An méid seo ó léirmheas:
quote:"The words and phrases of Ireland are as woven into the clamour (glam mor, great howl, shout and roar) and racket (raic ard, loud melee) of American life as the hot jazz (teas, pron j'as, cd'as, heat, passion, excitement) of New Orleans."
Is cacamas an méid sin uilig, ar ndóigh. Is mór an trua é go bhfuil daoine ann -- Margaret Canning, an léirmheastóir, sa chás seo -- atá sásta leabhar mar sin a mholadh gan aon taighde a dhéanamh. Ba leor cuairt a thabhairt ar an bhfoclóir le fáil amach go dtáinig "clamor" isteach sa Bhéarla i ré an Mheán-Bhéarla ón bhFraincis, a fuair ón Laidin é ("clamor" < clamare).