Author |
Message |
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 9 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 07:58 am: |
|
conas is féidir "my fellow students" a rá agus mac léinn atá i gceist agam. sa mhéanscoil deirtear, mo chomh scóláirí ach céard faoi an triú léibheal? Jenny
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 576 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 08:21 am: |
|
B'fhéidir téarma a cheapadh dó mar atá "mo chomh-mhic léinn," ach ní maith liom é. Thabharfainn féin "comhghleacaithe" nó "comhscoláirí" orthu. Ní gá do scoláire bheith ina scoláire meánscoile! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6371 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 08:23 am: |
|
mo chomh mhic léinn, is dócha. Nó díreach "mo chomhghleacaithe" comhghleacaí [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] duine ar aon chéim leat; compánach, comrádaí. P.S. Frása seachas phrás atá i gceist agat, sílim. frása [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] grúpa focal, cuid d'abairt de ghnáth. Is fearr liomsa an focal "nath" nath [ainmfhocal firinscneach den tríú díochlaonadh] seanrá, leagan cainte, rá coitianta (tá sé sin ina nath againn); sonrú (ná cuir aon nath ann); dua, trioblóid (ní haon nath aige é). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6372 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 08:24 am: |
|
Ha. Bhí Abigail níos sciopthaí an uair seo... |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 577 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 08:28 am: |
|
... toisc nár bhac mé le aon fhianaise a thabhairt! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 54 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 08:29 am: |
|
Dia duit a Jenny. 'mo chomhdhaltaí' nó 'mo chomhscoláirí' don lucht bunscoile/meánscoile, déarfainn. 'Mo chomhscoláirí' a déarfainn le muintir an tríú léibhéal leis. Maidir le 'mac léinn' a chur sa mhúnla sin, ní chuirfinn. Déarfainn 'mo leathbhádóirí ollscoile' agus 'mo chuid leathbhádóirí ollscoile'. (Ní thiocfadh 'mo chomh-mhic léinn' ná 'mo chuid comh-mhac léinn' le luiteamas na teanga ar bhealach ar bith, go fóill(!), d'ainneoin a bheith gramadúil go leor.) |
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 11 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 08:30 am: |
|
GRMA!! is maith liom an focal comhghleacaí. Cheap mé go raibh mo chomhscoláirí oiriúnach do scoláirí méanscoile amháin (Message edited by jenny on October 24, 2007) (Message edited by jenny on October 24, 2007) Jenny
|
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 55 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 08:31 am: |
|
Tá an triúr againn mórán ar aon bhuille inniu a chairde. Súil agam go bhfuil an lá ag caitheamh go maith libh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6373 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 10:32 am: |
|
Seachas go bhfuil slaghdán ag teacht orm, tá. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 623 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 10:40 am: |
|
An t-oideas: uisce beatha, sú liomóide, uisce galach, mil, éadaí chluthair: + codladh. Codladh sámh! |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 56 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 10:48 am: |
|
Béile mór, deoch the agus codladh sámh in áit chiúin. Nára fada go rabhair ar ais ar do sheanléim arís a bhóchaill. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 321 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 11:02 am: |
|
sé pionta pórtair, rith fada ina ndiaidh, snámh fada, leithreas...fada...agus coladh sámh. Oibríonn sé dhomsa i gcónaí |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 351 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 12:18 pm: |
|
Uisce beatha, uisce beatha agus uisce beatha. Ni thiocfaidh an fheabhas ort but you won't give a damn |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3272 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 01:07 pm: |
|
Aontaímse le MiseF quote:sé pionta pórtair, rith fada ina ndiaidh, snámh fada, leithreas...fada...agus coladh sámh .i. neart leachta, neart aclaíochta agus allais, agus ansin codladh na marbh an oíche ar fad. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 624 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 02:55 pm: |
|
Ara, a dhe'n Fhios, sin ícshláinte fiabhrais! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3275 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 03:06 pm: |
|
Ní hea. Ní bhíonn fonn aclaíochta ar dhuine a bhfuil fiabhras air. Ach is fíor go bhfuil an t-allas an-úsáideach sa dhá chás. Folcadán lán uisce an-te atá uait má tá fiabhras ort. Nó sauna má tá a leithéid ar fáil. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 625 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 25, 2007 - 06:26 am: |
|
dhiabhail, seans go bhfuil aonghus marbh i ndiaidh na n-ícshláintí uile ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6383 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 31, 2007 - 06:33 pm: |
|
Ní raibh mé ach leath marbh. Chaith mé Déardaoin ar fhleasc mo dhroma. Bhí mé as baile ó shin. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 62 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, November 01, 2007 - 06:33 am: |
|
Fear slán, ar ais ar do sheanléim arís agus is maith go bhfuil. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 646 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 02, 2007 - 11:49 am: |
|
" Ní raibh mé ach leath marbh " Bhal, ba leor an leath aiséirí duit, mar sin ;-) |
|