Author |
Message |
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 293 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, August 11, 2007 - 07:23 pm: |
|
Táim ag léamh cnuasach le Cathal Ó Searcaigh darbh ainm Mín a'Leá agus bhuel úsáideann sé briathra agus focail difriúla in ionad gnáthfhocail a úsáidtear go normálta , mo cheist mar sin an bhfuil sé i gceart a chuid focail a úsáid i mo Ghaelinn féinig? Mar shampla: Úsáideann sé "Tchím" in ionad Feicim... agus araile... Úsáideann sé "domh" in ionad "dom" ceapaimse.. an fuil sé sin i gceart é a úsáid? 'Fuil tuairim ag éinne? (Message edited by podsers on August 11, 2007) Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 418 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, August 12, 2007 - 02:38 am: |
|
Tá Gaeilge Uladh ag an Searcach. Bain úsáid as na focla sin más maith leat, ach ní thiúrfainn "Gaelinn" ar an toradh! I ndáiríre, braitheann sé ar an gcuspóir atá agat agus tú ag scríobh. Ní bhíonn muid ró-fhoirmeálta anseo, agus mar sin ní miste liom an corrfhocal chanúnach a ligint isteach, urú a dhéanamh i ndiaidh "sa" is araile. Dá mbeinn ag aistriú don rialtas nó rud eicínt mar sin, choinneoinn smacht níos doichte orm féin. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1819 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, August 12, 2007 - 03:20 am: |
|
Bheadh sé iontach aistíoch úsáid a bhaint as foclaí Ultacha i lár abairte i nGaeilg na Mumhan, le fírinne. Cha ndéanann mórán daoiní sin. Maidir le "tchí(o)m", tá sé cosúil go leor leis an leagan Mhuimhneach "cím" = feicim sa chaighdeán agus i gConamara. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 294 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, August 12, 2007 - 09:15 am: |
|
Tuigim... Cad faoi "domh"? Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 419 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, August 12, 2007 - 09:32 am: |
|
Deirtear "domh" i gCúige Uladh, "dhom" go hiondúil i gCúige Chonnacht, agus is dóigh liom go bhfuil "dom" ag na Muimhnigh. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 297 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 15, 2007 - 12:08 pm: |
|
Frásaí eile a úsáidtear go minic ná "ariamh" an gciallaíonn sé sin i nGaeilge rialta "riamh"? Frása eile ná "Mar Dhea" cad a chiallaíonn sé sin? Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 424 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, August 15, 2007 - 12:21 pm: |
|
Ciallaíonn. Tá "mar dhea" ar aon bhrí le "yeah, right" nó "as if" nó "so-called" i mBéarla Mheiriceá. Tugann sé le tuiscint nach ceart an iomarca creidiúna a thabhairt don fhocal nó don abairt a tháinig roimhe. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1830 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, August 15, 2007 - 01:34 pm: |
|
quote:"ariamh" an gciallaíonn sé sin i nGaeilge rialta "riamh"? "Ariamh" a bíos againn in Ultaibh an chuid is mó don am. Cad chuighe nach mbeadh "ariamh" rialta ??? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 298 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, August 16, 2007 - 06:31 pm: |
|
Frása eile daoibhse "beag nó mór" Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 299 Registered: 01-2006
| Posted on Sunday, August 19, 2007 - 04:46 pm: |
|
Éinne? Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 438 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, August 19, 2007 - 05:01 pm: |
|
There are two similar phrases: beag ná mór (used with a negative verb) = "at all", "in the slightest", etc. Níor thaitin sé beag ná mór leis. - He didn't like it one little bit. (You'll also see bán ná dearg used the same way.) a bheag nó a mhór (with a positive verb) = "more or less" Bhí ná tithe ar chomhairde, a bheag nó a mhór. - The houses were more or less the same height. I'd say it's a safe bet your phrase there is a variant of one of these two, but without context... Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 611 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, August 19, 2007 - 09:14 pm: |
|
A Abigail, Cad é mar déarfá "tá failte roimh chuile cheartú" as Béarla? Níl an fhocal, chuile, agam. Is ait an mac an saol.
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 439 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 20, 2007 - 12:00 am: |
|
chuile = gach uile Focal Chonamara atá ann. Níl sé mícheart de réir an Chaighdeáin, ach tá sé canúnach, díreach mar atá "achan" (= "gach aon") a bhíonn ag na hUltaigh. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 612 Registered: 09-2004
| Posted on Monday, August 20, 2007 - 08:34 am: |
|
Go raibh maith... Is ait an mac an saol.
|
|
Podsers
Member Username: Podsers
Post Number: 301 Registered: 01-2006
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 10:46 am: |
|
Go raibh maith agat a Abigail mo stór!:) Fáilte Roimh Cheartú
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 1012 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 10:58 am: |
|
Port Láirge & Ciarraí - cím; Múscraí - chím "D(h)om" in Munster, but with -sa it becomes "domhsa". éinne = aon duine; éinní = aon ní Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 450 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 11:19 am: |
|
Fáilte romhat, a chara na n-ae istigh... quote:"D(h)om" in Munster, but with -sa it becomes "domhsa". Dáiríre? Tá sé sin speisiúil! Léigh mé leabhar le déanaí ("Cúrsaí Thomáis" le hÉamonn Mac Giolla Iasachta) a raibh domh, dhom agus dom measctha le chéile ann. Botún údair nó eagarthóra faoi deara é sin, cheap mé, agus níor chaith mé an iomarca ama ag lorg patrúin ann. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Róman
Member Username: Róman
Post Number: 1016 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 03:58 pm: |
|
dom is used after a preceding consonant, dhom - after a vowel or -r. Thus: tabhair bainne dhom, but tabhair peann dom, or tabhair dhom [trom] é! So it is not chaotic - there is strict logic there. In connacht if I am not mistaken - it is permanently lenited. In Ulster - always non-lenited. Gaelainn na Mumhan abú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1856 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 04:03 pm: |
|
Tabhair domh is shortened to "taem", "taigheam" or "domh" in Donegal Irish. Domh 'n leabhar! [d̪ˠu͂-n λoːɾ] = give me the book! Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 451 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 04:54 pm: |
|
'Sea, thuig mé dom/dhom (fuair mé míniú air sin cheana féin ó chara liom a bhfuil an chanúint aige) ach ba dhíol iontais dom an leagan "domh" a fheiceáil i dtéacs deisceartach. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6039 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 04:59 pm: |
|
Is do "Domhsa" seachas "Domh" a bhí Róman ag tagairt. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 452 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, August 25, 2007 - 05:45 pm: |
|
Ní cuimhin liom anois an é "domh" nó "domhsa" a chonaic mé - ach bhainfeadh ceachtar acu an gheit chéanna asam, mar níor thuig mé go raibh ann don leagan sin sa Mumhan 'chor ar bith. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1859 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, August 26, 2007 - 03:34 am: |
|
Tá aithne agam ar amhráin as Cúige Mumhan, agus i gcionn acu cluintear an mhír "cha", agus sa chionn eile, an réamhfhocal "fá". Níl ’s agam arb as Mumhain iad nó as Ultaibh agus mar sin bheadh an t-amhránaí as Mumhain a’ ceol amhrán as Ultaibh. Cha dtuigeam... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6042 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 26, 2007 - 03:44 pm: |
|
Ní minic go athraítear amhrán ó chanúint go canúint. Nuair a bhí mé ag fiosrú gol vs caoineadh, labhair mé le fear as Conamara: dúirt sé go raibh "gol" cloiste aige - ach in amhráin, agus gurbh as an Mumhan ó thús dos na hamhráin sin. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1863 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, August 26, 2007 - 05:32 pm: |
|
Gabhaigí mo leithscéal, rinn mé meancóg: scríobh mé "tá aithne agam ar amhrán", nuair ba chóir "tá ’s agam amhrán..." nó "tá eolas agam ar amhrán...". Brón orm. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|