Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 75 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 06:08 am: |
|
http://news.bbc.co.uk/1/hi/northern_ireland/7046117.stm Tá sé cinnte anois nach mbeidh Acht Gaeilge ann ó thuaidh. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 305 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 06:41 am: |
|
Tá súil agam nach mbeidh iontas ar lucht Sinn Féin i ngeall ar an gcinneadh seo. Bhí an seans acub an roinn cultúr a fháil ach dhiúltaigh siad í |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 76 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 06:56 am: |
|
Mise féin, Ní bheidh Acht Gaeilge ann ó thuaidh de bhrí go bhfuil níos mó aontachtóirí ann. Is cuma fán roinn. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 306 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 07:03 am: |
|
A Ghaeil Más fíor sin cén fáth go raibh teip ar rún Mhic Narry le déanaí i leith labhairt na Gaeilge? Agus más fíor sin cén fáth go raibh aoinne ag iarraidh Acht a bheith ann mura mbeadh seans aige ariamh? Agus déarfainn dá mbeadh duine as Sinn Féin sa bpost ina bhfuil mo dhuine Poots anois beidh siad ag rá go mbeadh Acht ann agus beidh scéal difriúil ann inniu. Bheadh an t-Acht ag brath ar vótaí sa tionól anois, nach mbeadh? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 77 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 07:27 am: |
|
Mise fhéin, Caithfidh 'cross-community support' a bheith aige. Cha rabh sin de dhíth maidir le rún McNarry, chomh maith leis sin, ní maith leis na haontachtóirí eile é - bhí deichniúir as láthair. 'cén fáth go raibh aoinne ag iarraidh Acht a bheith ann mura mbeadh seans aige ariamh' Ba chóir go mbeadh sé ann, sin an fáth. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 307 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 07:40 am: |
|
so, ní aontófá liom go mbeadh an Acht in áit i bhfad níos fearr inniu dá mbeadh Sinn Féin i gceannas ar an Roinn Cultúir, agus nuair adeirim níos fearr, ciallaím níos fearr i leith béalghrá Sinn Féin "Caithfidh 'cross-community support' a bheith aige" Sea......, bhí gá leis sin i leith rún Mhic Náradhaigh freisin a mhac! |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 78 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 07:46 am: |
|
"Caithfidh 'cross-community support' a bheith aige" Sea......, bhí gá leis sin i leith rún Mhic Náradhaigh freisin a mhac! Chan ionann an dá chás go díreach. Tá difear idir 'rún' is píosa reachtaíochta. "ní aontófá liom go mbeadh an Acht in áit i bhfad níos fearr inniu dá mbeadh Sinn Féin i gceannas ar an Roinn Cultúir, agus nuair adeirim níos fearr, ciallaím níos fearr i leith béalghrá Sinn Féin". Ceart agat. Ní aontaim leat. Is cuma sa tsoic cén páirtí atá i mbun na roinne. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 308 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 07:58 am: |
|
"Ceart agat. Ní aontaim leat. Is cuma sa tsoic cén páirtí atá i mbun na roinne" Ceart go leor, ach déarfainn go mbeadh duine as Sinn Féin ag seasamh ann inniu agus ag rá dúinn go raibh formhór na bhfreagraí ón chomhairliúchán pobail ar son an Achta, agus go bhfuil sé i gceist é a chuir os chomhair an tionóil le haghaidh vóta. Bheadh seans ag an acht ansin, an dtuigeann tú? Ach anois ní raibh seans ag an Acht ariamh ós rud é nach raibh an chiall ceannaithe ag lucht Sinn Féin an Roinn Cultúir a ghlacadh nuair a bhí sé ós a gcomhair! (Message edited by Mise_Fhéin on October 16, 2007) |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 79 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 08:04 am: |
|
Tá mé sásta nár ghlac siad leis an Roinn Cultúr, Ach ghlac siad le DRD, anois tá Conor Murphy ag iarraidh reachtaíocht a ullmhú ar son Comharthaí Bóithre Dhátheangach. Glacadh leis an Roinn Oideachais > Gaelscoileanna. Bhí sin riachtanach, samhlaigh dá mbeadh Wilson i mbun na roinne sin! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 309 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 08:25 am: |
|
is fíor dhuit, agus má bhreathnaíonn tú ar Acht na teangacha oifigiúla sa bPoblacht feicfidh tú nárbh fhiú teas as mo mhún é ar aon nós |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 590 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 09:48 am: |
|
Is trua gur ghéill an Gael don Aontachtaí sna 6 chondae. Tá a shliocht air anois. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1251 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 10:21 am: |
|
Trua nach beag an scéal :( Ní cheart do dhuine ar bith bheith ag gearán mar gheall ar Sinn Féin, tar éis an méid oibre a bhí curtha isteach ag an bpáirtí ach go háirithe. An dream deireanach atá ar an lucht ná Sinn féin. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 311 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 10:33 am: |
|
Ach an bhfuil iontas orthub? caithfear súil lena leithéid ó Aontachtaí |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6333 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 10:36 am: |
|
http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=2455&viewby=date quote:The minister denied he had any responsibility for decisions taken by the Irish and UK governments. Níl sé freagrach as na cinntí. Ach teacht salach orthu, sin scéal eile. I gcúirt Shaun Woodward atá an chaid cáidheach anois... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 593 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 11:00 am: |
|
Bhal, dar ndóigh, tá slí eile ann an Ghaeilge a chur i mbéal an phobail......í a labhairt! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6336 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 11:39 am: |
|
Caithfear deiseanna a chothú chun í a labhairt. Ní mhairfidh teanga teallaigh. Teanga stáitseirbhíse, sin ceist eile! (Message edited by aonghus on October 16, 2007) |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 17 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 11:50 am: |
|
Is cuma a thláithe a bheas achan pháirtí eile leo, is doiligh leis an aondachtóir an Ghaeilg a scaoileadh siar ina chluais, gan trácht ar a chroí. Is amhlaidh don Fhine Gaelaí ó dheas é, cuid mhaith. D'ainneoin sin, beidh riar acu ina bun amach anseo. Mar a deir Fearn, is tábhachtaí go labhrófaí í, in áit, ar dhóigh, a bheith ag labhairt leo fúithi. Níl dearcadh an aontachtóra i bhfad Éireann ó dhearcadh Bhéarlóirí eile na hÉireann. Tá siad níos faide as an nGaeilg ná Béarlóirí eile na hÉireann, ach féach nach raibh meas madaidh ar cheol na hÉireann ach oiread daichead bliain ó shoin. Is bodhar sinn de bheith ag éisteacht leis an gceol céanna ar na saolta so. Tá sé ar fud an bhaill. Má choinnímid orainn go gceann scathaimh eile is má bhímid faichilleach, feicfimid linn cad é is féidir a dhéanamh. Misneach a chairde, misneach! Labhair í is mairfidh sí! |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 18 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 11:52 am: |
|
Aonghus: Caithfear deiseanna a chothú chun í a labhairt. ... Sin é, gníomhaíocht le daoine a tharraingt le chéile, leithscéal a thabhairt do dhaoine len í a labhairt. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 314 Registered: 11-2006
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 11:54 am: |
|
Scríobh Aonghus: "Caithfear deiseanna a chothú chun í a labhairt. Ní mhairfidh teanga teallaigh. Teanga stáitseirbhíse, sin ceist eile! " ar léigh tú "Coinneáil Orainn" ariamh ? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 98 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 16, 2007 - 04:06 pm: |
|
Ceart agat a Sheosaimh, misneach. Ceist ama atá ann ar go leor bealaí nó bíonn sé deacair ag na dineasáir bogadh chun tosaigh. 65% ar son na reachtaíochta, shílfeá go raibh diúltú seo an Aire Poots dóchreidte muna raibh sé fíor! Ar an iomlán ní chuirfidh sé seo isteach ar fhás na Gaeilge ó thuaidh, nó áit ar bith eile ar fud na tíre. Ar aghaidh linn! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6342 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 10:31 am: |
|
Scríobh Sé Fein: quote:ar léigh tú "Coinneáil Orainn" ariamh ? Níor léigh. Ach ní bealghrá Stáitseibhíse a bhí i gceist agam, ach go mbeadh stáitseirbhísigh ag obair tré mheán na Gaeilge. Tá ga leis an iliomad rud: Gaeilge cois teallaigh, cois cuntar san teach tábhairne, ach cois cuntar in oifigí Stáit, bainc, siopa chomh maith. Agus as crannóga ollscoile agus eaglaise, agus nuachtáin! |
|