Author |
Message |
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 13 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 07:41 am: |
|
Haigh do gach duine, caithfidh mé a rá is aoibhinn liom an fhóraim seo. Táim ag smaoineamh ar tionscadal acadúil a dhéanamh ar duine a bhain le mo cheantar féin ; Gaillimh. Tá mo chomhghleacaithe ag scríobh faoi dhaoine a bhain le CnG agus filí agus scríbhneoirí ach ba mhaith liom rud difriúl a dhéanamh. An bhfuil aon smaointe ag aon duine chun mé a spreagadh? I ndáiríre táim i bponc ceart, níor smaoinigh mé faoi ábhar mar sao riamh (Message edited by jenny on November 07, 2007) Jenny
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 590 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:00 am: |
|
Cén saghas tionscadail a bheas ann? Cé chomh mór? Is dócha go scríobhfainn féin faoi shaol agus shaothar Mháirtín Uí Thnúthail. Matamaiticeoir a bhí ann. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 14 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:15 am: |
|
brón orm faoi sin. chun píosa machnaimh a dhéanamh air atá ceart Jenny
|
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 15 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:21 am: |
|
Ceapaim gur aiste timpeall 4,000 focail atá i gceist. ní dúirt siad mórán fós ach ní raibh mé ag iarraidh é a chur ar leathtaobh. Caithfidh a bheith nasc idir an duine agus an Ghaeilge. GRMA a hAbigail. Déanfaidh mé taighde ar an idirlíon ar an nduine sin mar níor chuala mé faoin fhear seo riamh. Jenny
|
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 16 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:33 am: |
|
ní raibh aon eolas ar an idirlíon, cé hé Máirtín Uí Thnúthail? Jenny
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6428 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:37 am: |
|
Nach bhfuil an tuiseal ginideach faoi smacht agat, a Jenny? http://en.wikipedia.org/wiki/Martin_J._Newell quote:Martin J. Newell (Máirtín Ó Tnúthail) (1910 - 1985) was an Irish mathematician and educationalist, who served as President of University College Galway from 1960 to 1975. |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 17 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:42 am: |
|
níl!! bím measctha suas, tuigim an teoiric ach tá fadhbanna agam chun é a chur i bhfeidhm. tá an-náire orm!! mo leithscéal ach tuigim aníos go raibh sé ina uachtáran ollscoile ach cad a chur se leis an teanga? ar scríobh sé mórán? Jenny
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 591 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 09:04 am: |
|
Níl mórán eolais agam faoina chuid saothair mar uachtarán ollscoile, ach maidir le scríbhneoireacht, is eisean is mó a chuir cosa faoi scríobh na matamaitice sa teanga. Tá cóip agam d'Algébar Iolscoile leis agus is é an tseoid chruthanta é. (Message edited by Abigail on November 07, 2007) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6429 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 01:08 pm: |
|
Ba cheart go mbeadh Jenny in ann teacht ar chóip de san Iolscoil s'aici...nár cheart? Ar iasacht idir leabharlann ar a laghad. Cheapfainn go mbeadh ann eagsúlacht san togra sin. |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 18 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 01:29 pm: |
|
Abigail, An raibh sé an chéad duine a scríobh na matamaitice i nGaeilge? Aonghus, GRMA, chuir mé iarratas isteach chuig leabharlann na hollscoile chun é a fháil. fuair mé amach nach gcaithfidhan togha a bheith bunaithe ar duine amháin ach tá sé oscailte, scríobh ar duine/rud a bhaineann leis an dteanga. ach b'éigean dom cead a fháil ó na léachtaí roimh ré. Tá smaoineamh eile agam freisin, is gaeltacht í mo cheantar féin i gcathair na gaillimhe, ach is breacghaeltacht (an bhfuil mé ag úsáid an téarma ceart?) í i ndáiríre mar ní labhraíonn ach cúpla teaghlaigh Gaeilge go laethúil. Ba mhaith liom taighde a dhéanamh ar stair na Gaeltachta sin, an raibh níos mó cainteoirí ann blianta ó shin nó an bhfuil sé rud nua? Cad a cheapann siad? tá sé an-oscailte b'fhéidir ró-oscailte mar togha. (Message edited by jenny on November 07, 2007) Jenny
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 593 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 02:38 pm: |
|
Níorbh é an chéad duine é - bhí idir Seán Ó Cuirrín agus Seoirse Mac Niocaill chun tosaigh air. Ach tá a chuid Gaeilgese níos glinne, níos snasta, níos oiriúnta don ábhar ná mar a bhí a gcuid siadsan. Seasann sí léi féin, gan ghá don léitheoir a bheith eolach ar théarmaí agus nathanna cainte matamaiticiúla an Bhéarla chomh maith. Is é a leabhar calcalais-se a úsáideadh i nGaillimh leis na blianta fada nó gur tháinig sé as cló ar fad. Dá mba mise a bhí i mbun taighde faoi mo dhuine, bheinn ag fiosrú cén áit ar fhoghlaim sé a chuid matamaitice. Dar liom go bhfuil rian mhatamaitic na Rúiseach le brath ar a chuid téarmaíochta i gcúpla áit. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 594 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 02:40 pm: |
|
Má tá an sraith "Beathaisnéis" sa leabharlann s'agat, tá cur síos gairid ansin faoina shaol. Níor mhiste duit é a léamh sula ndéanann tú do rogha. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 19 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 10:31 am: |
|
GRMA, is maith liom an sraith Beathaisnéis tá sé an-áisiúil. Léigh mé an sliocht gan dabht. Jenny
|
|