Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5993 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 20, 2007 - 04:55 pm: |
|
Níor ghar a inseacht di gurb éard deireadh an páipéar-choinneálaí Sinsir, S., sa seomra amuigh: d'uireasa lipéad ní comhad, d'uireasa comhad ní stáitsheirbhíseach, d'uireasa stáitsheirbhíseach ní grádannaí ordúil, d'uireasa grádannaí ordúil ní rannóg, d'uireasa rannóg ní roinn, d'uireasa roinn ní Stáitsheirbhís, d'uireasa Stáitsheirbhís ní rúnaí, d'uireasa rúnaí ní Aire, d'uireasa Aire ní rialtas, d'uireasa rialtas ní státa. Is é an lipéad an tairne a ngabhfadh an ríocht le fán dhá uireasa! Féach i ndiaidh na lipéad agus féachfa an Státa ina dhiaidh féin (as Máirtín Ó Cadhain, An Eochair) |