mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (September-October) » Archive through October 05, 2007 » An Coimisinéir ag meabhrú a ndualgas dos na Teachtaí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6238
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, September 25, 2007 - 08:32 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=2386&viewby=date

quote:

The State's politicians have been urged to use the Irish language a little more during debates in the Dáil and Seanad.

The call has come from Irish Language Commissioner Seán Ó Cuirreáin on the eve of the new Oireachtas term.



http://www.coimisineir.ie/index.php?page=news&news_id=68

quote:

Tá an litir seo a leanas seolta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin chuig gach ball de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann.
....

Tá sé soiléir, áfach, óna bpáirtíocht i ndíospóireachtaí ar na meáin Ghaeilge, idir raidió agus theilifís, go bhfuil líon suntasacha Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhfuil cumas díospóireachta trí Ghaeilge iontu, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile, is trí Bhéarla amháin a bhíonn formhór mór an phlé san Oireachtas.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, September 25, 2007 - 12:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aonghus:
.... a bhfuil cumas díospóireachta trí Ghaeilge iontu, ach ar chúis amháin nó ar chúis eile, is trí Bhéarla amháin a bhíonn formhór mór an phlé sa ......


An galar Éireannach. Aithním é. Tá mé féin ag mothú an-bhuailte aige le tamall. Braithim go bhfuil roinnt de na mic léinn Ghaeltachta ag aireachtáil gur ag snámh in aghaidh easa atáid chomh maith. Admhaíonn roinnt díobh seo glan amach, iad seo a bhíos ag síorbhrú Béarla, go bhfuil an ceart agam a bheith ag áiteamh chomh diongbháilte orthu a gcuid Gaeilge a labhairt taobh amuigh de na léachtaí/ranganna teagaisc. 'Tá an ceart agat, tá an ceart agat' a deir siad ach cloisfidh tú iad an lá dar gcionn ag beannú dá chéile 'How a ya' amhail is nach raibh focal Gaeilge ina bpluc. Má éirím searbhasach mar gheall air, ní bheidh mé in ann iad a thabhairt liom. Bhí bliain (mac léinn) an-mhaith rompu agus ní bheidh gar ná gaobhar ag aon dream eile orthu, faraor.

An dream seo atá chomh luite le Béarla, ní cainteoirí dúchais Gaeilge iad, ní dream iad a fuair scolaíocht lán-Ghaeilge, ná ní raibh siad le Cumann na bhFiann ná a dhath mar sin. Ar an láimh eile, an dream a labhrós Gaeilge mar ghnáthurlabhra, is cainteoirí dúchais iad, nó fuair siad scolaíocht lán-Ghaeilge, nó d'fhreastail siad ar dhream na díograise, Coláiste na bhFiann.

Nuair a bhíonn go leor den dream ceart thart, maolaíonn siad dream an Bhéarla. A mhalairt atá agam i mbliana mo léan.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6241
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, September 25, 2007 - 04:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dóigh liom i gcás an Oireachtais gurbh é an neamhaird a thugtar do cainteanna as Gaeilge, dá fheabhas iad, sna meáin Bhéarla cuid mhór den chúis.

An t-aon trácht is cuimhin liom ar caint as Gaeilge ná nuair a chuir Mary Raftery san Irish Times in iúl go raibh Micheál Mac Dubhghaill ag iarraidh bob a bhualadh orainn tré Bille a chuir i láthair as Gaeilge san Seanad!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1222
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, September 25, 2007 - 05:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl Gaeilge ag Ceannaire Dháil Éireann. Ní tús maith sin.

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6242
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, September 26, 2007 - 06:12 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cé atá i gceist agat? Bertie? Eisean an Taoiseach ceart go leor, agus is beag gaeilge atá aige, ach tá feabhas ag teacht air.

Ach tá Gaeilge ag an gCeann Comhairle, John O Donoghue.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Diarmo
Member
Username: Diarmo

Post Number: 246
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, September 26, 2007 - 04:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

beidh se imithe i tamaillin..i ndiaidh sin beidh blas brea mhaigh eo le cloisteail :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6249
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, September 27, 2007 - 08:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní raibh fhios agam go raibh Gaeilge Mhaigh Eo ag Brian Cowen... (agus níl ag Inda pé scéal é).

Tá Gaeilge líofa ag ceannairí gach pairtí seachas FF agus FG. Agus tá gaeilge líofa ag Brian Cowen. Ach is gaeilge an fhoghlaimeora atá acu; níl blas Gaeltacht ar bith le clos.



©Daltaí na Gaeilge