Paul (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 15, 2007 - 04:59 pm: |
|
Thar barr, cinnte, a Aonghuis. Go raibh maith agat. Maidir le ceol le liricí Gaeilge, chuaigh mé chuig ceolchoirm inné a thug John Spillane i Nua-Eabhrac, ag club iontach dar ainm The Living Room. Rinne John an-jab, agus bhain mé an-sup as. Is club measartha beag é... bhí sé lán go doras, ach ní dóigh liom go raibh níos mó ná caoga duine ann. Níor chan John ach amhrán Gaeilge amháin. Bhí sé ag caint faoin ndlúthdhiosca is nua agat, The Gaelic Hit Factory, agus dúirt sé linn go raibh cóipeanna le díol aige. Cheannaigh mé ceann tar éis an ceolchoirm, agus bhí comhrá Gaeilge an-ghasta againn. Dala an scéil, is maith liom a chuid cheoil, agus chan sé amhráin mar Dance of the Cherry Trees agus The Madwoman of Cork. Bhain na lucht éisteacha an-spraoi as an gceolchoirm, is rinne John athghairm amháin. Is oirfideach den chéad scoth é. Paul |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5965 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 15, 2007 - 05:14 pm: |
|
Is fíor dhuit. Tá an chuid is mó den CD san ar mo sheinnteoir MP3 agam. Tá cúpla rian nach bhfaighim aon blas orthu, ach is maith liom an chuid is mó acu. |