http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=2218&viewby=date quote:Ba í aidhm na sraithe daoine a mbeadh deacracht acu, nó nach mbeadh an t-am acu, úrscéal fada a léamh, a mhealladh chun ceann gearr a léamh. Ar na húdair a scríobh don tsraith bhí Roddy Doyle, Julie Parsons, Vincent Banville, Deirdre Purcell, John Connolly, Marion Keyes, Maeve Binchey agus Patricia Scanlan.
Ag tús na bliana seo chuaigh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhair le New Island chun leagan Gaeilge de na húrscéalta gearra leis na húdair thuasluaite a fhoilsiú.
ach is fíor di san méid seo ach go hairithe:
quote:Diomaite ceann amháin acu baineann na leabhair sa tsraith seo le saol na linne seo, le spórt, le coiriúlacht, le fadhbanna pósta, le caimiléireacht, le dífhostaíocht, téamaí a bhfuil go leor scríbhneoirí Gaeilge tar éis plé leo ina saothar. Is mór an trua nach ndeachthas i gcomhar leo chun úrscéalta gearra a chur ar fáil don tsraith.
Léiríonn an neamhaird ar na scríbhneoirí Gaeilge easpa muiníne ina bhfuil ar siúl acu agus tugann sé drochshampla do na daoine óga atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge.