|
|
|
Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 60 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 12:17 pm: |
|
Cá mhéad agaibh a bhaineanns úsáid as sloinne Gaeilge mar leagan amháin oifigiúil de bhur sloinntí? Cén dóigh is féidir le Gael a dhéanamh ó dheas. An féidir rud níos daignine a dhéanamh ná 'do' shloinne Béarla a fhágáil i do dhiaidh? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 540 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 12:30 pm: |
|
Ní úsáidím agus ní úsáidfinn dá mbeinn in Éirinn. Is rud é m'ainm a bhaineann liomsa agus nach mbaineann go háirithe le Béarla ná le Gaeilge ná le teanga ar bith eile ar dhromchla an domhain. Sin é mo dhearcadhsa air, ar aon nós. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 62 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 12:49 pm: |
|
Seadh, ach cad fá sloinne ar nós McDonald. Nach bhfuil sé díreach lag chun úsáid a bhaint as an leagan Gallda a thugadh do bhur sinear agus iad daor is in isle brí nuair is féidir a bheithi do ... Mac Domhnaill, ciall leis, stair leis, bród leis. Níl mé ag rá nár chóir go mbeadh daoine brodúil as an leagan Gallda ach is aisteach liom é. An bhfuil a fhios ag duine ar bith eile fá mhuintir ar bith eile a bhaineann úsáid as sloinnte úra a thug muintir eile dóibh? Cinnte, níl a leithead in Eorap, fiú sa Chorsaic baineann siad úsáid as a sloinnte Corsu. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 541 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 01:35 pm: |
|
Mise Abigail Mitchell. D'fhéadfainn "Aibigéal Ní Mhistéil" a athbhaisteadh orm féin. An mbeinn níos Gaelaí ansin? Níos díograisí ar son na Gaeilge? (Nó - agus is ceist eile ar fad í seo - an measfaí go raibh?) An é go dtaispeánfainn níos soiléire an bród atá orm as mo shinsir? Más ea, céard faoina sliocht, faoi na Mitchells a rinne an turas fada ó Chontae Aontroma anall mar Mitchells, faoi na glúinte eadrainn a mhair is a phós is a shaothraigh is a thug cogadh is a fuair bás mar Mitchells uilig? An mbeinn á maslú siadsan, an t-ainm gránna Gallda a fuair mé uathu a aistriú? Más fíor, luíonn sé le réasún go mbeinn. Mar sin más onóir agus bród muintire atá i gceist i ndáiríre, cloífidh mé feasta le sloinne m'athar is a athar is a sheanathar roimhe. Orthusan atá aithne agam. Leosan a bhraithim mé féin ceangailte, níos dlúithe ná mar a bheinn choíche le clann oirearc Uí Mhistéil a mhair in Éirinn fadó. Más onóir agus bród muintire atá i gceist. Ní dóigh liomsa gurb ea áfach - nó ní dóigh liom gur gá gurb ea, ar a laghad ar bith. I ndeireadh na dála níl mórán in ainm an duine dar liom ach ainm duine. Chuir tú ceist thuas arbh fhéidir rud níos daingne a dhéanamh. Is féidir. An teanga a labhairt agus a scríobh. Sin a choinneoidh beo í, sin a chothóidh í, sin a ardóidh a brat i measc an tslua. Sin ár ndúshlán go léir. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2011 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 01:48 pm: |
|
Baineamsa féin úsáid as mo shloinneadh Ghaeilge in rudaí neamhoifigiúla, cibé ar bith is mise a roghnaigh é, siocair nach bhfuil braon fola Gaelaí ar bith in m’fhéitheacha (go bhfios domh) agus nach sloinneadh Gaelach ná Éireannach féin atá orm... Ba ghnách liom m’ainm Gaeilge a dh’úsáid fá choinne cupla rud leathoifigiúil in Ollscoil Chúil Raithin, agus ghníom ar an idirlíon fosta. Dá mbeinn ’mo chónaí in Éirinn agus an náisiúntacht Éireannach agam, níl ’s agam an mbainfinn feidhm as m’ainm Gaeilge. Is dócha go mbainfinn. (Message edited by lughaidh on October 09, 2007) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 6 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 02:40 pm: |
|
Is maith liom ainmneacha aduaine isteach a fheiceáil i measc mhuintir na Gaeilge. Comhartha folláíne é sin, measaim. Lenoach, Hijmans, Wagner agus Heusaff, fágaim. Scéal de chineál é, is dóigh liom, an leagan traslitrithe, nó leathaistrithe, nó bréagaistrithe mar is iondúil ar na Gaeil féin, bíodh sé sin orthu ar feadh cúpla céad bliain. Comhartha an aineolais anois é ag cuid mhaith acu, mar ní thig le duine ar bith a bheith cinnte cad é an leagan ceart a bhí ar a mhuintir roimh an Griffith, gan cromadh chun taighde. Is féidir an leagan ceart a aimsiú ach an obair a dhéanamh, óir níor glacadh go huile is go hiomlán leis na leaganacha truaillithe go dtí am na nDeachúna, i mo cheantar féin, an t-iarthuaisceart, ar mhodh ar bith. Abigail thuas fágaim, más le hAontroim a sinsear, achan b'fhéidir níos fearr ná a chéile gur le 'Mac Elmeel', leagan traslitrithe, a bhíodar roimh an chomhleagan atá anois acu. Taobh thiar de sin arís, ar ndóigh, atá an leagan bunaidh, Mac Giolla M(h)íchil. Ni raibh na Mistéalaigh chomh fada fairsing ná chomh siúlach is shamhlaítear iad. Is fíor duit a Abigail, faoin tábhacht a bhaineann le cothú na teanga inár dtimpeall, ach gearr marc ar thábhacht ainm agus sloinne an duine. Lonnóidh d'ainm istigh i dteanga thú níos mó ná rudaí eile go leor sa saol. Ar bhealach, is cuairteoir ar theanga gach duine a labhraíos í, ach is neach eile ina chroí agus i gcroí cách an té a bhfuil séala na teanga leagtha anuas ina mhullach gach aird a rachaidh sé. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2013 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 03:49 pm: |
|
Rinn mé dearmad a dh’inse daoibh go bhfuil baint eadar mo shloinneadh Gaeilge agus m’fhíorshloinneadh, ar ndóighe, ó thaobh na céille dó. Tá mo shloinneadh bunaithe ar ainmfhocal agus faghthar an t-ainmfhocal Gaeilge atá ar aon chiall leis sa tsloinneadh Ghaeilge. Ní de thaisme a roghnaigh mé mo shloinneadh Gaeilge, ’dtuigeann tú. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6298 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 03:57 pm: |
|
Is mise an ceathrú glúin a bhfuil Ó hAlmhain orthu. Botún i measc lucht athbheochana an bunús atá ar an leagan Gaeilge seo de shloinne mo shin sheanathair. Se freagra do cheiste maidir le cad atá le déanamh, sílim: http://www.citizensinformation.ie/categories-ga/breith-teaghlach-agus-caidrimh/f adhbanna-posta-agus-caidrimh/athru-ainm-de-reir-gniomhais-aonphairti/ |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 542 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 06:43 pm: |
|
A Sheosaimh, go raibh maith agat as an eolas sin. Tá muintir m'athar rianaithe ag uncail liom siar go dtí fear darb ainm Andrew Mitchell a bhí ina fhíodóir i bparóiste Fionnbhotha i mblianta tosaigh an 19ú haois. Níor rith sé liom go d'fheádfadh sloinne eile seachas Ó Mistéil a bheith i gceist! (Mar a tharlaíonn sé ní raibh smaoineamh dá laghad agam go raibh a leithéid de shinsearacht againn go dtí arú anuraidh. M'uncail a scaip an scéal dom, tar éis dom a lua leis go raibh mé ag foghlaim Gaeilge.) Anois ba mhaith liom an scéal a fhiosrú... lá de na laethanta seo nuair a bheas an t-am agam. Ní d'fhonn mo shloinne a athrú, tuigeann tú, ach beidh sé thar a bheith suimiúil stair na hÉireann a léamh agus a fhios agam cá raibh mo shinsir féin inti. quote:Lonnóidh d'ainm istigh i dteanga thú níos mó ná rudaí eile go leor sa saol. Ar bhealach, is cuairteoir ar theanga gach duine a labhraíos í, ach is neach eile ina chroí agus i gcroí cách an té a bhfuil séala na teanga leagtha anuas ina mhullach gach aird a rachaidh sé. Sin é an cnámh spairne, díreach ansin. Ní ghlacaimse leis gurb é "séala na teanga" an sloinne atá ar dhuine ar chor ar bith. Séala muintire duine is é a shloinne. Féach ar thíortha is teangacha eile an domhain: fógraíonn sloinne 'Iodáileach' go dtagann an duine seo de shliocht Iodáileach, ach ní deir sé rud ar bith faoina chumas féin san Iodáilis ná faoina dhearcadh féin ina taobh. Mar an gcéanna, fógraíonn sloinne 'Gaelach' gur eascair an duine seo ó mhuintir ar a raibh sloinne 'Gaelach'... agus sin an méid ar chóir dó a fhógairt. An bhéim seo a leagtar ar shloinnte mar chuid d'fhéiniúlacht an Ghaeilgeora, níl ann ach breathnú inár ndiaidh dar liom. Ní dhéanfaidh sé ach neart a thabhairt don smaoineamh gur leis na Gaeil dhúchasacha amháin an teanga. Séala ceart na teanga sa lá inniu í a bheith i do bhéal, agus nach cuma sa tubaiste cén sloinne atá ort ná cén phas atá i do phóca, ach oiread le cén sort ceoil a n-éisteann tú leis ná cé na spóirt a leanann tú. Agus an méid sin ráite, glacaim le do phointe gur féidir sloinne a úsáid d'aonghnó mar chomhartha teanga - mar chineál Fháinne Óir briathartha, d'fhéadfaí a rá. Is fíor duit, agus más mian le daoine é a "chaitheamh" mar sin tá sé de láncheart acu. Ní dóigh liom féin gur nós sláintiúil é don ghluaiseacht, mar a luaigh mé cheana, ach ní mise a chuirfidh ina gcoinne. Ach goilleann sé orm nuair a bhrúitear ar dhaoine é mar chuid dá ndúthracht don teanga. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 9 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 03:21 am: |
|
An-ráite a Abigail agus tuigim do scéal. Shonraigh tú i gceart é, féach: ... Ach goilleann sé orm nuair a bhrúitear ar dhaoine é mar chuid dá ndúthracht don teanga. Oibríonn sé an dá bhealach ar nós ceart dom, ceart duit. Ní thuigfidh éinne an treo a oibríonn an brú sin mar a thuigfeas an té a bhfuil ainm/sloinne Gaeilge air, IN ÉIRINN! Is brú sách láidir é. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 544 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 04:51 am: |
|
Nílim cinnte ar thuig mé an ráiteas deireanach uait i gceart. An bhfuil tú ag trácht ar bhrú a bhíonn ar dhuine darb ainm de na hainmneacha seo taobhú leis an nGaeilge - ag tabhairt le fios go mbítear ag súil le tuilleadh díograise i gcúrsaí teangan ón duine sin ná ó dhuine darb ainm Gallda nó fíor-Ghallda? Má tá, is fíor nach bhfuil taithí pearsanta agam ar an gcineál sin brú (níl a leithéid le brath i meániarthar na Stáit Aontaithe mar ar fhás mise aníos) ach samhlaím go bhfuil an ceart ar fad agat. Tá an nós sin i réim le blianta fada agus ba dheacair é a shárú anois, go háirithe don té a tógadh leis. Ach is dóigh liom gur dual dúinn is gur mithid dúinn é a shárú más féidir. Ligimis don teanga bheith ina teanga agus na sloinnte bheith ina sloinnte. Má shamhlaíodh dlúthbhaint cheana idir an dá rud, ní gá gurb amhlaidh feasta. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 545 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 04:53 am: |
|
Dála an scéil, gabhaim pardún agaibh uilig as an drochghramadach sna teachtaireachtaí thuas uaim! Léigh mé arís gach ar scríobh mé aréir agus tá neart botún ann. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 63 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 05:18 am: |
|
Iontach spéisiúil. Cha chóir go mbeadh brú ar bith ar dhaoine leagan Gaeilge a úsáid ach silfidh mé i gcónaí gur aisteach an cás go roghnaíonn fiú daoine le Gaeilge leagan Galldaithe de na gcuid sloinnte a úsáid. Ach sin mise is dócha. |
|
Holly Ní Ghráda (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 06:27 am: |
|
Síním m'ainm i nGaelainn i gcónaí, bíonn trioblóid agam uaireannta ó thaobh daoine eile a bhíonn ag iarraidh é a léamh, ach fós cóimeadaim de bheith á shíniú i nGaelainn de bharr gurb shin é m'ainm a thug m'athair dom. Ní fheicim m'ainm scríte riamh i mBéarla. |
|
Ni Throithigh (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 06:30 am: |
|
Is é Ní Throithigh mo shloinne féin. Bainim úsáid as i gcónaí, mar dar liom is páirt mhór é an sloinne dár gcultúr gaelach. Táim ag freastal ar an Ollscoil ina bhfuil an t-ainm céanna ar an gceantar. |
|
Mairéad (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 06:38 am: |
|
Sínin m'ainm as gaeilge nuair a fhaighim an deis, go háirithe anseo san ollscoil. Sílim go bhfuil sé fíorthabhachtach a bheith bródúil as do theanga agus as do chultúr féin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6304 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 08:27 am: |
|
Scríobh Abigail quote:Nílim cinnte ar thuig mé an ráiteas deireanach uait i gceart. An bhfuil tú ag trácht ar bhrú a bhíonn ar dhuine darb ainm de na hainmneacha seo taobhú leis an nGaeilge . Is dóigh liom go bhfuil Seosamh ag tagairt don nós an cheist seo leanas a chuir ar mo leitheidí "Phwats that in English?" seachas glacadh leis gurbh é m'ainm m'ainm. Táimse ar aon fhocal leat. Bíodh sloinne i nGaeilge acu siúd ar mian leo é. Ach bíodh sloinne amháin acu! |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 17 Registered: 08-2007
| Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 10:36 am: |
|
Bhuel, úsáideann mise m'ainm agus m'shloinne Gaelach nuair atáim i gcomhluadar na nGaelgóirí anseo san Astráil, ach sa ghnáthshaol [is náireach an scéal é! :-)] bainim úsáid as an mBéarla. Sé an leagan Bhéarla atá ar gach chuntas oifigiúil chomh maith leis an gcuntas bainc tá 's agat (sea, go h-áirithe an cuntas bainc!). Ós ag caint ar sloinntí Gaelacha agus Béarla atáimid, chuala mé scéal roinnt blianta ó shin i dtaobh Éireannaigh a chuaigh chun cónaí i bPerth, WA. Dhein sé iarracht ar shloinne Gaelach a chlárú ar a cheadúnas tiomána ach faraíor, dhiúltaíodar é toisc go raibh síne fada ann! Ní chreidfá an t-achrann a tharraing sé ar féin mar gheall ar rud beag mar sin. Bhíodar ag cuir is ag cúiteamh ar feadh i bhfad agus i ndeireadh na dála theip air na stáitsheirbhísigh a shárú, go bhfios domsa. Tá an saol seo ró ghairid, im' thuairimse, chun a bheith ag troid ar rudaí mar sin. Bíodh acu an leagan Béarla nó Gaeilge, is cuma liom [agus leanfaidh mise leis an nGaeilge a labhairt! :-) Seanfhear |
|
|
|