Author |
Message |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1209 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 07:12 pm: |
|
Agus muid ag gearán mar gheall air Lenihan &rl bhí mé díreach ag ceapadh go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Stát Seirbhís.. Cara liom, oibríonn máthair s'aici i rannóg éigin i mBÁC agus tá a mam ag dul amach go dtí An Cheathrú Rua timpeall 8ú - 15ú Meán Fomhair le daoine eile atá fostaithe ag an Stát agus iad ag foghlaim na teanga. Is dóigh liom féin gur rud nua é seo? Agus is de thoradh an Acht atá sé? Pé scéal tá mé féin agus cairde liom ag dul ar feadh cúpla lá don chraic. Caithfidh mé fáil réidh leis an Gaelic Uladh seo! s'agam... Caidé...&rl táim braon de!! ;) Deirtear go mbeidh Conamara lán go béal don tréimhse sin, ach bhfuil nod ar bith ag éinne mar gheall ar lóistín - B'fhéidir b&b ina bhfuil an ghaeilge á labhairt ag muintir an tí. Míle, D Dála an scéil bhí mo chéad abairt i gceart? (Gheall air Lenihan / Gheall ar lenihan) maith agaibh! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 298 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 05:24 am: |
|
A Dhomhnaill Ní rud nua é. Bhí mise fhéin ar cúrsa sna seascadaí. My daughter is just back from a summer course in Ceathru Rua. I recall a B&B there that would suit you. I'll aske her for the name and pass it on |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5975 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 06:11 am: |
|
http://www.finance.gov.ie/gaeleagras/ViewDoc.asp?fn=/gaeleagras/home.asp&UserLan g=GA Ní rud nua atá ann, ach is dócha go bhfuil an tAcht ar cuir borradh leis, toisc go mbeidh gá soléir le hoibrithe le Gaeilge anois, agus meas orthu dá réir. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1833 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 07:41 am: |
|
Is it "Stát Seirbhís" or "Seirbhís Stáit" ? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 277 Registered: 06-2007
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 08:24 am: |
|
B'fhéidir go bhfuil an focal 'stát' sórt éigin aidiachta sa Gaeilg an rialtais... le díol
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 432 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 08:39 am: |
|
Comhfhocal is é "státseirbhís" - ba cheart gan spás a chur ann. An é sin a bhí i gceist agat? http://focal.ie/Search.aspx?term=st%C3%A1tseirbh%C3%ADs Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1834 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 01:46 pm: |
|
It looks a bit better in one word, but anyway nobody will be able to convince me that it is not an Anglicism... ;-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
sean-Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, August 17, 2007 - 04:07 pm: |
|
Seirbhís Stáit sounds more Gaeilge to me. Daithí |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5976 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 04:06 am: |
|
quote:nobody will be able to convince me that it is not an Anglicism. Is eol dúinn sin le fada. Ach is eol duitse go bhfuil nós na gcomhfhocal seanbhunaithe sa Ghaeilge scríofa - bhí siad ann sula raibh aon Bhéarla ann. Agus, cé go bhfuil an focal Staatsdienst sa Ghearmáinis, níl sa Bhéarla. Civil Service atá ar an Státseirbhís san teanga úd. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1835 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 06:58 am: |
|
quote:Ach is eol duitse go bhfuil nós na gcomhfhocal seanbhunaithe sa Ghaeilge scríofa Rud ársa atá ann. Níl sin ’productive’ níos mó sa chaint bheo. Nuair a chumas muintir na Gaeltachta foclaí le dheá ainmfhocal, ní san ord sin a chuireas siad na foclaí. Cuireann siad an chéad fhocal ar tús agus ansin an darna focal sa tuiseal ghinideach. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 284 Registered: 06-2007
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 09:50 am: |
|
Look, there is a simple way to solve this -when it is anything official, it is wrong. Period. Case closed. le díol
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 42 Registered: 04-2007
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 12:51 pm: |
|
Is cinnte gur seanrud Gaelach é an comhfhocal! Amharc ar ár logainmneacha chun an fhianaise a fháil. Is dócha gurb é ‘Dubhlinn’ an sampla is fearr. Cibé ar bith, a Dhomhnaill, ‘mar gheall ar Lenihan’ atá ann. Dá mba mhian leat an focal Lenihan a fhágáil amach, ‘mar gheall air’ a bheadh ann. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1837 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 02:40 pm: |
|
Ní hionann cás "Dubhlinn", mar gur aidiacht "dubh". Ní aidiacht "Stát". Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5980 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 03:09 pm: |
|
Tá glactha go forleathan sa Ghaeltacht le Státseirbhís agus focail cosúil leis.
Máirtín Ó Direáin: Feamainn Bhealtaine Níor mhúinteoireacht, níor státseirbhíseachas ná cléireachas d'aon chinéal, b'obair dá laethe, rud nach féidir a rá faoi aon fhile Gaeilge inniu. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1838 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 04:17 pm: |
|
Glacann siad leis siocair go bhfuil Béarla acu (ní hionadh leofa ord Béarla na bhfocal ), agus go bhfuil muinín acu, dar liom, as eolas lucht an Rialtais. Dá gcuirfeá ceist ar dhuine as a’ Ghaeltacht cad é mar a deirfeadh sé "Civil Service", ní Státseirbhís a deirfeadh sé go nádúrtha, ach Seirbhís Stáit. Tá mé cinnte fá dtaobh dó. Nach bhfuil tusa? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1210 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, August 18, 2007 - 06:07 pm: |
|
Míle maith agat a Rg_cuan as ucht é sin a sholéiriú domsa, tá mé buíoch díot. Suaimhneas, mura mhiste leat an t-ainm sin a fháil bhéinn thar a bheith buíoch díot. Cén coláiste ina raibh sí? Coláiste Chiaráin / Coláiste Samhraidh Cholumba? Pé scéal táim ag súil go mór leis seo.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5983 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 19, 2007 - 05:39 pm: |
|
quote:Tá mé cinnte fá dtaobh dó. Nach bhfuil tusa? Ní thig leis an rud bheith ársa agus ina Bhéarlachas ag aon am amháin. 'Sé an tuairim atá agamsa ná go bhfuil sé bhailí filleadh ar sean ghnéithe den teanga chun téarmaí nua a chumadh. Agus pé scéil é, tá an téarma in úsáid le fada. Cén mhaith a bheith ag caitheamh anuas air anseo? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5984 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 19, 2007 - 05:43 pm: |
|
Aguisín: Is cosúil gur "Seirbhís Sibhialta" a bhí in úsáid ar dtús. http://acts.oireachtas.ie/ga.act.1923.0034.1.html#sec2 Ach i 1936, stát-seirbhís, (le fleiscín) a bhí in úsáid. http://acts.oireachtas.ie/ga.act.1936.0039.1.html |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1847 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, August 19, 2007 - 06:04 pm: |
|
quote:Ní thig leis an rud bheith ársa agus ina Bhéarlachas ag aon am amháin. Thig, ar ndóighe! Tá tréithe ann sa tSean-Ghaeilg a thig ón Ind-Eorpais, agus as a shiocair sin, a fhaightear i Sean-Ghaeilg agus ins na teangthacha Gearmánacha, mar shampla. Ós rud é go bhfuil Gearmáinis ar do thoil agat, thug tú fá dear go rabh ’n teangaidh sin iontach tugtha do chomhfhoclaí a chumadh! Ach maidir leis na comhfhoclaí, bhí siad iontach coitianta sna seanteangthacha, ach cailleadh sin (fad ó shoin) i nGaeilg mar phróiseas "productive" fá choinne foclaí nuaidhe a chumadh i gcaint na gcainteoir dúchais. Ní hé pobal na Gaeltacht a chum foclaí mar "Státseirbhís", ach fear ineacht ina ofaig i mBaile Átha Cliath (dar liom). Dá mbeadh an córas sin beo go fóill, ní "fón póca" a deirfí sa Ghaeltacht, ach "pócafhón"! Ach ós rud é gur cailleadh ’n córas sin, chum lucht na Gaeltacht an focal "fón póca". Tá mé breá sásta leis na comhfhoclaí atá seanbhunaithe i gcaint na Gaeltacht, ach ní ghlacamsa le cuid mhaith comhfhoclaí a cumadh in ofaigí i mBÁC, agus a bhfuil tionchar soiléir an Bhéarla orthu. Ba chóir úsáid a bhaint as próisis chumadh focal atá beo i gcaint na Gaeltacht. Chan as próisis a bhí beo 500 bliain ó shoin agus a cailleadh le fada fada agus nach bhfuil nádúrtha níos mó. quote:go bhfuil sé bhailí filleadh ar sean ghnéithe den teanga chun téarmaí nua a chumadh. Ní gá sin, siocair gur ghlac córas eile áit na seanghnéithe sin! Cad chuighe a dtochlóchaí seanghné as an talamh mar sin, ós rud é go bhfuil córas maith eile beo anois ina háit? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5985 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 20, 2007 - 06:05 am: |
|
Baineann fórmhór muintir na Gaeltachta feidhm as an mBéarla do focail nua. Is fearr liomsa "rothar", abair, ná "bicycle". Tá réimsí teangan ann nach bhfuil in úsáid sa Ghaeltacht, ach go bhfuil gá iad a fhorbairt: san Státseirbhís, mar shampla! Pe scéal é, mar a deirim, tá an leagan thuas in úsáid go forleathan ó 1936 ar a laghad ar aghaidh. Gaeilge atá ann anois, is cuma faoi cad as ar tháinig sé. Tá rudaí airithe ann a bhfeileann comhfhocail dóibh ar mhaithe leis an difríocht ón ngnáth rud a threisiú. Seirbhís Stáit | Seirbhís a chuireann an stát ar fáil | Státseirbhís | an eagaríocht a chuireann na seibhísí sin ar fáil | Státseirbhíseach | comhalta den eagraíocht úd | Má bhí "státseirbhís" maith go leor do Mhairtín Ó Direáin agus Mairtín Ó Cadhain, tá sé maith go leor domhsa. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 440 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 20, 2007 - 06:27 am: |
|
An amhlaidh go ndeirtear state service i mBéarla na hÉireann? Dá mba mise a bhí "dáiríre faoin nGaeilge", is ar an leagan úd seirbhís sibhialta a bhfearfainn cath. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5987 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 20, 2007 - 08:32 am: |
|
quote:leagan úd seirbhís sibhialta a bhfearfainn cath. Agus is léir gur fearadh cath buach air. Níor chuala mise riamh é sula bhfuair mé san acht úd é. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 299 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, August 21, 2007 - 10:19 am: |
|
A Dhomhnaill I gColaiste Chiarain a bhi m'inion. "Ard na Mara" an ainm ata ar an B&B sin in aice leis an Colaiste, agus ta an Gaeilge ag muintir an ti. ta bron orm, ach nil an uimhir guthain agam |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1213 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 05:41 pm: |
|
Is réalt thú suaimhneas. Gheobhaidh mé féin an uimhir. Maith agat! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|