Author |
Message |
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 20 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 07:22 am: |
|
An bhfuil a fhios ag aon duine faoi Ghaeltacht i gcathair na Gaillimhe darbh ainm Tír Oileann ar bhothár Áth Cinn. Ba mhaith liom taighde a dhéanamh ar an gceantar sin Jenny
|
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 98 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 07:45 am: |
|
Tá roinnt daoine sna seantithe a bhfuil Gaeilge acu. 'Máirtín' atá ar fhear amháin. An triúr a bhí ag Baile Uí Locháin, fuaireadar bás tuairim is 15 bliana ó shin. |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 21 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 07:58 am: |
|
nach bhfuil Baile Uí Locháin suite i Luimneach?? an breacgaeltacht í an Ghaeltacht ar Thír Oileann? tá aithne agam ar dhaoine ann a labhraíonn Gaeilge go laethúil ach cén chaoi a thosaigh sé go hoifigiúil? go raibh maith agat Jenny
|
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 126 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 10:31 am: |
|
Tír Oileáin = Terryland.Anseo atá páirc imeartha Galway Utd FC. Sé mo dhóigh é nach bhfuil mórán de Ghaeltacht san áit sin anois. |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 24 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 10:39 am: |
|
Brón orm faoi mo litriú. Táim féin i mo chónaí i dtír oileáin ach táim ag lorg eolais faoin Ghaeltacht amháin. Tá aithne agam ar dhaoine le Gaeilge ann ach how did it become a gaeltacht? Jenny
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6457 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 10:42 am: |
|
Polaitíocht! Féach achtanna 1926 agus 1956 - gheobhaidh tú ar www.achtanna.ie iad. Ba cheart duit cóip de Pobal na Gaeltachta, a Scéal agus a nDán a fháil. Agus cóip de Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (an ceann is deanaí, agus an ceann ins na 1950í) |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 101 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 12, 2007 - 01:47 pm: |
|
Tír Oileáin, bhí an Ghaeltacht agus muintir na Gaetlachta ann sular tógadh na tithe sin thart orthu a Jenny. Tá roinnt bheag de mhuintir Bhaile an Dubhlaigh in aice láimhe chomh maith a bhfuil Gaeilge na háite acu. Maidir le B. Uí Locháin na Gaillimhe, is thíos le farraige atá sé i ngar do GMIT. Tógadh na tithe ansin thart orthu mar a chéile. Pádraig Ó hAichir, dochtúir, nach maireann, ba é an cainteoir deiridh a raibh mé ag labhairt leis. Fear an-deas a bhí ann a chaith a shaol oibre i Sasain. Tá duine amháin eile san áit ach ní ligeann sé air féin go bhfuil labhairt na Gaeilge aige. Agus a chead aige is dóigh liom. Tuigim dó. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1277 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 14, 2007 - 08:20 am: |
|
Aye, níl mórán Gaeilge in úsáid i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe... Tá an teorainn as dáta. Ach sin ráite agam, tá ag éirí níos láidire leis an dteanga sa chathair mar gheall ar leithéidí Gaillimh le Gaeilge agus araile... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|