mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2007 (September-October) » Archive through September 07, 2007 » Can I have ... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, August 31, 2007 - 09:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceart, tá an cheist sin ag cur isteach orm ar feadh tamaill: Conas a dearfá "Can I have ..." nó "May I have ..." as Gaeilge? Bhí mé i gColáise Lurgan i mbliana, agus d'oibrigh mé i Siopa Goal. Ba mhinic a chuala mé "An bhfuil cead agam buidéal uisce", mar shampla. Ní dóigh liom go bhfuil an leagan sin go huile is go hiomlán ceart, mar níl an dara briathar ann, ach níl clú dá laghad a'm conas a dearfá i gceart é! Smaoinigh mé ar "An bhfuil cead agam ... a bheith agam" ach táim ag ceapadh go bhfuil leagan níos cirte ann dó. Go raibh míle maith agaibh!

Hmmm ... ní féidir liomsa logáil isteach, is ait an rud é sin.

Cathal!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6093
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 31, 2007 - 10:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

B'fhéidir go bhfuil Cathal ann romhat, nó b'fhéidir go bhfuil cleas nua eabhrac fós ina luí. Cuir r-phost chuid an modhnóir (fch contact thall) má tá an deacracht fós ann amárach.

Maidir le do cheist, tá "An bhfuil cead agam X" mí cheart agus gránna.

Bheadh claonadh ionamsa "Buidéal uisce, le'd thoil" a rá, nó "Ba mhaith liom X, le'd thoil", nó "Tabhair X dom le'd thoil".

Ní bheadh "An bhfuil cead agam" agam ach amháin dá mbeinn ag iarraidh cead rud a dheánamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 1878
Registered: 01-2005
Posted on Friday, August 31, 2007 - 09:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Maidir le do cheist, tá "An bhfuil cead agam X" mí cheart agus gránna.



Tá. Focal ar fhocal, ciallann sé "have I the permission bottle of water" !!!

quote:

Bheadh claonadh ionamsa "Buidéal uisce, le'd thoil" a rá, nó "Ba mhaith liom X, le'd thoil", nó "Tabhair X dom le'd thoil".



Sin nó "an dtabharfá buideál uisce dom(h)?"

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6100
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, September 01, 2007 - 04:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an leagan sin go deas, a Lughaidh, i bhfad níos béasaí ná mo chuidse!



©Daltaí na Gaeilge