Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6117 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 05:11 pm: |
|
Is fada ó bhí ceann againn Méisín chumtha, chamtha Méisín chúinneach, cháinneach A béal fúithí 's a tóin inairde |
|
Sean-Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 06:15 am: |
|
Céard is 'méisín' ann? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6123 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 07:30 am: |
|
Mias bheag. mias [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] árthach cruinn nach bhfuil domhain agus a gcoinnítear bia nó deoch ann; cúrsa boird (mias oisrí). |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 495 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 09:13 am: |
|
cuinneog? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6124 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 10:20 am: |
|
Ní hea. Níos lú. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 498 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 10:32 am: |
|
cuinneoigín? ;-) sáiltéir ? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6127 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 10:33 am: |
|
Ní hea. Mias lán de bheatha atá ann. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3197 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 11:28 am: |
|
Déanta as taos? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6129 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 11:54 am: |
|
Níl. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 321 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 12:41 pm: |
|
Goile? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3201 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 01:00 pm: |
|
Níl an focal "cáinneach" agam. An rud aiceanta é? Saghas slige? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 702 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, September 04, 2007 - 04:41 pm: |
|
Méaracán? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6134 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 05, 2007 - 05:20 am: |
|
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3206 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, September 05, 2007 - 10:56 am: |
|
Bairneach nó giúrann? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6136 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 05, 2007 - 11:16 am: |
|
quote:Bairneach Agatsa an todóg mara. Fútsa anois! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3211 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 06, 2007 - 11:56 am: |
|
Cá bhfuil sonas le fáil i gcónaí? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6147 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 06, 2007 - 03:54 pm: |
|
I bhfoclóir? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3213 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 06, 2007 - 04:05 pm: |
|
Ar ais chugat! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6151 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 06, 2007 - 05:10 pm: |
|
ceathair 'is dó, sin a sé Tarbh 'is bó, sin .... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3214 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 06, 2007 - 06:41 pm: |
|
lao? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6154 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 07, 2007 - 05:33 am: |
|
Sé. Leatsa an chaid! Nó an bhfuil aoinne eile amuigh ansan sásta iarracht a thabhairt faoi? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3217 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, September 07, 2007 - 11:07 am: |
|
Bheinn an-sásta an chaid a thabhairt do dhuine eile! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6157 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 07, 2007 - 11:14 am: |
|
Ar aghaidh libh mar sin, a fhearaibh agus a mhnáibh! Tá an chaid saor! Misneach! (Message edited by aonghus on September 07, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3221 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 08, 2007 - 07:38 pm: |
|
Cá bhfuil sibh? Idir an dá linn, seo ceann eile duit, a Aonghuis: Faoin gceobhrán is faoin mbáisteach a shiúil Seán an sliabh, gan hata air ná cochall, gan scáth fearthainne ná clogad, agus níor fliuchadh ribe dá chuid gruaige. Conas sin? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1906 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 08, 2007 - 07:41 pm: |
|
Tá blagaid air ? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3222 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 09, 2007 - 10:43 am: |
|
Sin é. Is blagadán é. Tá tomhas againn ort anois! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1907 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, September 09, 2007 - 02:00 pm: |
|
Tomhas Briotánach a gcuiream Gaeilg air (ar an dea-uair, oibreann an rím siocair gur foclaí "cognates" atá ann!): Caithim rud inteacht thar dhíon an tí, Nuair a théim fána dhéin, faighim trí. Cad é atá ann? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3223 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 09, 2007 - 03:36 pm: |
|
Méaróg? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6160 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 09, 2007 - 04:45 pm: |
|
Nó ubh? (Dhá leath den blaosc, agus an ubh fhéin) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1909 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, September 09, 2007 - 05:26 pm: |
|
Uibh atá ann, fuair tú é a Aonghu(i)s, ach ar ábhar eile: mar go bhfaightear an bhlaosc, an buíochán agus an gealachán. Tomhas eile againn ortsa ’nois :-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6162 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 09, 2007 - 05:29 pm: |
|
Muise. Tá mo sháith bronnta agamsa oraibh. Céard faoi ceann eile as do stór dúchais? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1912 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, September 09, 2007 - 07:20 pm: |
|
Tá cupla cionn eile a d’fhoghlaim mé i mBriotáinis ó bhéal seandaoiní in mo cheantar "dhúchais" (gidh nár rugadh sa cheantar sin mé, rugadh mo mháthair mhór agus an mhuitir roipi ann). Seo cionn ionta’ deacair: Dréimire de lá Bata d’oíche Cad é ’tá ann? Is laochra sibh má fhaghann sibh é ! :-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6165 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 10, 2007 - 06:16 am: |
|
An ball coirp daonna atá i gceist? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1913 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 10, 2007 - 09:19 am: |
|
Chan eadh. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6167 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 10, 2007 - 10:35 am: |
|
Hmm. Rud éigin san spéir? Nó san fharraige? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1914 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 10, 2007 - 02:27 pm: |
|
Chan eadh (de ghnáth). Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6170 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 11, 2007 - 05:51 pm: |
|
Tabhair nod dúinn, maith an fear! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6185 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 06:15 am: |
|
A Lughaidh, an bhfuil tú chun muid a fhágaint sa dorchadas? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3225 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 06:41 pm: |
|
Bata siúil, bata croise, bata draighin? An mbaineann cearca úsáid as an rud seo? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1928 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 07:21 pm: |
|
Cha mbaineann. Rud ineacht a mbaineann na daoiní feidhm as atá i gceist. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3226 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 15, 2007 - 12:28 pm: |
|
An cuid den seansaol é? Nó an mbeadh sé le fáil sna cathracha inniu (taobh amuigh den iarsmalann!) ? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1929 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 15, 2007 - 03:58 pm: |
|
Tá sé le fáilt sna cathracha inniu taobh amuigh do na hiarsmalannaí, agus fán tuaith fosta. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6191 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 16, 2007 - 08:41 am: |
|
An ball éadaigh nó ball beatha atá i gceist, i. an cuid de dhuine é, nó rud a bhaintear feidhm as? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1930 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, September 16, 2007 - 03:12 pm: |
|
Rud ineacht a mbaintear feidhm as, chan cuid do dhuine é. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6194 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 06:12 am: |
|
Bhuel, táimse buailte ar aon nós. Scaoil an rún! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1933 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:43 am: |
|
Fan, is féidir go bhfuil smaoitiú aige Dennis :-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3230 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 11:06 am: |
|
Níl agam ach cúpla ceist eile (mo sheift dheireanach ná sainmhíniú na bhfocal a iniúchadh) : An ionann "dréimire" agus "échelle" agus "skeul"; agus an ionann "bata" agus "bâton" agus "bazh"? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1934 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 12:50 pm: |
|
Go díreach. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 715 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 01:21 pm: |
|
Píosa adhmaid don tine, a bhíodh ina chraobh sa lá? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1935 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 02:18 pm: |
|
Chan eadh. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6198 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 05:34 pm: |
|
An bhfuil le tuiscint ó cheisteanna Dennis go bhfuil imeartas focail i gceist? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1937 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 07:51 pm: |
|
Cibé ar bith, níl imeartas focal ar bith ins an fhreagar. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3231 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 12:32 am: |
|
Chinn ormsa freisin an réiteach a fháil. Ba mhaith liom a fháil amach anois an bhfuil ceann de na rudaí seo i mo theach féin i ngan fhios dom! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 503 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 06:13 am: |
|
Níl a fhios agamsa ach oiread. Lughaidh, an amhlaidh go n-iompaíonn a chruth air le dul ó sholas, nó an é go n-úsáideann duine an rud céanna ar bhealach éagsúil san oíche? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1938 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 11:12 am: |
|
Dennis > tá, gan amhras ar bith! A Aibí, is féidir a ráidht go n-athrann a chruth aige deireadh ’n lae. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3234 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 11:17 am: |
|
Ceisteanna maithe, a Abigail. Dá mba é seo an an cur síos: Dréimire de lá Balla d’oíche déarfainn gur store vénitien ~ Venetian blind a bhí ann! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6203 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 11:43 am: |
|
An ball éadaigh atá i gceist? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1941 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 04:11 pm: |
|
Chan eadh, ach tá cineál bainte aige le héadach. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3235 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 07:39 pm: |
|
Tá an tomhas seo do mo chrá, a Lughaidh! Fan go bhfeice mé anois... tá tú cinnte go bhfuil ceann díobh i mo theach, cé nach bhfaca tú mo theach riamh. Agus cé go bhfuil dréimire i mo gharáiste, níl aon dréimire sa teach féin, go bhfios dom, ná aon rud a gcuirfinn "bata" air ach oiread. Agus an "rud" seo atá agam, athraíonn a chruth ag deireadh an lae. Níl a lán rudaí mar sin agam: éadan an chloig, cinnte... ach céard eile?? Agus tá baint éigin aige le héadaí? Curiouser and curiouser, mar a dúirt Eilís i dTír na nIontas! An tomhas é seo, no koan? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1942 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 09:23 pm: |
|
Koan ? Ab é seo ’n focal Briotáinise koan (=dinneár) atá i gceist agat? Cha dtuigeam... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3236 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 18, 2007 - 11:55 pm: |
|
Kôan, an focal Seapáinise, atá i gceist agam: http://en.wikipedia.org/wiki/Koan An bhfuil soilsiú (anama nó intinne) i ndán dúinn más féidir linn an réiteach a fháil? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6205 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 08:57 am: |
|
An bhfuil leaba i gceist? Nó éadach leapain? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1944 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 12:58 pm: |
|
Ó, a Dhennis, ’bhfuil ’s agat, bhí dearmad déanta agam ar an fhocal ’kôan’ Seapáinise, gidh go rabh sé agam nuair a bhí mé níos óige. Tá súil’s agam go dtiocfaidh soilsiú ort nuair a gheobhas tú ’n réiteach ! A Aonghu(i)s, chan leabaidh atá i gceist ach an oiread, ná éadach leapa. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 716 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, September 19, 2007 - 02:15 pm: |
|
Muise, dúcheist gan dabht atá agat, a Lughaidh. Níl aon fhios agam cad é atá i gceist agat! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3237 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 20, 2007 - 02:46 pm: |
|
Creidim gur mithid dúinn an réiteach a chloisteáil uait, a Lughaidh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1952 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, September 20, 2007 - 04:36 pm: |
|
Ceart go leor. Iall bróige atá ann... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3238 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 20, 2007 - 05:42 pm: |
|
Aaargh. Tá cruth an dréimire ar iallacha mo chuid bróg de lá is d'oíche. Ní athraíonn sé sin nuair a bhainim díom iad. Cá bhfuil an bata beannaithe sin, in ainm an diabhail? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6218 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 21, 2007 - 05:58 am: |
|
Agus caithimse cuaráin.... Ceann maith, a Lughaidh. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1954 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 22, 2007 - 04:32 pm: |
|
Bata, sin cruth éille bróige agus í dícheanglaiste... Má leagann tú ar an urlár í ’s í díreach. Caithfidh gur bróga le crúcaí iallach agus ní le poill atá i gceist. Mar sin ní bhíonn na hiallacha ar dhéanamh dréimire ’s iad dícheanglaiste. Seantomhas atá ann, a cumadh 100 bliain ó shoin (nó níos mó), agus aige’n am sin cha rabh na brógaí go díreach mar atá siad inniu, b’fhéidir. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6231 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 23, 2007 - 02:53 pm: |
|
Bheadh sé cruinn go maith do bhuataisí arda. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3245 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 23, 2007 - 05:41 pm: |
|
quote:Seantomhas atá ann, a cumadh 100 bliain ó shoin Shíl mé nár chaith na Briotánaigh ach sabots ~ botoù-koad céad bliain ó shin! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1963 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, September 23, 2007 - 05:55 pm: |
|
Cha bhíodh sabots orthu an t-am ar fad. Bhíodh nuair a bhíodh orthu siúl sa chlábar, ach chan nuair a théadh siad ar Aifreann, mar shampla. Sa chás sin, chuireadh siad botoù-lêr orthu (lêr = Gaeilg leathar). Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3247 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 24, 2007 - 12:31 am: |
|
Cé aige a bhfuil tomhas nua? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|