Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 05:02 am: |
|
Amharc air seo, tá an chuma ar an scéal go bhfuil gné nua le feachtas na gCeithearn Coille. In ionad na ngreamaitheoirí “As Gaeilge Anois”, tá siad ag crochadh greamaitheoirí le logainmneacha scríofa orthu! Leithéidí “An tIúr” - go hiontach! Ní féidir le polaiteoirí gearán a dhéanamh anois! http://www.ceithearnacoille.com/page1/page1.html |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 112 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 06:31 am: |
|
Iontach amach! Scriosann sé sin sean-argóintí na nAontachtaithe aonteangacha gur 'contúirt' iad na greamaitheoirí Gaeilge. An féidir iad a cheannach chomh maith? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 92 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 06:41 am: |
|
Tá sé sin spéisiúil amach - cliste fosta. Beidh air namháid na nGael teacht amach is a rá go bhfuil siad in éadán na Gaeilge. Ar ndóigh, rinne 'Gael' mór le rá den tseandream ionsaí láidir orthu siúd le tamall anuas - ach scriosann sé seo argóintí s'aige/aici amach is amach. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 636 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 09:52 am: |
|
Is luachmhar gach chéim i dtreo na Gaeilge! |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 94 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 06:14 pm: |
|
RG, Mhothaigh mé ar shuíomh s'acu go bhfuil siad anois ag cur Gaeilg ar na Comharthaí!! Ar fheabhas, is cuma liom caidé a deir na Gaill! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1265 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 06:24 pm: |
|
Fíormhaith ar fad! An t-aon rud a chuireann isteach orm ná nach bhfuil aithne agamsa ar na ceithearna coille iad féin cé go mbíonn mé féin páirteach ann im bhealach féin... Mo mholadh nach beag iad ach cé atá taobh thiar den fheachtas, níl's ag éinne... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 113 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, October 29, 2007 - 06:35 pm: |
|
Nach é sin an bealach is fearr ag an phointe seo a Dhomhnaill, go háirithe agus na húdaráis ag iarraidh gréim a fháil ar chuid acu? Seans go dtiocfaidh siad amach de réir a chéile. Cibé ar bith, is léir gur Ceithearn tú féin anois má tá tú páirteach i do bhealach féin! Suas leis na Ceithearna! |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 95 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 30, 2007 - 05:22 am: |
|
A Dhomhnaill, Níl eolas ar bith agam le cuidiú leat dáirire. Ach bhíos féin ag déanamh taidhge ar grúpaí den chineál seo in Albain agus in Éirinn (ceartas agus srl.), mar sin bhí deis agam labhairt le úrlabhra na gCeithearn, dúirt sé/sí nach raibh ach 'tuigbhéail' aige/aici ar chúrsaí. Ach, bhí sé/sí curámach le miniú ... ... níl aon ceithearnach níos ceithearnaí ná ceithearnach ar bith eile - ní arm é, níl aon orduithe ann, ná ceannairí, smaoineadh atá ann. Tá tú i do cheithearnach i do chroí, neamhghalldaithe, neamhbríste, sin é. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 114 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 05, 2007 - 06:17 am: |
|
Chonaic mé go raibh na Ceithearna i gCathair na Mart ag cur greamaitheoirí ar chomharthaí Béarla! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1269 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 06:14 pm: |
|
Tá súil agam gur ghlac tú pictiúir agus gur chuir tú sonraí ar aghaidh do na Gardaí ;) 'bhfuil pictiúir aon áit den obair a bhí ar siúl acu? Deas sin a chloisteáil, bhí scéal sa Sunday Indo nó nuachtán eile seachtain ó shin ag rá go bhfuil muintir chathair na mart ag iarraidh íomha gaelach a chur ar an mbaile.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 121 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 08:18 am: |
|
go bhfuil muintir chathair na mart ag iarraidh íomha gaelach a chur ar an mbaile. Bhuel is cinnte go bhfuil sé sin acu anois nó déarfainn gur cuireadh in airde thart ar 100 greamaitheoir - bhuel sin an chuma a bhí ar an áit cibé ar bith! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1274 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 10:58 am: |
|
Tá go maith, súil agam go mbeidh pictiúir ar an suíomh s'acu amach anseo.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|