mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (November-December) » Archive through November 17, 2007 » Ceist agam ort, a Lughaidh... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3308
Registered: 02-2005


Posted on Tuesday, November 13, 2007 - 01:01 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

... maidir leis an amhránaí Denez Prigent. Cén chaoi a bhfuil a fhuaimniú? Chuir cara liom slám mp3anna dá chuid amhrán chugam inniu. Dála an scéil, an mbíonn ceol Briotánach chomh duairc sin i gcónaí?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2111
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, November 14, 2007 - 08:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fuaimneann sé go maith: is í a mháthair mhór a thóg é, dar liom agus ba (is?) c(h)ainteoir dúchais í. Is as Tír Leon dó, i dtuaisceart an Finistère (iarthuaisceart na Briotáine). Sa chanúint sin a cheolas sé don chuid is mó.

Cha bhíonn an ceol Briotánach gomh duairc sin i dtólamh ;-) . Cosúil le hÉirinn: shílfeá go bhfuil ceol na hÉireann duairc muna gcluinfeá ach cupla uarán sean-nóis mar Róisín Dubh nó Amhrán Mhaínse. Ach tá cuid mhór rudaí eile ann fosta.

Ar thaitin a chuid uarán leat ar aon nós?

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3309
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, November 14, 2007 - 10:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat, a Lughaidh. Tá a chuid focal an-éasca a chloisteáil in amhrán ar nós "A-dreñv va zi ‘zo ur park bras" agus is maith liom an tionlacan "traidisiúnta/leictreonach". An t-amhrán Briotánach is fearr dár chuala mé riamh ná "Illusions" a rinne Dan Ar Bras in éindí le Idir agus Gilles Servat. Tosaíonn sé leis na focail "Pa yar c'houmoul da guzhat an heol". An aithníonn tú é?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2112
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, November 15, 2007 - 02:31 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seadh, tá dúil agam i gcuid mhaith do dh’uaráin Prigent.

Char chualaidh mé "Illusions" ariamh. Níl mórán dúile agam i gceol G. Servat (agus cha bhfuaimneann sé go ceart, go minic) an chuid is mó don am. Éisteochaidh mé leis sin, má bhíonn faill agam, go bhfeicidh mé.

Leis an fhírinne a ráidht, is minic is fearr liom ceol na hÉireann agus ceol na hAlbana ná ceol mo thíre féin :-)

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/



©Daltaí na Gaeilge