mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (September-October) » Archive through October 26, 2007 » Gaeltacht group to start new Gaeltacht near city « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pádraig_toronto
Member
Username: Pádraig_toronto

Post Number: 65
Registered: 11-2004
Posted on Monday, October 22, 2007 - 11:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 80
Registered: 04-2007
Posted on Monday, October 22, 2007 - 12:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

“UNLESS IRELAND FOCUSES SQUARELY ON THE DEMOGRAPHIC CONCENTRATION OF IRISH SPEAKERS IN THE NEW COMMUNITIES (AS A FIRST STEP), PARTICULARLY IN THE URBAN EAST, THEN THE RE-VENACULARIZATION OF IRISH IS DOOMED TO FAILURE.”
Diarmuid Ó Néill

“YOU COULD HAVE IN THE GALLTACHT... REAL GAELIC COMMUNITIES, JUVENILE DELINQUENCY, BEATLES, SHEBEENS AND ALL. THERE MUST BE ONE BIG COMMUNITY IN DUBLIN. IT IS A CHALLENGE. ARE WE WORTHY TO TAKE IT UP? IF WE HAD FLOURISHING COMMUNITIES SUCH AS I SAY THROUGHOUT IRELAND, AND ESPECIALLY IN THE BIG URBAN AREAS, THE GAELTACHT ITSELF - THE HISTORICAL GAELTACHT - WOULD NO LONGER BE ANYTHING EXCEPT ONE OTHER IRISH-SPEAKING COMMUNITIY.”
Máirtín Ó Cadhain, 1964

Aontaim go huile is go hiomlán.

Dar liomsa go pearsanta, ní hé gur smaoineadh maith é, is é seo an difear idir buaidh nó bás.

Is cinnte go gcaitfear gaelphobail úra a bheith ann in Oirthear na tíre - thart ar BÁC ach go hairithe, ach ba chóir go mbeadh iarrachtaí ar bun ar fud fad na tíre seo - nach dtiocfadh le daoine forbairtí lánGhaeilge a thoiseacht i nGaeltachaí lága mar shampla.

Ná fánaimis le rialtais gallda chun an Ghaeilge a shlánú - is obair é do na Gaeil féin - is féidir linn a dhéanamh.

www.bailegaelach.com - Baile abú a deirimse.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1257
Registered: 06-2005


Posted on Monday, October 22, 2007 - 01:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aye.. Rinne mé féin an suirbhé cheana. Má leantar leis tá gach seans ann go mbeidh mé im chónaí ann.

Rud atá an-spéisiúil mar gheall ar an dtogra seo ná nach bhfuil mo dhuine Ronan atá i gceannas ar an rud ag lorg deontais nó a leithéid. Díreach Pobal Gaelach a chruthú do dhaoine gur mian leo an ghaeilge a labhairt.
Talamh a cheannach agus talamh a thabhairt do Ghaeilgeoirí le teach a thógáil.

Moladh a bhí agam ná bheith cúramach mar gheall ar chanúintí.. Sin an fáth gur theip ar ghaeltacht bhaile ghib. Ach más baile do mhuintir átha cliath agus daoine de mo leithéid i lú &rl éireóidh go breá leis!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 81
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 06:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is suimiúil na rudaí a deir tú fá chanúintí a Dhomhnaill, bheadh barúileacha difriúla agam féin fá chanúintí ná mar a bheadh ag cuid mhór Gael ach bheinn ag súil go mbeadh lámh in uachtar ag an 'chanúint' is láidre sa deireadh.

Chomh maith leis sin, braitheann sé ar cén canúint a bhéas ann sa scoil.

Ach ba chuma liom dáirire.

Dar liomsa, níl ann ach trí chanúint, Gaeilge na hAlbain, Gaeilge Mhainnín agus Gaeilge na hÉireann.

Cinnte, bhí fadhbanna ann i mBaile Ghib eadra Gaeilge Fhanada agus Gaeilge as aiteachaí eile, ach tháinig cuid mhór daoine as Co. an Chláir gan Gaeilge ar chór ar bith agus tháinig cuid mhór daoine as Gaeltachta laga, Gaeilge mar dhara theanga acu.

Na éistimis le leithscéalta fá chanúintí. Ní ard-ghaeilgeoir mé ach ní raibh troiblóid ar bith agam i nGaeltacht ar bith go fóill, cé nár bhain mé Ciarraí amach go seadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 107
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 12:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Coincheap iontach atá ann agus tá sé thar am go raibh grúpa gairimiúil mar seo ag obair ar an togra.

Má éiríonn le BAILE, agus tá mé cinnte go n-éireoidh, beidh sampla ann do dhaoine eile ar fud na tíre an beart céanna a chur i gcrích.

Agus sa lá atá inniu ann bíonn gach duine cleachta leis na canúintí. Ní bheidh mórán d'fhadhb ansin ar chor ar bith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 4
Registered: 04-2007
Posted on Thursday, October 25, 2007 - 01:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scéal inspioráideach caithfead a rá. I mo thuairimse nil aon gniomh níos fearr chun an Ghaeilge a spreagadh ar fud na tíre ná ceantar Gaeltachta a bhunú i ngach chontae. Le fada an lá bhí Gaeilgeoirí ag brath ar an rílatas go huile is go hiomlán chun an teanga a athrú ach le seo tá an Tá dea-scéal ó mhuintir Alt Mór i dTír Eoghain mar tá feirm 150 acra ceannaithe agus beidh siad ag tógáil títhe ar an suíomh amach anseo.Tá an scéal go leir ar an suíomh idirlíon www.bailegaleach.com freisin. Ach caithfidh siad cloí le canúint amháin sa Ghaeltacht nua in oirthear na tíre sin rud tabhachtach go leor sin an fáth gur éirigh leis na Gaeltachtaí a bhunaíodh go dtí seo-- Ghaeltacht Bóthar Seoige i mBéal Feirste i 1969 agus Rath Chairn i gContae na Mí i 1937. Beidh an cinneadh sin sa bhunscoil, méanscoil, seirbhísí eaglasta agus go leor áiteachaí eile. Go n-éirí leo ar gach bealach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 32
Registered: 08-2007
Posted on Friday, October 26, 2007 - 01:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go n-éirí go geal le 'BAILE'. Ó dá mbeinnse arís óg...

Seanfhear

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelgannaire
Member
Username: Gaelgannaire

Post Number: 85
Registered: 04-2007
Posted on Friday, October 26, 2007 - 05:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 109
Registered: 04-2007
Posted on Friday, October 26, 2007 - 10:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin alt ar dóigh ag Mac Giolla Chóill. Ar aghaidh linn!



©Daltaí na Gaeilge