Author |
Message |
Dave Gallagher (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, September 27, 2007 - 01:43 pm: |
|
an bhfuil an abairt seo a leanas ina úsáid cheart, déarfadh sibh? "Ní chreidfinn rud ar bith go dtí tar éis dó bheith séanta go hoifigiúil." nó, mura bhfuil, cén Gaeilge ba cheart a chur uirthi, dar libh? "...go dtí go mbeadh sé tar éis bheith séanta...", b'fhéidir? GRMA |
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 1126 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 03:06 am: |
|
ceist gramadAÍ Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 12 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 03:51 am: |
|
Sea, ghramadaí. Agus faoin úsáid "pluperfect"? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 521 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 04:24 am: |
|
Tá an ceart ag Róman - "gramadaí" gan shéimhiú an leagan ceart. Maidir le do cheistse, tá an abairt thuas intuigthe ach níl sé cruinn agus tá blas éigin mínádurtha air. An saorbriathar atá ag teastáil in áit na haidiachta briathartha, déarfainn, agus fáil réidh leis an "tar éis": Ní chreidfinn rud ar bith go dtí go séanfaí go hoifigiúil é. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 13 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 05:17 am: |
|
Ceist ghramadúil, mar sin — beidh mo shéimhiú agam fós ;o) Aontaíonn tú le hAonghus, mar sin. Maith go leor, GRMA. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 522 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 05:53 am: |
|
ceist ghramadúil = a grammatical question, i.e. a question posed in a grammatical way. ceist gramadaí = a grammar question, a question about grammar (Yours was just this far from being both! Ach ba cheart "ina húsáid" a rá toisc gur ainmfhocal baininscneach é "abairt".) An aontaím? Táim sásta más ea! Chonaic mé gur bhreacadh an cheist chéanna faoi dhó agus níor bhac mé le eireaball an tsnaith eile a léamh. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 14 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 06:32 am: |
|
quote:ceist ghramadúil = a grammatical question, i.e. a question posed in a grammatical way. sin an fáth ar thug mé caochadh súile duit — brón orm faoi dhul thar an 'h', mar sin. maith thú, ar aon nós. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 523 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 08:39 am: |
|
Ná bac leis! Ní raibh mé ag iarraidh a bheith sa tarr ar aon duine. Agus ar a laghad ar bith níor thug tú "ceist g(h)raiméir" ar an rud! Dála an scéil, cuireann d'eiseamláir seo thuas líne amhráin i gcuimhne dom. Ag casaoid atá an file - faoi bhean áirithe a d'imigh uaidh, agus ina dhiaidh sin faoi mhná i gcoitinne. "Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go brách mura bhfaighe mise scríofa i mBéarla é!" Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 84 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 10:25 am: |
|
Cén t-amhrán sin a Abigail? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 524 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 28, 2007 - 11:40 am: |
|
"Geaftaí Bhaile Buí" atá air. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 115 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, September 29, 2007 - 05:51 pm: |
|
"Ní chreidfinn rud ar bith go dtí tar éis dó bheith séanta go hoifigiúil." Seo é an leagan a chuirfinnse ar d'abairt -- for what its worth "Ní chreidfinn rud ar bith go dtí go mbeadh sé séanta go hoifigiúil i dtosaigh" I would not believe anything until after it is denied officially at first |
|