Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 53 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 10:47 am: |
|
Ní hí an Ghaedhilg an t-aon rud amháin a chreidim ann. Ach cheanna, nuair atá toghchán ar siúil, sin an áit a thosnaim. Mar shampla, tá mé sásta ábhar a léamh ó phairtí ar bith - as Gaeilge amháin. Dara rud, ní thugaim vóta do dhuine ar bith nach bhfuil go láidir ar son na Gaeilge. Anois, is tric a bhí cruadal agam le polaiteoir nó lucht oibre s'acu fá rudaí éagsúla, an eacnamaíocht, scoileanna cúrsaí sláinte agus srl. Glacann siad go réidh mo bharúil is caidé as nach mbeidh a' vótáil ar a son. ACH - nuair a deirim leo nach maith liom polasaí s'acu ó thaobh na Gaeilge de, nó nuair a deirim nach bhfuil mé sásta le seasamh an iarrthóra maidir leis an teanga de, cha bhíonn siad leathshásta. 1. Sileann siad nach bhfuil an cheart ag éinne 'barúil' dhuine éigin eile ó thaobh na Gaeilge de a cheistiú agus 2. sileann siad nach fáth maith ar chór ar bith cúrsaí teangan a lua mar ábhar toghchánaíocht, i.e, theres a consensus to do nothing agus sin é. Cén seort taithí a bhí ag daoine eile? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1988 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 02:27 pm: |
|
Ab é Gaelainn Uladh atá agat? ;-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1234 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, October 02, 2007 - 06:51 pm: |
|
Bíonn bá ag muintir sinn féin mura bhfuil an teanga acu. Mar an gcéanna leis an gcomaontas glas agus roinnt baill de na páirtithe eile. Ach, don chuid is mó sa lucht oibre,fine gael,páirtí daonlathach agus b'fhéidir fianna fáil is an scéal céanna thuasluaite atá i gceist. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 54 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 04:18 am: |
|
Lughaidh, I bhfírinne, níl a fhios agam, bhí an t-ádh orm go raibh deis agam tamall a chaitheamh ins an chuid is mó den na Gaeltachtaí, is dócha gur chaith mé an chuid is mó ama i gCloich Cheannfhaolaidh ach caithfidh mé a rá go ndeachaidh Gaeilge Mhaigh Eo i bhfeidhm orm go mór mór. |
|
|