mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (November-December) » Archive through November 17, 2007 » Thorthaí Dhaonáireamh 2006 maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 205
Registered: 10-2004


Posted on Monday, November 12, 2007 - 02:33 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an anailís (bhfuil focal níos fearr ann?) Dhonncha Uí Éallaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2006 maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht le fáil anois ar

http://anghaeltacht.net/ctg/daongael06.html

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6456
Registered: 08-2004


Posted on Monday, November 12, 2007 - 06:07 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scagadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2109
Registered: 01-2005


Posted on Monday, November 12, 2007 - 02:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá 72,148 duine sna 26 Contae, ag maíomh go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas scolaíochta. (...) as gach triúr le Gaeilge sa Ghaeltacht [see eclipsis in the same case below...] á úsáid go laethúil taobh amuigh den córas scolaíochta. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil cónaí ar dhá thrian de na cainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht i gceantracha nach n-úsáidtear an Ghaeilge mar theanga pobail ar bhonn laethúil. I bhfochla eile má tá teorannacha na Gaeltachta ceapaithe limistéir a rianú ina bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar theanga pobail iontu, tá siad bréagach agus tá sé thar am iad a athshocrú le go mbeidh siad bunaithe ar an bhfírinne. Go dtí go ndéantar é sin, is deachair aon phlean tarrthála (...).



Such basic mistakes on http://anghaeltacht.net/ ... mór an náire. (Sigh).

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 607
Registered: 06-2006


Posted on Monday, November 12, 2007 - 02:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ba mhó mo spéis-se ina raibh le rá aige.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2110
Registered: 01-2005


Posted on Monday, November 12, 2007 - 04:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dócha ach is mór an náire é cib bith.

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 608
Registered: 06-2006


Posted on Monday, November 12, 2007 - 05:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní shéantaím gurb ea, agus níl mé le thú a bhodhráil leis an seanphort faoi Bhéarla cliste agus céard ab fhearr ná é ach oiread. Ach is mór an náire freisin mura féidir le pobal idirlín na Gaeilge plé ceart a bheith acu ar ábhar spéisiúil gan strac-cháineadh ar ghramadach an údair i dtús baire. Dá ndéanfadh duine - dá ndéanfaí polaiteoir féin - an sórt céanna mionearráidí agus é ag labhairt amach inár láthairse, ní dhéanfaimis amhlaidh.

Ní chugatsa amháin atáim, ach tá mé oibrithe leis an síorghramadachas seo. In ainm Dé, scriobhaimis an Ghaeilge mar a labhróimis lena chéile í - le sprid ach le dea-bhéasacht freisin.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 254
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, November 15, 2007 - 07:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Baíním soíp as an áinilis úd. De reir na figura bionn í bhfad nios mo daoine oga labraionn gaeluinne i gContaé bPort Lairge laethuil nar a gceapfádh.

"Is eisceacht é Gaeltacht Phort Láirge. Ón eolas atá tugtha I dtábla 5 tá 34.5% den aoisghrúpa idir 20-24 bhl. i nGaeltacht Phort Láirge ag maíomh go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas scolaíochta"

Luaígh me le thana gur bhualá mé le go leor cainteoirí duchasach oige sa Rinn an gCuán. Ni aontaim me le iomarcha fobártha mar do tharla sa Rinn le dearnai ach aineoin an rudai mar sin bíonn sort áthru i measc na daoine oga ag tharla i laithair. Tá broid no morolach orthú mar gheall ar a dhucais féinig agus tánn se ana-bhrea le feicte.



©Daltaí na Gaeilge