Author |
Message |
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 327 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 01:38 pm: |
|
watching Episode 1 the new bilingual TG4 drama series "the Running Mate", which seems to attracting a big audience, I heard one of the characters say "Táim ag súil le leanbh" (translated on the subtitles as "I'm pregnant"). Is this a bearlachas? On news bulletins etc. I would more commonly hear "ag iompar clainne" Incidentally, anybody seen the show? What think ye? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1991 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 02:56 pm: |
|
I heard "tá mé ag súil" in Ros na Rún last week. Why would it be an Anglicism? What do you say in English (remember English isn't my 1st language)? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 526 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 04:22 pm: |
|
"I'm expecting" an leagan Béarla a bheadh i gceist aige. Ach más Béarlachas é sin is cóir an t-amhras céanna a chur i leith "ag iompar clainne" (cf. "carrying a child", nath níos seanfhaiseanta don toircheas sa Bhéarla.) Tá "ag súil le breith" cloiste agam, agus tuigim go bhfuil aidiachtaí mar atá "torrach", "toircheasach" agus "trom" in úsáid freisin. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1993 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 04:30 pm: |
|
Ní cinnte gur Béarlachas "ag iompar clainne". Is féidir go bhfuil an cor cainte céarna san dá theangaidh agus nach dtig cionn as a chéile. Baintear úsáid as an chor chainte chéarna i bhFraincis - nó an dtig an cor cainte Béarla as an Fhraincis? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 527 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 04:53 pm: |
|
Is féidir go bhfuil an cor cainte céarna san dá theangaidh agus nach dtig cionn as a chéile. Díreach é! Mar an gcéanna don leagan "súil le breith" nó "súil le clann" - sin an pointe a bhí mé a dhéanamh. Ní féidir brath ar chosúlacht mar fhianaise. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1994 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 08:46 pm: |
|
Creid nó ná creid, thug mé fá dear go rabh na céadta cor cainte go díreach cosúil le chéile i bhFraincis agus i nGaeilg (chreidfeá gur aistriúcháin dona chéile iad). Níl ’s agam cad é is cúis leis sin, ná an do thaisme a tharlaigh sin... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3253 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 09:47 pm: |
|
quote:thug mé fá dear go rabh na céadta cor cainte go díreach cosúil le chéile i bhFraincis agus i nGaeilg ... Níl ’s agam cad é is cúis leis sin Is meme-anna (méimí? cf. géin = gene) cuid acu atá tar éis taisteal ar fud na hEorpa. Sin í mo theoiric. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1996 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:13 am: |
|
’S dócha, ach níl na cora cainte sin cosúil le cuid na dteangthach eile: chan fhuair mé iad ach i nGaeilg agus i bhFraincis, sin an fáth a rabh iontas orm. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3255 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:16 am: |
|
Ar mhiste leat cúpla sampla díobh a thabhairt dúinn, a Lughaidh? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1998 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:19 am: |
|
Níor mhiste, ach caithfidh mé giota beag taighde a dhéanamh i bhfoclóir, mar nach dtig liom samplaí a thabhairt daoibh do ghlanmheabhair. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3256 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:26 am: |
|
Tá go maith. Tá suim agam i rudaí mar seo. Déan an liosta chomh mór agus is féidir! :-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 55 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 04:22 am: |
|
Deir na hAlbannaigh, 'Tha i trom' ach deirtear sin in Ultaibh dar liom fosta. Cha dóigh liom gur béarlachas é 'tá sí ag iompair (chlainne)' ach mhothaigh mé nach dtuigtear sin in achan áit anois. |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 195 Registered: 12-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 12:48 pm: |
|
Is breá liomsa an clár teilifíse. Fairphlé dóibh. Ach sílim go bhfuil an cailín atá ag súil le leanbh chun titim i ngrá leis an iarr-mhúinteoir bunscoile . . . |
|
Sinead Ní Chatháin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 11:25 am: |
|
Is feidir leat a rá: 'Tá sí torrach'. Sin 'She's pregnant'. Ciallaíonn an abairt 'Táim ag súil le leanbh' 'Im looking forward to having a child (one day)', nach bhfuil?? Ní fhaca mé an clár, 'Running Mate' go fóill ach is maith liom Ros na Rún, i mo thuairaim is iontach an rud é go bhfuil clár gaeilge mar sin ar súil ar stásiún náisiúnta. ta ceist agam- when i was in the gaeltact everyone used to say 'Tá mé ag iarraigh' for 'I want' . An bhfuil an abairt sin ceart nó an bhfuil sé sampla den Béarlachas?? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2005 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 12:45 pm: |
|
Bhuel, braitheann sé ar an Ghaeltacht agus ar na daoiní a deireadh sin. Nuair a chluineamsa "tá mé ag iarraidh" tuigeam "I am trying", is dóigh liom gur sin an chiall atá leis sa teangaidh thraidisiúnta. Is féidir gur Béarlachas do chineál ineacht é (an chiall "I want" leis, tuigeann tú), agus go dtáinig sé isteach i gcaint na Gaeltacht fríd chaint na scoile. Ach níl mé iomlán cinnte ach an oiread. Ar a laghad, ní dóigh liom gurb í "tá mé ag iarraidh" an dóigh thraidisiúnta le "I want" a ráidht i nGaeltacht Thír Chonaill. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6280 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 05:01 pm: |
|
Ná aon áit eile, go bhfios dom. Is féidir leat bheith ag iarraidh rud a dhéanamh, nó rud a iarraidh ó dhuine éigin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6281 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 05:07 pm: |
|
quote:Ciallaíonn an abairt 'Táim ag súil le leanbh' 'Im looking forward to having a child (one day)', nach bhfuil?? Ní dóigh liom é. An gnáth ciall ata le "Tá sí ag súil" ná go bhfuil sí torrach. Táim ag súil le leanbh a bheith agam. (amach anseo) (Message edited by aonghus on October 05, 2007) |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 9 Registered: 08-2007
| Posted on Saturday, October 06, 2007 - 03:43 am: |
|
I for one can take 'tá sí ag súil' as a casual way of saying 'she's pregnant'. 'She is expecting' could be ambiguous to someone not a native English speaker and probably was once frowned upon as 'gutter talk' or slang English. But to anyone with English as a mother tongue it has long been accepted. I guess we will have to get used to 'Béarlachas' in present-day Irish if it is to live cheek by jowel with all-powerful English or more accurately, with Anglo-American. If the mouse lives in the elephant's cage she just has to be ready to move whenever the elephant stirs. Some wise person quoted An tAthair Peadar here recently to the effect that so long as the syntax was Irish even if many of the words were English with Irish rules of grammar applied, then it was still recognisable Irish, whereas Irish words used in an English syntax (Tá sé fear) were an abomination. A move towards greater flexibility with the use of slang and 'in' phrases of the moment is probably inevitable and maybe not such a bad thing. Its how all living languages must develop and grow to keep their relevance in a changed and changing environment. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6282 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, October 06, 2007 - 04:04 am: |
|
Táimse lán chinnte go bhfuil tá sí ag súil dúchasach. And I don't think it is slang; it is euphemism that is used in nearly every european language. (Sometimes people have trouble seeing beyond the elefant ) http://www.redensarten-index.de/suche.php?suchbegriff=guter+hoffnung+sein&bool=r elevanz&suchspalte%5B%5D=rart_ou "Tá sí torrach" is clinical; and is something that would not have been said so bluntly anywhere 50 years ago. |
|