeilge ann, tá mé cinnte. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2154 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 07:49 pm: |
|
Sin an stuif nach dtuigfeadh/n-aithneochadh duine nach bhfuil focal Albanach ar bith aige, dar liom: Thoir mo shòraidh le dùrachd Thoir mo shòraidh le dùrachd A dh'Àird na Srùban ud thall Chun na cruinneige chùbhraidh 'S ann leam bu shunnd bhith nad chainnt. 'S ged nach eil mi gad ruighinn Chan eil mo chridhe dhut fann 'S mur b' e diofair a' chreideamh Bhiodh gun teagamh oirnn bann. 'S tha mise a' chreideamh a' Phàp Cha tèid mi a dh'àicheadh nach ann, Oir 's i ‘stèidhicheadh làidir 'S a dh'fhàgas slàn na dhèidheadh ann, Seach na h-eaglaisean ùra Chuir Màrtainn Luther an ceann Cha dèan mi leat lùbadh Ach, a rùin, thig a-nall. Chan iongnadh ise bhith tèisteil 'S i an t-aon eaglais a bh' ann Air a stèidheadh le Peadair Air a' chreig a bha teann 'S i gun chamadh, gun fhiaradh O linn Chrìosd oir b' e ceann 'S tha h-uile crann a dh'fhalbh bhuaipe Mar chaoraich fhuadainn air chall. 'S truagh nach robh sinn a Rònaidh 'S gun duine còmhla ruinn ann, 'S mi nach nochdadh riut tòirbheart Bhitheamaid còirdt' air neo 'r thaing 'S gheobhainn cadal sa fhraoch leat Ged 'bhiodh an t-aodach òirnn gann 'S bhiodh do chuailean trom dathte Lùibte,paisgt' fo mo làimh. 'S dh'èirich ise na seasamh 'S an leabhar teagaisg na làimh A Rìgh 's ann ormsa bu bheag sin Ach pìob ga spreigeadh 's ceòl danns Deoch-slàinte mo leannain A bhith 'cuir thairis na mo làimh 'S nach bu lèir dhomh ach tuaileas Leis an t-suain bha nam cheann. 'S mo mhìle mallachd dhan t-suain sin Guma buan e nad cheann 'S mairg nighean 'bheir luaidh dhut 'S tu 'dol tuathal nam beann Tha thu briathrach nad bhruidhinn 'S tha do chridh' ann a' foill 'S tha mo mhallachd aig nighean 'Bheir a-rithist dhut geall. Cuid mhór focal, nach eadh? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 139 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 04:37 am: |
|
Lughaidh, 1. Bheadh an chuid is mó den na focail siúd agam. 2. Chan ionann amhrán is caint. 3. Thiocfadh linn neart amhrán Éireannach a chur suas agus bheadh an deacrachtaí ag Gaeilgeoirí na linne seo iad a thuigbheáil. An dtuigfeadh duine as Corca Dhuibhne na focail uilig in Airde Cuain? agus mar sin de. Tá rud beag eolas formálta agam ar Ghaeilg na hAlbain, cinnte, ach bheadh sin ag tromlach de na Gaeil a bhfuil aithne agam orthu, go hairithe duine oilte atá in ann Gaeilge a léamh is a scríobh. Níl aithne agam ar dhuine ar bith nach dtuigfeadh 'Ciamar a tha thu'? mar shampla. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 179 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 04:42 am: |
|
Tá difear mór idir amhrán agus gnáthchaint go cinnte. Go fóill féin, tá tú féin ag admháil a Lughaidh go dtuigfeadh an gnáthGhael anseo breis agus 65% den sean-amhrán Gáidhlig sin thuas. Dar liom nach bhfuil sé sin ro-olc ar chor ar bith! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2155 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 06:10 am: |
|
Tuigeamsa Iodáilis scríofa go réasúnta maith (níos mó ná 65%) agus cha dtearr mé staidéar uirthi ariamh. An ionann sin is a ráidht gurb iad an Fhraincis agus an Iodáilis an teangaidh chéarna? Mar sin, ní féidir a ráidht gurb iad Gaeilg na hAlbana agus Gaeilg na hÉireann an teangaidh chéarna. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 140 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 08:44 am: |
|
"Tuigeamsa Iodáilis scríofa go réasúnta maith (níos mó ná 65%) agus cha dtearr mé staidéar uirthi ariamh. An ionann sin is a ráidht gurb iad an Fhraincis agus an Iodáilis an teangaidh chéarna?" Ní dóigh liom go bhfuil tú comparáid cruinn ansin. Cad fá idirdhealú a dhéanamh idir an Fhraincis agus Gallo mar shampla, nó Provencial? Nach mbeadh sin sin níos foirsteanaí? "Mar sin, ní féidir a ráidht gurb iad Gaeilg na hAlbana agus Gaeilg na hÉireann an teangaidh chéarna" Silim go bhfuil tú ag cur barraíocht stór in do chuid taithí fhéin ansin a Lughaidh. Ní dóigh liom go mbeadh mórán staidéar de dhíth le Gaeilg a hAlbain a thuiscint nó a léamh, an mhéad ceanna dar liom is a bheadh de dhíth d'Ultach ag iarraidh amhráin Bhaile na Sceilg a thuigbheáil. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2158 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 01:32 pm: |
|
quote:Ní dóigh liom go bhfuil tú comparáid cruinn ansin. Cad fá idirdhealú a dhéanamh idir an Fhraincis agus Gallo mar shampla, nó Provencial? Nach mbeadh sin sin níos foirsteanaí? Cad chuighe nach mbeadh an chomparáid sin ceart? Cá bith, ní Fraincis an Provençal ná an Gallo ach an oiread agus chan canúintí daoithe iad ach an oiread... quote:Silim go bhfuil tú ag cur barraíocht stór in do chuid taithí fhéin ansin a Lughaidh. Ní dóigh liom go mbeadh mórán staidéar de dhíth le Gaeilg a hAlbain a thuiscint nó a léamh, an mhéad ceanna dar liom is a bheadh de dhíth d'Ultach ag iarraidh amhráin Bhaile na Sceilg a thuigbheáil. Thug mé iarracht úrscéal i nG. na hAlbana a léamh, agus bhí sé deacair go leor (barraíocht focal nach rabh agam), gidh go bhfuil Gaeilg Uladh agam agus giota beag G. na hAlbana fosta. Mar sin, is dóigh liom gur lú a thuigfeas duine nach bhfuil focal Albanach ar bith aige. quote:Ní dóigh liom go mbeadh mórán staidéar de dhíth le Gaeilg a hAlbain a thuiscint nó a léamh Tabhair ar fhoghlaimeoir éisteacht le Rèidio nan Gàidheal ’s tchífidh tú cad é a thuigeas sé. Maidir liom féin cha dtuigeam a dheath (nó chóir a bheith), ach amháin na cláracha fá choinne na bhfoghlaimeoir (agus cha dtuigeam achan rud iontu sin). Cad chuighe ’bhfuil sibh ag féacháil le tabhairt ar na daoiní creidbheáil nach bhfuil ach teangaidh amháin ann? Cén mhaith daoibh é? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 142 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 05:38 am: |
|
"Cad chuighe ’bhfuil sibh ag féacháil le tabhairt ar na daoiní creidbheáil nach bhfuil ach teangaidh amháin ann? Cén mhaith daoibh é?" An fáth ceanann ceanna go bhfuil tú fhéin ag iarraidh a mhalairt a chur in iúl. Ar ndóigh, ní hé an argáil seo cúis leis an thread seo. Tá muid ag bailiú smaointí is eolas leis chéile sa dóigh is gur urrainn linn na difríochta beag (dar liom) a sharú. Maidir le Radió nan Gaidheal, nuair atá duine ag tiomáint fríd Chontae Aontroma, athraíonn RnaG go RnanG de bhrí go bhfuil RnaG lag ann agus go bhfuil RnanG congárach dó ar an bhanda, is cuimhne liom foghlaimeoir ag cur ceist orm 'cén canúint é sin?'. RG, Títear domsa, agus muid ag obair ar an cheist seo, agus chonacthas dom i gcónaí nach iad na difríochtaí eadra GnahÉ agus GnahA an fhadhb - ACH na cosúlachtaí, 'sé an rud a tá mé a' rá nach go bhfuil sé doiligh LABHAIRT na Gaeilge in Albain a fhoghlaim DE BHRÍ go bhfuil siad chomh cosúil sin, cha dtuigeann daoine go furast na rudaí nár chóir daofa a rá. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 186 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 06:36 am: |
|
Níl a fhios agam an bhfuil mé ag teacht leat ar an cheann sin a GGN. Cad é na rudaí nár chóir a rá? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 143 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 06:46 am: |
|
RG, Tuigim do chás de bhrí gur mhínigh tú thuas é. Táim díreach ag caint faoi rudaí a dúradh liom go tric. i.e. Ní thuigtear go forleathan cén focail nach bhfuil ag Albannach. Och, siúr sin an fáth atá muid ag blagáil ar an cheist - ag iarraidh reiteach a fháil ar sin, nach eadh? Silim go bhfuil muid ag teacht ar thuiscintí de reir a chéile. An dtuigeann tú RnanG dála an scéil? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 189 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 07:09 am: |
|
Tuigim 65%-80% de. Braitheann sé ar an chainteoir agus ar an chlár. Mar gheall ar an teagmháil a bhí agam féin le Gaeil na hAlba agus le léachtóirí Ollscoile, tuigim muintir Leodhais, agus daoine a d'fhoghlaim an teanga, gan stró ach bíonn deacrachtaí agam le roinnt craoltóirí go fóill. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 144 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 07:13 am: |
|
Bíonn trioblóidí agam le cainteoirí as Ros agus na Cataibh in amannaí. Gaeilg Leodhais an ceann is easca liom cé go mbeadh Gaeilg Íle i bhfad Éireann níos cosúla le mo chaint féin. Ar ais chuig an ábhar - bhfuil smaoineadh eile agat fán drochad seo atá a thógáil againn thar bhealach na Maoile? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 145 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 07:23 am: |
|
A chairdean, Seo slíocht as an leabhar GAEILGE is fearr liom. "AON LATHA, thàinig aonaran a dh'fhuireach do'n bhail' againn, uill, cha b'ann buileach do'n bhaile ach pìos beag air a thaobh a-muigh aig ceann an rathaid, ann am fear de na bothain a dh'fhàg an RAF air an cùlaibh an déidh a' chogaidh. 'Se a' chiad rud a chunna sinn, ceò ag éiridh ás an t-simileir. "Feumaidh mi innse dhuibh gur e maighstir-sgoile a bh'annam fhìn uaireigin ach tha mis fuireach 'nam aonar, an déidh dhomh mo dhreuchd a leigeil sìos, ann an tigh comhfhurtail le lios air a bhialaibh far am bi mi a' cur mheasan. Bidh mi caitheamh mo thìde a' coimhead 's a' toirt an aire do na nithean a tha dol air adhart anns a' bhaile. Aig àmannan bidh mi faireachadh aonarach. Ach nach eil a h-uile duine faireachdainn sin eadhon nuair a tha iad pòsda?" Silim go mbeadh Gaeilgeoir Éireannach maith ábalta don chuid is mó de sin gan mórán bodar. Bhur mbaramhail? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 190 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 07:32 am: |
|
Cinnte, ní bheadh aon fhadhb ag an chuid is mó againn leis an phíosa sin. An bhfuil a fhios ag aon duine cárb as do Chionneach Mór MacIomhair? Bidh prógram math aige a h-uile madainn ar RnanG. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2161 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, December 02, 2007 - 03:41 pm: |
|
quote:"Cad chuighe ’bhfuil sibh ag féacháil le tabhairt ar na daoiní creidbheáil nach bhfuil ach teangaidh amháin ann? Cén mhaith daoibh é?" An fáth ceanann ceanna go bhfuil tú fhéin ag iarraidh a mhalairt a chur in iúl. Dá mb’ionann Gaeilg na hAlbana agus cionn na hÉireann, a chara, bheadh na leabharthaí céarna ann lena bhfoghlaim, bheadh gramadach an dá theangaidh sa leabhar chéarna, bheadh ’n foclóir céarna ann fá choinne ’n dá theangtha agus deirfeadh achan ollamh agus eolaí gurb ionann iad. Agus char chualaidh mé duine ’bith á ráidht sin sular úrt tusa féin é... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 146 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, December 03, 2007 - 04:24 am: |
|
Lughaidh, Sin an fáth go bhfuil muid ag blagáil anseo, tá muid ag bailiú smaointí le chéile don leabhrán. "bheadh na leabharthaí céarna ann lena bhfoghlaim" Tá. http://www.amazon.com/Basic-Manx-Irish-Scottish-Gaelic/dp/9062960219 "bheadh gramadach an dá theangaidh sa leabhar chéarna" Tá. http://www.amazon.com/Stair-Na-Gaeilge-Kim-McCone/dp/0901519901/ref=sr_1_1?ie=UT F8&s=books&qid=1196673467&sr=1-1 http://www.acmhainn.ie/athchlo/gaidhlig/ "deirfeadh achan ollamh agus eolaí gurb ionann iad" An mbíonn achan ollamh agus eolaí ag aontú le chéile in am ar bith? "Agus char chualaidh mé duine ’bith á ráidht sin sular úrt tusa féin é..." Ní bhíonn saoi gan locht a Lughaidh. Tá anois beirt cloiste agat anois ... agus seo fear eile a deirfeas é leat ... http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ agus an dream seo ar ndóigh ... http://www.colmcille.net/home-en.html Féach na focail "Gaelic: A vibrant living language in Ireland and Scotland", language, chan languages. Chan i m-aonair atá na hUltaigh seo againne atá chomh compardach leis an Ghaeilg ar an taobh eile den díog is atá muinn le Gaelainn bhinn bhlasta na Mumhan is mar sin de. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 147 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, December 03, 2007 - 05:24 am: |
|
agus rud amháin eile ... "bheadh na leabharthaí céarna ann lena bhfoghlaim" An bhfuil leabhair ar fáil do fhoghlaimeoirí Ghaeilge na hÉireann nach bhfuil bunaithe ar chanúint éigin? An féidir cúrsa a cheannach atá bunaithe ar an chaighdeán go huile is go h-iomlán? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2164 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, December 03, 2007 - 04:30 pm: |
|
quote:"bheadh na leabharthaí céarna ann lena bhfoghlaim" Tá. http://www.amazon.com/Basic-Manx-Irish-Scottish-Gaelic/dp/9062960219 Gheobhfá rudaí mar sin fá na teangthacha Sláiveacha uilig fosta agus cé a deirfeadh gurb ionann iad uilig? ’S iomaí riail dhifriúil ghramadaí eadar na trí theangaidh Ghaelacha. Nach bhfuil ’s agad sin? quote:"bheadh gramadach an dá theangaidh sa leabhar chéarna" Tá. http://www.amazon.com/Stair-Na-Gaeilge-Kim-McCone/dp/0901519901/ref=sr_1_1?ie=UT F8&s=books&qid=1196673467&sr=1-1 Tá ’n leabhar sin agam. Ar léigh tú é? Déantar cur síos ar Ghaeilg na hAlban agus ar a’ Mhanainnis siocair go bhfuil baint acu leis a’ Ghaeilg, sin a’ méid. Chan abrann duine ar bith gurb iad a’ teangaidh chéarna iad. quote:http://www.acmhainn.ie/athchlo/gaidhlig/ Ar léigh tú sin? Níl ann ach téacsannaí i nGaeilg agus cupla abairt i nGaeilg na hAlbana ina lár ó am go chéile. quote:"deirfeadh achan ollamh agus eolaí gurb ionann iad" An mbíonn achan ollamh agus eolaí ag aontú le chéile in am ar bith? Bíonn, ar rudaí follasacha. quote:"Agus char chualaidh mé duine ’bith á ráidht sin sular úrt tusa féin é..." Ní bhíonn saoi gan locht a Lughaidh. Tá anois beirt cloiste agat anois ... agus seo fear eile a deirfeas é leat ... http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ Ar scríobh sé sin gurb ionann an dá theangaidh? quote:agus an dream seo ar ndóigh ... http://www.colmcille.net/home-en.html Féach na focail "Gaelic: A vibrant living language in Ireland and Scotland", language, chan languages. Ar an dóigh chéarna is féidir seo a ráidht "Slavic: a vibrant living language in Poland, Czech Republic, Russia.." srl. Thig leis na daoiní a rogha rud a scríobh, ní chiallann sé go bhfuil sé fíor. Deireann daoiní gurb ionann Breathnais agus Briotáinis mar gur teangthacha Briotanacha iad. quote:Chan i m-aonair atá na hUltaigh seo againne atá chomh compardach leis an Ghaeilg ar an taobh eile den díog is atá muinn le Gaelainn bhinn bhlasta na Mumhan is mar sin de. Agus? An gá domh inse duid fá dheich go bhfuil mise ábalta Iodáilis a léamh gidh nár fhoghlaim mé ariamh í, agus an ionann sin is a ráidht gurb iad a’ Fhraincis agus an Iodáilis a’ teangaidh chéarna? quote:An bhfuil leabhair ar fáil do fhoghlaimeoirí Ghaeilge na hÉireann nach bhfuil bunaithe ar chanúint éigin? An féidir cúrsa a cheannach atá bunaithe ar an chaighdeán go huile is go h-iomlán? 'S féidir. Cha dtuigeam cad é ’tá tú a dh’fhéacháil le ráidht. Cib bith, creid cibé rud is mian leat, is cuma liom: foghlaim an dá theangaidh go maith, déan iarracht an bheirt a labhairt is a scríobh go líofa, agus ansin tchífidh tú cad é gomh difriúil is atá siad ó chéile. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 148 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, December 04, 2007 - 04:28 am: |
|
quote: Tá ’n leabhar sin agam. Ar léigh tú é? Déantar cur síos ar Ghaeilg na hAlban agus ar a’ Mhanainnis siocair go bhfuil baint acu leis a’ Ghaeilg, sin a’ méid. Chan abrann duine ar bith gurb iad a’ teangaidh chéarna iad. ‘Stair na Gaeilge’ atá ann, amharc ar an fhocal sin i bhfoclóir, tá Gaeilg na hAlbain san aireamh mar atá Gaeilg Mhanainn. Quote : Ar scríobh sé sin gurb ionann an dá theangaidh? Char scríobh, agus níl mise, ‘teanga amháin atá inti’ a scríobh mise, chan ionann sin agus a rá gur ionann iad go hiomlán, má tá, chan fheil canúintí na hÉireann díreach mar a gceanna. Quote : Ar an dóigh chéarna is féidir seo a ráidht "Slavic: a vibrant living language in Poland, Czech Republic, Russia.." srl. Thig leis na daoiní a rogha rud a scríobh, ní chiallann sé go bhfuil sé fíor. Deireann daoiní gurb ionann Breathnais agus Briotáinis mar gur teangthacha Briotanacha iad. Is é an rud atá ann ná go gcuirtear Polainnis, Ruisis ar na teangachaí údaí, níl againn ach Gaeilg don teanga san iomlán, agus is sinne na Gaeil. Ar ndóigh, tá an Bhriotáinis agus an Bhreatnais i bhfad níos eagsúla óna chéile ná má atá canúintí na Gaeilge. Quote : Agus? An gá domh inse duid fá dheich go bhfuil mise ábalta Iodáilis a léamh gidh nár fhoghlaim mé ariamh í, agus an ionann sin is a ráidht gurb iad a’ Fhraincis agus an Iodáilis a’ teangaidh chéarna? Ní gá, teangachaí ar leith atá iontu cé go bhfuil siad an-chosúil le chéile, níl an t-ainm ceanna orthu ach an oiread. Quote : Cib bith, creid cibé rud is mian leat, is cuma liom: foghlaim an dá theangaidh go maith, déan iarracht an bheirt a labhairt is a scríobh go líofa, agus ansin tchífidh tú cad é gomh difriúil is atá siad ó chéile. Tá mé measartha sásta le mo chuid Gaeilge!, cibé canúint!, Is í Gaeilg Mhanainn nach dtig go mo theanga le sruth. Tá mé oilte sa teanga claisiceach fosta, is ais í sin i dtólamh go dearfa. Silim go bhfuil saineolas ag RG ar na cainúintí go léir fosta. Muna miste leat mé a' rá sin a mhac! Ní bheidh tú ag iarraidh cóip den leabhrán seo mar sin!! |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 197 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, December 04, 2007 - 05:54 am: |
|
Tá an chuma ar an scéal nach mbeidh a Ghaeil GN! Ach tá mé cinnte go bhfuil go leor daoine ann a bheas ag iarraidh cóip a fháil. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 152 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, December 06, 2007 - 08:41 am: |
|
RG Tá neart ábhar bailithe ach tá mé cinnte gur mhaith liom cupla bun-abairtí a aontú. Tá cuidiu Albannaich de dhíth gan dabht le hinse dúinn cén rudaí nach dtuigeann sé / sí go rí-mhaith i nGaeilg na hÉireann. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 206 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, December 06, 2007 - 09:48 am: |
|
Tha ceangail agam le Gaeil Albanacha ó bha mi air an ollthigh agus tha cuid acu anseo ann an Éirinn cuideachd! |
|