Author |
Message |
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 355 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 08:23 am: |
|
B'fheidir gur chuir me an ceist seo cheanna. Mas ea, ni cuimhin liom an freagra An ceist ata gam na, an bhfuil difriocht idir "Paisti" agus "Leanai" Feicim an focal Leanai go minic i n-ainmneacha "oifigiula" An Roinn Slainte agus Leanai mar shampla. Ach feicim go bfhuil "curam paisti" (child care) agus "airioch leanai" (child minder) ann (GML ach nil na fadai agamsa ar an PC seo) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 397 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 09:28 am: |
|
Is é “gasúir” an focal is minicí a úsáidtear i gConamara leis an mbrí seo, má chuidíonn sé. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6379 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 09:28 am: |
|
Ní dóigh liom go bhfuil. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 398 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 09:32 am: |
|
Ba cheart go bhfuil “páistí” ina mhacasamhailt de “gasúir” na háite, leagan níos iofigiúla, mar déarfá. Ach ní hionann “leanaí” agus “gasúir”, chuir mé ar strae thú. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 583 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 09:53 am: |
|
Déarfainn gur óige "leanbh" ná "páiste" de ghnáth, ach tá cuid mhaith overlap i gceist. Thabharfainn féin "leanbh" ar naíon bheag, ó bhreith go haois lámhacáin, "leanbh" nó "gasúr" uaidh sin go aimsir scoile, "gasúr" amháin ina dhiaidh sin. Ní minic a bhíonn call agam ar an bhfocal "páiste," ach nuair a chloisim é is gasúr scoile a shamhlaím. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3279 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 12:41 pm: |
|
quote:Thabharfainn féin "leanbh" ar naíon bheag, ó bhreith go haois lámhacáin, "leanbh" nó "gasúr" uaidh sin go aimsir scoile, "gasúr" amháin ina dhiaidh sin. Tugaim "trioblóid" orthu uilig. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2064 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 02:57 pm: |
|
Aontam le hAibí: bíonn "leanbh" níos óige ná "páiste", dar liom. Le fírinne, deirfinn gur focal ginearálta "páiste" agus go mbeadh "leanbh" níos comhgaraí do "baby" nó páiste iontach óg. "gasúr" = boy/lad in Ultaibh. Nuair a bhí mé i nGort a’ Choirce, bheireadh bean a’ toí "gasúraí" nó "leaids" orainn uilig, gidh go rabh muid uilig níos sine ná 18 mbliana d’aois. Munab fhuil ’s agad é, thig "gasúr" ón fhocal "garsún", a thig ón fhocal Fhraincise "garçon" (=boy). Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 642 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 03:03 pm: |
|
agus an focal páiste ón fhocal Fraincise "page" |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2066 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 03:06 pm: |
|
Cha rabh 's agam sin a chara, go rabh maith agad air a shon sin :-) . Focal a tógadh ar iasacht fad ó shoin gan amhras, mar gur fada ó bhí "pages" ann ! Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6380 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 04:41 pm: |
|
An bhfuil tachrán fós sa chaint ó thuaidh? Nó an amhlaidh nach raibh aon aos óg ann roimh na Normannaigh? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2068 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 04:52 pm: |
|
Más buan mo chuimhne, d’fhoghlaim mé ’n focal tachrán ó chainteoir dhúchais as Rann na Feirste. Tá cuid mhaith focal acu sin fá choinne na bpáistí, de réir a n-aoise. Níl cuimhn’ agam orthu uilig go léir, ach scríobh mé síos ar mo chóipleabhair iad. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6382 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 06:06 pm: |
|
Seo agaibh sliocht as an mBéal Beo: An Béal Beo Aois: maidir le haois an duine, deirtear go mbíonn sé: Fiche bliain ag teacht, Fiche bliain ina shea, Fiche bliain ag meath, agus Fiche bliain ar chuma é ann nó as. Naíonán atá sa duine nuair atá sé tar éis a bhreithe: "ní raibh aon anachain ann (a deirtear) ach oiread leis an naíonán a bhéarfaí" Tá sé ina naíonán go mbí sé ráithe nó dhó nó thrí. Is leanbh nó páiste ansin é. Bíonn sé ina leanbh, nó ina leanbhán nuair a bhíos sé ag diúl. Bíonn páiste fir nó páiste mic ann agus páiste mná nó páiste iníne. Thiocfadh dó gur sine an páiste ná an leanbh, ach is cosúil gurb é leanbh an focal ceart Gaeilge ar pháiste. Tá sé ina pháiste go mbí sé a trí nó a ceathair nó cúig bliana d'aois. Ach tá neamhchruinneas ag baint leis na focail sin, mar déarfá 'cén chaoi a bhfuil an bhean agus na páistí?' Tugtar ar dhaoine fásta freisin é, e.g. 'an páistín fionn'. Féach freisin, "is fada cuimhne sean-linbh' Thugtaí naíonán ina cheann sin ar bhuachaill crua-chúiseach mar Naíonán Mhanann, gaiscíoch a bhí fadó ann. Tá duine ina mhalrach, i.e. malrach fir nó malrach mná, ó bheas sé timpeall is ceithre bliana go mbí sé ocht nó naoi de bhlianta. Ansin tá sé ina stóicín, nó ina phutach nó ina shutach go mbí sé timpeall is trí blian déag, nó ceithre bliana déag. Stócach ansin é go mbí sé sé déag nó seacht déag de bhlianta. Tugtar gasúr, i.e. gasúr fir nó mná ar dhuine ó bheas sé sé nó seacht de bhlianta go mbailí sé cúig bliana déag. Gasúr a mbíonn níos mó seanchainte aige agus cur gcéill ann ná a thagas dá aois, bíonn sé seanórtha nó seanchríonna. Ó bheas duine aon bhliain déag go mbí sé ionann is fiche bliain bíonn sé sna déaga. Déarfaí freisin faoi sheanduine go bhfuil sé "amach sna déaga tar éis ceithre scór'. Tá duine ina scorach ó bheas sé tuairim is sé bliana déag go mbí sé naoi mbliana déag nó an scór. Ansin tá sé ina fhear. Is féidir fleascach a thabhairt freisin ar an stócach is an scorach; fleascach de bhuachaill óg, i.e. buachaill tuaithe. Maidir le buachaill, tá an focal neamhchruinn, mar tugtar buachaill beag ar stóicín nó gasúr. Agus is iondúil go mbíonn an buachaill in ann gníomh maith a dhéanamh, e.g. "buachaill maith crua é/ "Buachaill caol ard atá in mo ghrá is é lom tanaí crua', 'siod í an cailín is cá'il an buachaill/ Thabharfaí buachaill ar dhuine a bheadh ina athair mór: 'cén chaoi a bhfuil an seanbhuachaill?' D'fhágfadh sin go bhféadfaí buachaill a thabhairt ar dhuine ar bith ó bheas sé sé bliana déag go mbí sé ceithre scór, nó os a chionn. Is iondúil gur duine óg a bhíos sa mbuachaill aimsire. 'Beidh siad ina mbuachaillí crua ach go dtaga iontu' a déarfaí. Ar an gcuma chéanna, tá an focal stóicín roinnt neamhchruinn, e.g. bhí a stóicín (stócach) féin le gach uile chailín acu/ Tugtar forránach ar dhuine óg atá bailithe amach ón scór. Tá duine ina bhrín óg nuair atá sé ina bhuachaill óg. Tá sé ina bhunfhear nuair atá sé meánaosta. Tá sé ina chrónfhear nuair atá sé níos mó ná meánaosta. Mar a déarfá Atá sé ina chrónfhear láidir go fóill/ Mar atá ráite cheana, bíonn páiste mná, malrach mná, agus gasúr mná ann. Ansin tá sí ina gearrchaile ó bheas sí timpeall deich mbliana go mbí sí sé bliana déag nó seacht mbliana déag. Ansin arís, tá sí ina girseach ó thimpeall is seacht mbliana déag go dtí fiche bliain. Tá sí ina bean óg ansin. Is cailín óg í nuair atá sí in aois a pósta nó inphósta. Tá an focal cailín freisin rud beag neamhchruinn mar déarfaí 'cén chaoi a bhfuil an seanchailín?' faoi bhean a bheadh suas le ceithre scór. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2070 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 11:10 pm: |
|
Gaeilg Chonamara -- ní cinnte go bhfuil an méid sin fíor in achan chanúint. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|