Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6067 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 08:26 am: |
|
http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=2299&viewby=date quote:Tá beagnach 40 ollscoil agus coláiste tríú leibhéal ó Bheirlín go Bostún anois i mbun ranganna Gaeilge - a bhuíochas sin ar dheontais ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. quote:Dúirt an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur chuir sé iontas air fáil amach an meas a bhí ag na hinsititiúidí ar an airgead. Bhí "an-luach" acu ar an mhaoiniú mar gur "eochair" a bhí ann le hairgead a fháil óna n-institiúidí féin Sin maoiniú ciallmhar. Is beag an méid atá i gceist, ach meallann sé airgead ó Foinsí eile. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 474 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 09:45 am: |
|
Pól Ó Muirí, an ea? Shíl mé gur Naomh Pól a bhí i dtrácht agat: mar a bhraith Seán Ó Riordán é , Pól ag gliúcaíocht leis tríd an Laidin ! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6078 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 10:59 am: |
|
Cá bhfios duit nach Naomh an Muiríoch? Is cinnte go bhfuil Pól Tharsus ar an airdeall freisin, ach shamhlóinn go dtiteann na ceisteanna seo i réimse Mhic Chalprainn. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 476 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 11:04 am: |
|
"Cá bhfios duit nach Naomh an Muiríoch? " Tá mé ag smaoineamh go bhfuil sé ina neach bheo, agus mar sin dícháilithe, ós é an chéad chéim mhór le bheith i do naomh an bás a fháil ;-) "i réimse Mhic Chalprainn." Ná habair go bhfuil Páidín bocht Mhucraise ár bhfaire freisin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6081 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 11:07 am: |
|
Is cinnte go bhfuil. Agus Crimthann ó Ghartan chomh maith, táim ag deánamh. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 477 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 12:16 pm: |
|
Is tú atá eolach ar dhaoine naofa. An bhfuil uaillmhian agat i réimse na naofachta? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6082 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 12:25 pm: |
|
Tá. Agus is baolach go bhfuilim achar mhaith ón sprioc. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 480 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 12:34 pm: |
|
Bhal, go n-éirí an bóthar leat, a ábhar naoimh ! ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6084 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 04:32 pm: |
|
An bail chéanna ortsa. |
|