Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2018 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 07:35 pm: |
|
Haigh a chairde, Tá ceist agam oraibh: an bhfuil a fhios agaibh cár féidir a theacht ar Ghraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (foilsithe i 1999) ? (Lena cheannacht) Tá mé ’cuartú na leabhaire sin le 5 bliana, in achan áit, ar achan suíomh idirlín, agus is cosúil nach féidir cóip ar bith a dh’fháilt! Chuartaigh mé ar achan suíomh a dhíolas leabharthaí athláimhe, agus chan fhacaidh mé trácht air, nó nuair a bhíodh, bhíodh sé scríofa "as cló" i dtólamh. An bhfuil smaoitiú agaibh, cad é mar a thiocfadh liom cóip don leabhair sin a dh’fháilt, nó cá háit? (má tá an clúdach stróctha féin!) Go rabh míle maith agaibh... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 549 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 11, 2007 - 05:41 am: |
|
D'fhéadfá mionfhógra a chur sa bpáipéar. Sin a rinne mise le déanaí mar gheall ar "Cré na Cille" agus d'éirigh liom cóip a fháil. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2019 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, October 11, 2007 - 12:44 pm: |
|
Haigh D’fhreagair mé do ríomhphost cheana féin a Aibí, ach is féidir gur mian leis na daoiní eile an t-eolas sin a chluinstean: Scríobh mé chuige’n Ghúm/Foras na Gaeilge le gearán a dhéanamh agus seoladh leagan Word don ghraiméar sin chugam. Agus húradh liom go rabh ar intinn aige lucht an Ghúim eagrán úr don ghraiméar sin a dh’fhoilsiú i dtús na bliana seo chugainn. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6317 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 11, 2007 - 04:18 pm: |
|
Is maith liom a chlos go bhfuil an ghúm chomh solúbtha! |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 5 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 09:26 am: |
|
Tá mé díreach tar éis "New Irish Grammar by the Christian Brothers" a fháil ó readireland.ie. De réir an tsúimh bhí sé foilsithe i 1999 ach sa leabhar níl ach “This reprint May 2005” scríofa ann. Lena chois sin níl sé foilsithe ag Gúm ach CJ Fallon. An bhfuil sé seo an leabhar céanna? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 749 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 09:35 am: |
|
Brush up on your Gaeilge, EU warns Government The European Commission has told the Government it needs to brush up on its Irish grammar or risk undermining the use of Gaeilge as an official EU language, writes Jamie Smythin Brussels. http://www.ireland.com/newspaper/frontpage/2007/1013/1192222978624.html Ach féach aseo: http://www.daltai.com/discus/messages/20/28687.html?1192455429#POST63393 Bolscaireacht frith-Ghaeilge atá ann, arís, de réir dealraimh. (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on October 15, 2007) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 559 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 09:47 am: |
|
An bhfuil sé An é seo an leabhar céanna? Ní hé. Is leabhar lán-Ghaeilge é "Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí", agus tá sé cuid mhaith níos cuimsithí ná an "New Irish Grammar" (breis agus 400 leathanach san eagrán is déanaí!) Déarfainn gurb é an graiméar is fearr amuigh é, agus is aoibhinn liom cloisteáil go bhfuil sé le cur ar fáil arís.
Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 6 Registered: 06-2007
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 04:00 pm: |
|
Go raibh maith agat as an gceartúchán a Abigail. Is trua é faoin leabhar, tá sé de dhíth orm anois. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2030 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 15, 2007 - 04:26 pm: |
|
quote:An é seo an leabhar céanna? Or: Ab í seo 'n leabhar chéarna? (Donegal Irish) ;-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|