Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 562 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 05:26 am: |
|
Tá an díolaim "Dánta Grádha" á léamh agam le déanaí, agus spreag sé mé chun roinnt ionsaithe a dhéanamh mé féin ar an meadaracht siollach - ar mhaithe leis an gcraic is an gcleachtadh, tuigeann sibh. Fuair mé dhá rud amach, mar atá: Rud a haon: tá sé seo i bhfad níos deacra ná mar a bhreathnaíonn sé! Rud a dó: tá líne seacht siolla ró-ghearr, nach mór, don teanga mar a chleachtaim í de ghnáth. Ní mar a chéile é agus líne an iambic pentameter, meadar a oireann go maith do ghnáthrithimí cainte Béarla fós inniu. Chuir sé sin ag smaoineamh mé... an bhfuil an teanga s'againne ag dul i bhfaide? Fág i leataobh an ponc séimhithe agus cúrsaí nua-litrithe - an bhfuil líon na siollaí i ngnáthfhocal nó i ngnáthráiteas ag méadú le himeacht ama? Má tá, an forbairt choitianta é an bolgadh seo i measc teangacha eile na cruinne? Tá ciall áirithe ag baint leis an teoiric go bhfuil, ar ndóigh, ó thaobh na teaglamachta de - má chuirtear le stór focal teanga, agus mura gcuirtear lena haibitir dá réir, ní mór (1) iomaí brí a chur leis na focail ghearra chéanna, nó (2) focail níos faide a chumadh. Ach níl mé eolach faoi stair teangacha eile; níl anseo mar sin ach teoiric gan fianaise agus b'fhéidir gan bhunús. Tuairimí ag éinne? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6338 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 06:02 am: |
|
Bhí canúint faoi léith in úsáid leis na dánta grá, agus an bhfiliocht i gcoitinne. Mar sin, ní dóigh liom go bhfuil do shampla ionadaíocht go leor! Bheadh orainn scribhinní dlí, staire 7rl a chuir san áireamh. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 100 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 07:48 am: |
|
Aontaím le hAonghus, teanga fhileata a bhí in úsáid sna Dánta Grá srl. a bhí éagsúil ón ghnáthchaint. Bhí 'ceadúnas filíochta' acu sin a scríobh na saothair seo agus chuir siad an teanga in óiriúint don fhoirm. Is féidir leat sin a dhéanamh sa lá atá inniu ann ach an teanga a athrú ar bhealaí éagsúla, gan an chiall a chailliúint ar ndóigh. Ádh mór! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 606 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 10:29 am: |
|
A Abagail, Mo cheol thú agus tabhairt faoi Na Dánta Grádha ar bun agat. Chuir do scéal in iúl dom caint a dúirt an t-ollamh Breandán Ó Doibhlin tráth: "..is cinnte, go dtáinig an Ghaeilge faoi thionchar reitric na laidne mar a thuigeann duine ar bith a léigh an Céitinneach nó scríobhnóirí Lóbháin agus, ar ndóigh, tá oidhreacht na Gréige innti, mar atá in aon teanga iartharach a ndeachaidh an Chríostaíocht i bhfeidhm uirthi. Ach , tá trí chéad blian anuas, teascadh an Ghaeilge de chrann an hintleachtúlachta Eorpaí, is d'fhill sí, diaidh ar ndiaidh , ar mheon na ngnáthdaoine gan léann." [Aistí Critice agus Cultúir 11; lch 60 ] Sea, chreimeadh an focalstór a bhí ann, d'imigh friotal is snas is comair is saothrú Ghaeilge na scoileanna fílíochta is tháinig urlabhra eile i réim |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 565 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 05:49 pm: |
|
A Aonghuis agus a RG_Cuan, an-phointe é sin! Bhí a fhios agam nárbh ionann gnáth-Ghaeilge an 16ú haois (cuirim i gcás) agus Gaeilge fhileata an 16ú haois. Ach ghlac mé leis gurb í an difríocht eatarthu ná go raibh an Ghaeilge fhileata níos coimeádaí, gur chloí sí le foirmeacha áirithe stairiúla nár mhair sa gcaint, .i. gur chosúil Gaeilge fhileata an 16ú haois agus gnáth-Ghaeilge labhartha an 13ú haois nó mar sin de. Níl a fhios agam i ndáiríre - b'fhéidir go bhfuil dul amú ar fad orm! Ach má tá bunús leis an tuairim sin, d'fhágfadh sé go bhfeileadh meadarachtaí siollacha na ndánta seo do ghnáth-Ghaeilge ré éigin, cé murarb í ré a gcumtha féin í. Nó b'fhéidir nár fheil riamh, agus ní raibh sna meadarachtaí seo riamh ach féinchiapadh an aosa dána. Cá bhfios?! A Fhirn, caithfidh mé a admháil gurb é an leabhar ba mhó a scanraigh mé dár cheannaigh mé an mhí seo caite. (Tá pictiúr den slam ar fad anseo más suim leat.) Ach insint an fhírinne, anois nuair atáim sáite isteach ann níl sé leath chomh doiligh is a cheap mé go mbeadh. 'Sea, is é "comair" an focal ceart air! Sin díreach a bhí i gceist agam, ach níorbh fhéidir liom teacht ar an mot juste. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 35 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 04:04 am: |
|
Tá bailiúchán breá déanta agat, ' Abigail. ..... nuair atáim sáite isteach ann níl sé leath chomh doiligh is a cheap mé go mbeadh. .... Tá siad ag teacht leat de réir a chéile. Dá sásamh féin seachas á gciapadh féin a bhíodh na filí. Ní amháin go bhfaighidís spré nuachair as a saothar, ach bhí an cothú comhluadair acu, fágaimis an cillín dorcha de leataobh as an áireamh. Bá ábhar cumha scaoileadh na scoile: Anocht sgaoilid na sgola, leabtha uadha a n-aontomha: do-ghéna lucht gach leabtha déra re hucht n-imtheachta. http://suburbanbanshee.net/irishptr/drchpoem/debhide.html Tá an-tiomsú ar fáil anseo ag CELT a Corcaigh: http://www.ucc.ie/celt/bardic.html Agus níos faide siar roimhe sin: http://www.ucc.ie/celt/erlypoet.html |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 569 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:10 am: |
|
Go raibh míle maith agat as na nascanna sin, a Sheosaimh. Tá siad sábháilte agam anois. Is dócha gur fíor dhuit... is iomaí duine a bhreathnódh ón gclaí ar an roinn matamaitice s'againne agus a cheapfadh gur dár 'gciapadh' féin a bhímid. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 609 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:28 am: |
|
Bhal, más sliabh bheag leabhar é sin, déarfainn nárbh fhada go mbeidh tú ar a mullach. Mar a deir an Síneach, cuma fada an tslí, sí an chéad chéim bbeag chéanna a chuireann tús leo. |
|
|